Jump to content

Éadaoin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarÉadaoin

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálpearsa fhinscéalach Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnebaineann Cuir in eagar ar Wikidata

Sa Rúraíocht, ba í Éadaoin (Sean-Ghaeilge Étaín) banlaoch an scéil Tochmharc Éadaoine, ar cheann de na scéalta is sine agus is saibhre atá ann i Miotaseolaíocht na nGael. Faightear chomh maith í sa scéal Meán-Ghaeilge Togail Bruidne Dá Derga. D'aithin T. F. O'Rahilly í mar bhandia na gréine.

Tá an t-ainm Étaín fréamhaithe le foirm dhíspeagadh na Sean-Ghaeilge ét (éad).[1] Tá aithne uirthi scaití faoin mbuafhocal Echraide (marcach capaill), a thugann le fios go bhfuil sí gaolta le déithe na gcapall, agus pearsana amhail Rhiannon na mBreatnach agus Epona na nGallach.[2] Sa scéal Tochmharc Éadaoine, tugann Midhir Bé Find (Fionnbhean) mar ainm uirthi, ach is amhlaidh go bhfuil an dán ina bhfuil an maíomh seo le fáil sa téacs, níos sine agus gan bhaint leis, a cuireadh leis an scéal níos déanaí.[3]

Sa scéal Tochmarc Étaíne, ba iníon Ailill, rí na nUladh, í Éadaoin.

I dToghail Brú Dá Dearga, ámh, ba iníon Éadair í, agus phós sí an t-ardrí, Eochaid Feidlech. Bhí iníon acu, darbh ainm Éadaoin Óg, a phós Cormac, rí na nUladh. Rugadh iníon di, Meas Buachalla, ach mac ar bith. Thréig Cormac Meas Buachalla, ach d'aimsigh tréadaí í agus thóg seisean agus a bhean chéile í. Agus í fásta, phós sí an t-Ard Rí Eterscél Mór agus d'éirigh sí ina máthair Chonaire Mhóir. Sna dréachtaí ginealaigh, deirtear gurbh í bean chéile flaith na nUladh, Cormac Cond Longas.

Tochmharc Éadaoine

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a thit Midhir na dTuath Dé Danann í ngrá le hÉadaoin agus a phós í, d'éirigh éad ar a chéadbhean diúltaithe Fuamnach and casts a sraith draíochta uirthi. Ar dtús, d'athraigh Fuamnach Éadaoin ina riocht linn uisce, ansin ina péist (nó nathair i leaganacha áirithe), agus ansin ina féileacán álainn (nó snáthaid mhór). Níor aithin Midhir gurbh í Éadaoin an féileacán, ach in ainneoin sin, d'éirigh sí ina a dhlúthchara, agus ní raibh suim aigesean i mnáibh. Mhúscail Fuamnach ámh gaoth mhór a shéid an féileacán chun siúil agus níor thug sí cead dó tuirlingt ach ar charraigeacha na mara ar feadh seacht mbliana.

Tar éis tamaill, thuirling an féileacán ar éadaí Aonghais. D'aithin sé gurbh Éadaoin a bhí ann, ach bhí hear i mbun cogaidh le Midhir agus dá bharr níor chuir sé ar ais chuige í. Rinne sé grianán beag agus fuinneoga an di, agus d'iompair é leis gach áit. Ach chuala Fuamnach an scéal agus mhúscail gaoth mór eile a shéid Éadaoin uaidh ar feadh seacht mbliana ar leith. I ndeireadh na dála, i ré Chonchúir mhic Neasa, thit an féileacán i gloine fíona a bhí á ól ag bean chéile gaiscíoch na nUladh, Éadar. D'éirigh an bhean torrach agus athrugadh Éadaoin, dhá bhliain déag is míle tar éis a céad breithe.[4]

Togail Bruidne Dá Derga

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Agus í fásta, phós Éadaoin Ard-Rí na hÉireann, Eochaidh Aireamh. Insítear conas a chas siad ar a chéile sa chéad sraith de Togail Bruidne Dá Derga.[5]

Thit deartháir Eochaidhe, Ailill Angubae, i ngrá léi, agus thosaigh sé ag meath dá bharr. Faoi dheireadh, d'inis sé d'Éadaoin go raibh sé ag fáil bháis ar a son, agus gheall sí go rachadh sí a chodladh leis chun a bheo a shábháil. Shocraigh siad go mbuailfidís le chéile, ach chuir Midhir i gcodladh draíochta é agus chaill sé an cruinniú. Bhuail Éadaoin le fear ann ámh, a raibh cuma agus glór Ailille aige, ach níor luigh sí leis, ag aireachtáil nach Ailill féin a bhí sé. Tharla é seo faoi thrí, agus lig an fear Midhir aithne di gurbh é. D'inis sé di scéal a saoil agus í ina bhean chéile, ach dhiúltaigh sé dul leis gan cead óna fear céile an linn úd. Tháinig sí chuig Ailill ar ais agus é leigheasaithe.

