Táin Bó Flidais

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Queen Medb, Myths & Legends of the Celtic Race, (1911) T.W.Rolleston

Is scéal de chuid na Rúraíochta é Táin Bó Fhliodhais (Sean-Ghaeilge Táin Bó Flidais), a bhfuil cáil air mar Táin Maigh Eo chomh maith. Is cuid de chnuasach scéalta Táin Bó é, agus an ceann is cáiliúla ná Táin Bó Cúailnge.

Caomhnaítear Táin Bó Fliodhais in dhá leagan: ceann gearr as ré na Sean-Ghaeilge, níos sine ná Cuailgne; agus leagan níos faide sa lámhscríbhinn Gleann Masáin na 15ú haoise, atá caomhnaithe inniu ag an Advocates Library i nDún Éideann. Creidtear gur cóip é de lámhscríbhinn nis luaite ón 12ú haois.[1][2][3] Is í banlaoch an scéil, Fliodhas a bhfuil sé ainmnithe as.

Insítear i bhFliodhais scéal chomh casta agus mionsonraithe is an táin níos cáiliúla, Cuailgne. Faightear ann roinnt mhaith de na pearsana is tábhachtaí i litríocht na nGael, amhail Méabh, Cú Chulainn agus an laoch mealltach, Fergus mac Róich.

Suíomh stairiúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is sa dara leath den Iarannaois (AD 50–500) agus go luath sa Mheánaois atá seanscéalta na hÉireann seo suite, am raibh an tír roinnte ina céadta nó fiú mílte tuath. Bhí the i réim sna tuatha, agus céimlathas eatarthu, suas go ceannairí na Cúigí, amhail banríon Méabh, na gConnacht. Ba iad dream na dtuath de ghnáth muintir an rí, i dteannta le páistí altrama ó thuatha eile, a tógadh le grá mar an gcéanna le clann an rí féin. Ba iad siúd baill an airm a throid na cathanna críche idir ríthe. Bhí idir fir agus mná sna hairm, ag troid taobh le taobh.

Bhí Dlíthe na mBreithiúna i réim agus thógadh rí ceann rí eile agus é cloíte aige, agus cuireadh ar taispeáint é mar chorn measúil. Rinneadh rudaí millteanacha do chorp an rí chlóite.

Ag an am seo in Éirinn, le teacht na Críostaíochta, thógtaí eaglaisí beaga, agus roinnt dóibh faoi cheannas aon mhanach amháin (agus thugtaí "Naomh" orthu de ghnáth). Mhair pobail na dtuath agus na Críostaíochta le taobh a chéile trasna na tíre, uaireanta go síochánta, uaireanta gan é. Go minic, ba léir go raibh sé buntáisteach do ríthe na dtuath bheith ina bpátrún a bpobail reiligiúnaigh áitiúil, óir gur thug sin gradam dóibh.

Is minic a thugadh pobal reiligiúnach áite éigin, ainm a bhunaitheora don bhaile fearainn, m.s. Cill Ghallagáin, nó Cill Chomáin. Na é seo ré órga ó thaobh lámhscríbhinní dathmhaisithe agus saothair cheardaíochta le fíolagrán óir agus airgid sna mainistreacha. Is féidir roinnt dóibh, amhail Cros ChongaCailís Ardach, a fheiceáil i músaeim na hÉireann sa lá atá inniu ann.

Dún Fhliodhais ag Ráth Muireagáin, ar chlé na gconc Loch na Ceathrún Móire
Dún Ráth Muireagáin in Iorras, Maigh Eo

Tá an seanscéal Táin Bó Flidhais suite in gCúige Chonnacht, in Éirinn na hIarannaoise. Ba ríchathaoir Mhéabha agus a fir chéile, Ailill mac Máta é Ráth Cruachan, in aice le Tulsc i gContae Ros Comáin, .

Insítear an scéal faoi tháin bó in aghaidh treibh na nGamhanradh a bhíodh ina gcónaí i gContae Mhaigh Eo, treibh a raibh ardmheas orthu i gChonnacht maraon le gaiscí na Craoibhe Rua na nUladh. Is í banlaoch an scéil ná Fliodhas Fholtchain, spéirbhean álainn, Artemis na gCeilteach, a bhí pósta le Oilill Fionn, rí treibh na nGamhanradh agus mac taoisigh chumhachtaigh darbh ainm Domhnall Dualbhuidhe, agus cónaí air i nGleann Chaisil i nIorras agus geataí An Mhuirthid faoi cheannas aige. Bhí dhá dhún ag Fliodhas agus Oilill i gcontae Mhaigh Eo, ceann ag Ráth Muireagáin darbh ainm Dún Fhliodhais, lonnaithe ó thaobh dheas de Loch na Ceathrún Móire i nIorras; agus ceann eile ó thaobh thiar de Loch Con in aice le Néifinn, darbh ainm Dún Átha Féan.

