Foras Feasa ar Éirinn
| Cineál | saothar scríofa |
|---|---|
| Cárta innéacs | |
| Údar | Seathrún Céitinn |
| Teanga | an Ghaeilge |
Is leabhar a mheascann an stair agus finscéalta é Foras Feasa ar Éirinn, an príomhshaothar a scríobh Seathrún Céitinn. Foilsíodh sa bhliain 1634 é agus scríobhadh é sa Nua-Ghaeilge Mhoch.


Ábhar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rianann Céitinn stair na hÉireann ó bhunú na cruinne go hIonradh na Normannach ar Éirinn sa 12ú haois agus bunaíodh ar thraidisiúin dúchais agus traidisiúin leathstairiúla é, ina measc stair shliocht Mhíl Espáine, filíocht stairiúil, annála agus taifeadtaí eaglasta.
Is bunchúrsa ar stair agus ar shaíocht na hÉireann é. Caitheann sé solais ar amanna anallód. Ba do mhuintir na séú haois déag a scríobhadh i dtús báire é. Ní féidir a mhaíomh gur téacs gan locht a chruthaigh an Céitinneach. Go dearbh thuig sé féin cuid de na laigí a bhí ann.
Macasamhlú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Níor tugadh cead an leabhar a fhoilsiú agus a scaipeadh i bhfoirm láimhscríbhinne de bharr go raibh argóintí ar son na gCaitliceach ann. Tá 140,000 focal ann, éacht nach beag ag scríbhneoir le linn an Cheitinnigh an líon focal ann. Leabhar mór-rachairte ba ea é in am nach mbíodh díol ach ar dhornán éigin.[1]
Tá sé seo ar cheann de na téacsanna is mó a cóipeáladh. Bhí an-éileamh ag na scríobhaithe ar an téacs áirithe seo. Is iomaí cóip a rinneadh de Foras Feasa ar Éirinn i gcaitheamh na mblianta mar gheall nár cuireadh leagan den leabhar i gcló go dtí tús an 20ú haois.
Cé go bhfuil go leor cóipeanna a rinne scríobhaithe ann, ach tá beagnach gach ceann acu i mbailiúcháin phoiblí. Má thógann tú Acadamh Ríoga na hÉireann amháin, tá timpeall seasca cóip de i lámhscríbhinní Gaeilge atá i seilbh leabharlann an Acadaimh. Léiríonn sé sin a thábhachtaí is a bhí an téacs do na scríobhaithe.[1]
Foinse staire
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ní féidir brath ar Foras Feasa ar Éirinn mar fhoinse staire ach go bhfuil luach leis an saothar mar gheall gurbh é an chéad iarracht a rinneadh stair na hÉireann a bhreacadh bunaithe ar bhunfhoinsí Gaeilge.
Is éard a bhí ann ná stair na hÉireann ó scoláire Gaeilge a raibh cur amach aige ar na bunfhoinsí Gaeilge. Bhí Céitinn den tuairim láidir gur thuig sé na foinsí Gaeilge agus gurbh fhéidir leis iad a léamh, agus dá bharr sin gurbh fhéidir brath ar an stair a bhí curtha le chéile aige. Chreid sé go daingean nach bhféadfaí muinín a chur in aon chuntas a bhí scríofa ag staraithe Shasana mar ní raibh acu ach an Béarla agus níorbh fhéidir leo, dá réir, bunfhoinsí Gaeilge a léamh a raibh eolas luachmhar iontu faoi stair na hÉireann.[1]
Ar athlámh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Díoladh cóip lámhscríofa de Foras Feasa ar Éirinn sa bhliain 2025 ar ceant i gCill Chainnigh ar €35,000. Idir €15,000-20,000 an praghas a raibh an ceantálaí Fonsie Mealy ag súil leis. Is iomaí cóip a rinneadh de Foras Feasa ar Éirinn i gcaitheamh na mblianta mar gheall nár cuireadh leagan den leabhar i gcló go dtí tús an 20ú haois. Tras-scríobhadh an chóip seo den leabhar de láimh don pholaiteoir Edward Denny as Ciarraí.[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 Maitiú Ó Coimín (18 Meán Fómhair 2025). "Cóip de ‘Foras Feasa ar Éirinn’ le cur ar ceant ar €20,000" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-09-18.
- ↑ "Cóip lámhscríofa de Foras Feasa ar Éirinn díolta ar €35,000" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-10-01). Dáta rochtana: 2025-10-01.