Chuaigh Midhir ina fhíor-riocht chuig Eochaidh agus mhol sé ficheall a imirt. D'fhógair sé geall de chaoga chapall, ach chaill sé agus thug na capaill go hEochaidh mar a gealladh. Thug Midhir a dhúshlán ar thuilleadh cluiche, ar gheallta níos mó, agus lean sé air ag cailleadh. Thug a athair altrama rabhadh d'Eochaidh, gur dhuine acmhainne móire é Midhir, agus chuir sé ag obair é ar shraith tascanna, ina measc an clochán thar Móin Lámhrí a leagadh, a rinne sé go drogallach.

Sa deireadh thiar, thug Midhir dúshlán d'Eochaidh, cluiche deireanach fichille a imirt, an geall le rá ag an buaiteoir. Bhuaigh Midhir an babhta seo, agus d'éalaigh sé póg is barróg a bhreith ar Éadaoin. Ghéill Eochaidh dó, ach dá rachadh Midhir ar ais an mhí dár gcionn. Tháinig Midhir ar ais tar éis an ama agus rug barróg ar Éadaoin. Iompraíodh iad ina riocht ealaí agus d'eitil siad leo.

Ar lorg Mhidhire, thosaigh Eochaidh agus a chuid fear ag tochailt ag a sidhe ag Brí Léith. Tháinig Midhir amach agus dúirt ar le hEochaidh go dtugadh sé a bhean chéile ar ais dó ar an lá dár gcionn. Ach ag an am úd, tháinig caoga bean amach agus cuma Éadaoine ar chách. Dúirt seanchailleach le hEochaidh a bhean a roghnú, dá mba fhéidir leis. Roghnaigh sé ceann dóibh, ach nochtaigh Midhir níos déanaí gurbh iníon Éadaoine a bhí sí, agus Eochaidh féin an t-athair. Bhí Eochaidh trí na céile toisc gur luigh sé leis an gcailín, a iníon féin, idir an dá linn, agus bhí sise torrach anois. Rugadh cailín di, agus thréig Eochaidh í, ach d'aimsigh tréadaí í, agus thóg seisean agus a bhean chéile í.

Tá dhá dhán ann sa Dinnseanchas maidir le hÉadaoin. Sa dán faoi Ráth Easa, insítear conas ar éirigh le hEochaidh Aireamh, Étaín a fháil ar ais. Sa dá faoi Ráth Cruachan, luaitear fuadach Éadaoine ag Midhir.

Sa lámhscríbhinn na Meán-Ghaeilge Togail Bruidne Dá Derga (Athleagan II), faightear cur síos sách fada, ornáideach fúithi sa tsraith inár bhuail sí le hEochaidh Aireamh i mBrí Léith.

[...] con-accai in mnaí for ur in tobair & cír chuirrél argit co n-ecor de ór acthe oc folcud a l-luing argit & ceithri h-eóin óir furri & gleorgemai beccai di charrmogul chorcrai h-i forfleascuib na luingi. Brat cas corcra fo loí chaín aicthe. Dúalldai airgdidi ecoirside de ór oibinniu isin bratt. Léne lebur-chulpatach isí chotutlemon dei sítiu úainide fo derginliud óir impi. Túagmíla ingantai di ór & airget fora bruindi & a formnaib & a gúallib isind léne di cach leith. Taitned fria in grían co m-ba forderg dona feraib tuídhleach ind óir frisin n-gréin asin títiu uainidi. Dá trilis n- órbuidi fora cind. Fige ceithri n-dúal ceachtar n-dé, & mell for rind cach dúail. Ba cosmail leó dath ind foiltsin fri barr n-ailestair h-i samrad nó fri dergór íar n-dénam a datha.[6]
[...] chonaic Eochaidh bean ag ur (bruach) an tobair. Bhí cíor airgid aici le hornú óir uirthi, agus bhí an bhean á folcadh ó long airgid agus ceithre éan óir uirthi, agus gealsheoid bheaga de charrmhogal corcra ar a fleasc. Bhí brat corcra de lomra catach álainn aici, dúnta le dealg airgid d'ór corntha. Bhí léine fhadchocaill aici de shíoda crua, bláith, uaine, bróidnithe le hór dearg, agus bhí dealga éachtacha ainmhithe d'ór agus airgead ag a brollach agus ar a guaillí. Agus an ghrian ag taitneamh uirthi, lonraigh an t-ór fíordhearg i gcoinne an tsíoda uaine. Bhí dhá thrilseáin órbhuí aici ar a cionn. Ba thrisleán é gach dual de cheithre coirnín le cruinnmheall ag a bun. Dúradh gur cosúil le feileastram faoi bhláth sa samhraidh a gruaig, nó ór dearg agus loinnir tagtha ann.[7]

Sa stíl lúcháireach céanna, díríonn an scéalaí isteach ar áilleacht a coirp:

Is and buí oc taithbiuch a fuilt dia folcud & a dá láim tria derc a sedlaig immach. Batar gilithir sneachta n-oenaichde na dí dóit & batar maethchóiri & batar dergithir sían slébe na dá grúad n-glanáilli. Batar duibithir druimne daeil na dá malaich. Batar inand & frais do némannaib a déta ina cind. Batar glasithir buga na dí súil. Batar dergithir partaing na beóil. Batar forarda míne maethgela na dá gúalaind. Batar gelglana sithfhota na méra. Batar fota na láma. Ba gilithir úan tuindi in taeb seng fota tláith mín maeth amal olaind. Batar teithbláithi sleamongeala na dí slíasait. Batar cruindbega caladgela na dí glún. Batar gerrgela indildírgi na dé lurgain. Batar coirdírgi íaráildi na dá sáil. Cid ríagail fo-certa forsna traigthib is ing má 'd-chotad égoir n-indib acht ci tórmaisead feóil ná fortche foraib. Solusruidiud inn éscae ina saeragaid. Urthócbáil úailli ina mínmailgib. Ruithen suirghe ceachtar a dá rígrosc. Tibri ániusa ceachtar a dá grúad, co n-amlud indtibsen do ballaib bithchorcra co n-deirgi fola laíg, & araill eile co solusgili sneachta. Bocmaerdachd banamail ina glór. Cém fosud n-inmálla acci. Tochim ríghnaidi lé. Ba sí trá as caemeam & as áildeam & as córam ad-connarcadar súili doíne de mnáib domain. Ba dóig leó bed a sídaib dí. Ba fria as-breth: cruth cách co h-Étaín. Caem cách co h-Étaín.[8]
Bhog sí a cuid gruaige chun í a folcadh, agus tháinig a lámha trí dhéirc a culaith amach. Chomh bán le sneachta aonoíche alt a lámh, agus chomh mín cothrom dearg le lus mór a dá ghrua glanáille. Chomh dubh le droim cíoróige a dá mhala. Fras néamhainn le chéile a chuid fiacla. Bú (butha) glas a súile. Ba dhearg-phairtiach a beola. Forard, mín, maothgheal a dá ghuaillí; fíorgheal bharrchaolaithe a méara; fada a lámha. Chomh bán le cúr na martra a taobh, seang, fada, tláith, mín, chomh maoth le holann. Ba bhláth, smooth, sleek, bán a dá sliasaid. Ba chruinnbheag, caladhgheal a dá ghlúin. Ba ghearrgheal, díreach a dá lurga. Ba choirdhíreach, álainn a dá sáil. Dá gcuirfí riail in aghaidh a cos, is ar éigean a gheofaí locht ar bith, seachas a líonmhaire feola nó craicinn. Solas luisniúil na gealaí ar a haghaidh uasal. Arduaisle ina málaí míne. Ruithne suirí ceachtar dá súile ríoga. Tibhrí (loigíní) áthais ceachtar dá gruanna, chomh dearg le fuil ghamhna agus solasgheal sneachta gach re ball (spota). Bogmhaorgacht bhanúil ina glór. Céim fhosadh an-mhánla aici. Céim ríoga léi. Ba bhean í trá is caoimhe agus is áille agus is córa a chonacthas ar dhomhan. Dúradh go raibh de shidhe í. Díreach fúithi: Cruthúil (dea-chumtha) cách go hÉadaoin. Caomh cách go hÉadaoin.[9]

Is amhlaidh go raibh ciall shamhaltach ag an Long Airgid agus ceithre éan óir ina timpeall. Thug Margaret Dobbs faoi ndeara cosúlacht an trí chorn a thairg Méabh do laochra na nUladh in Fleadh Bhricreann. I ngach corn, bhí éan níos luachmhara laistigh: sa chorn cré-umha, bhí éan fiondruine (cré-umha bán): sa chorn fiondruine, éan óir; agus sa chorn óir, éan cloch lómhar. Ina dteannta sin, dhírigh sí go raibh gaol ann le criadóireacht Hallstatt agus earraí cré-umha ó Lár na hEorpach, ar a cuireadh éin uisceacha ar chorn nó longa. D'fhéadfaí go ndearnadh seo go sonrach i gcomhthéacs deasghnáth reiligiúnach, nó go ginearálta le haghaidh idéanna reiligiúnacha. Mhol sí go gcaomhnaíonn an íomhá liteartha "cuimhneacháin adhradh tobair agus na ndeasghnáth a rinneadh ann le longa diaga maisithe le siombailí draíochta", is amhlaidh in éadan drochdhraíochta. Is dóigh gur tháinig a leithéid de nósanna reiligiúnacha agus soithí deasghnátha go hÉirinn idir 600 agus 300 RC, le linn ré inimirce.

I bhfianaise na n-ealaí agus a gcéille diaga i seanlitríocht na nGael, thug Dobbs faoi ndeara freisin baint an scéil le drochdhraíocht Fuamnaí, agus athrú Éadaoine agus Midhire i riocht ealaí.[10]

Príomhfhoinsí

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • TBDD II; aistr. J. Ganz, Early Irish Myths and Sagas. Harmondsworth, 1981, ll. 60–106.
  • Tochmarc Étaíne, eag. E. Ernst, "Tochmarc Étáine: 'Das Freien um Etain'." In Irische Texte mit Übersetzungen und Wörterbuch 1 (1891), ll. 113-33.
  • "Ráth Esa", eag. agus aistr. Edward J. Gwyn, The Metrical Dindshenchas. Vol 2. Dublin: DIAS, 1901. Edition and aistriúchán le fáil ar CELT.
  • "Ráth Crúachain", eag. agus aistr. Kershaw Chadwick, The Metrical Dindshenchas. Vol 3. Dublin: DIAS, 1901. 348ff. Eagrán agus aistriúchán le fáil ar CELT.
  • Charles-Edwards, T. M. "Tochmarc Étaíne: A Literal Interpretation." In Ogma: Essays in Celtic Studies in Honour of Próinséas Ní Chatháin, eag. Michael Richter agus Jean-Michel Picard. Baile Átha Cliath, 2002, ll. 165-81.
  • Dobbs, M.E. "The silver basin of Étaín." Zeitschrift für celtische Philologie 24 (1954): ll. 201–3.
  • Mac Cana, Proinsias (1989) "Notes on the Combination of Prose and Verse in Early Irish Narrative". In Tranter, Stephen Norman; agus Tristram, Hildegard L. C., Early Irish Literature: Media and Communication, ll. 125–148. Gunter Narr Verlag. ISBN 3-87808-391-2
  • MacKillop, James (1998). A Dictionary of Celtic Mythology. Londain: Oxford. ISBN 0-19-860967-1.
  • Sayers, William. "Early Irish Attitudes toward Hair and Beards, Baldness and Tonsure." Zeitschrift für celtische Philologie 44 (1991): ll. 154–89 :169.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Koch, John T. (eag.), Celtic Culture, ABC-CLIO, 2006, lch. 1675.
  2. MacKillop, lch. 195.
  3. Mac Cana, lch. 140.
  4. In Togail Bruidne Dá Derga the eternal rebirth of Éadaoin is suggested: "Then the king, even Eochaid Feidlech, dies, leaving one daughter named, like her mother, Éadaoin, and wedded to Cormac, king of Uladh."
  5. Le fáil ar Medieval Sourcebook Curtha i gcartlann 2014-08-14 ar an Wayback Machine.
  6. Knott (eag.), Togail, lch. 1.
  7. Gantz (aistr.), ll. 61–2 (ar ais go Gaeilge).
  8. Knott (eag.), Togail, ll. 1–2.
  9. Gantz (aistr.), ll. 62–3.
  10. Dobbs, "The silver basin." ll. 202–3.