Príomhscéal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí bó bhán finscéalach ag Fliodhais agus Oilill, darbh ainm Maol, a raibh cáil aici as ucht an ollmhéid bainne a thug sí gach lá ag aon chrú amháin chun 300 fear, agus a mná agus a bpáistí, a shásamh. Bhí acu chomh maith go leor tréada ollmhóra bólachta agus fia.

Bhí ceathrar iníonacha ag Fliodhas agus Oilill, agus deirtear go raibh duine daoibh leannán adhaltrach an laoich, Cú Chulainn. Bhí clú bainte amach ag Fliodhas féin as ucht a méine craosaí chollaí, agus shantaigh sí laoch na nUladh Fergus mac Róich, a bhí ar deoraíocht ag Ráth Cruachan, an ráth ríoga de Mhéabh agus Ailill Mac Máta i gContae Ros Comáin.

Fear dóighiúil an ea Fearghas agus ar iompú boise thit Méabh i saint lena haoi scaoilte. Bhreathnaigh Ailill an mhídhílseacht laethúil, agus oíche amháin faoi dhíoltas éadmhar, ghoid sé claíomh draíochta Fhearghasa óna thruaill agus chuir macasamhail adhmaid ina ionad.

Feall Bhricreann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhíodh i gcónaí ag Cruachan an-chuid aíonna de dháil éagsúla ar chúis amháin nó ar chúis eile. I dteannta le Fearghas, bhí Bricre Nimhtheanga mar aoi ann, faoina dúradh go raibh sé "lúcháireach faoi éagóir oiread agus aoir".[4] B'eisean an té a spreag an cath darb ainm in am trátha Táin Bó Fliodhais.

Bhí bó luachmhar Fliodhais, Maol, loctha aici i nDún Fliodhais ag Loch na Ceathrún Móire, Ráth Muireagáin in Iorras. Bhíodh sí go minic ina cónaí ann agus a fear céile ag an ndún ag Loch Conn. Bhí tréada ollmhóra bólachta acu i ngach áit, rud a chur in iúl gurbh an-tsaibhir a bhí siad, óir gurbh comhartha suntasach é a leithéid i saol eacnamaíochta na tréimhse.

Shocraigh Bricre dul go dtí Dún Fliodhais ag Ráth Muireagáin, agus é ar intinn aige aighneas a chothú. Cuireadh fáilte dheabhéasach roimhe, mar ba tuillte dó agus é teachta na banríona. Rinne Fliodhas an dún dea-chumhraithe agus maisithe le drualas agus luibheanna, agus sholáthraigh Fliodhas agus a lucht coimhdeachta, gléasta go péacach, fleá agus féasta dó.

Níos déanaí san oíche, chuaigh cách a chodladh ach amháin Fliodhas agus Bricre. Chan sé di:

From Cruachain, we have come
To Iorras in the west of Elga.
In every Dún we passed, we heard
Of Fliodhais and her cow,
Fliodhais the lady of Oilill,
Dear to me the name of the spouse,
Domhnall Dualbhuidhe's warrior son,
Bounteous the lady who will not forsake me
When we came out of Eamhain
Our quarrel left no slight track
The cause of Fergus whose exploits are many
Brought us in numbers to Cruachain[5]

D'fhiafraigh Fliodhas de Bhricre cur síos a dhéanamh ar Fhearghas Mac Róich di. Tháinig sé i dtír uirthi, óir gurbh a fhios dó an spéis agus drúis a bhí ag Fliodhas do Fhearghas, le tamall fada anuas ó bhí Fearghas ina rí na nUladh. D'inis Bricre na scéalta faoi gnaíúlacht Fhearghasa, ach freisin a rá nach raibh a leithéid d'fhear ann mar Oilill, fear céile Fliodhais.

An maidin dár gcionn, chuaigh Bricne feallaire ar ais go Cruachan agus dúirt le Méabh go raibh dún Fhliodhais an ceann ab iontaí a chonaic sé riamh. Chuala Fearghas é seo agus shantaigh sé, rud a chuir éad ar Mhéabh.[6]

Drúis Fhearghasa[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne Fearghas cinneadh nach mór do buaileadh le Fliodhas, an bhean iontach seo a raibh cáil aici mar ghaiscíoch collaí maraon leis féin. Chuala Oilill faoi Fhearghas agus a chuid drúise dá bhean chéile. Nuair a bhuail siad a chéile, tharla achrann teasaí eatarthu, agus d'iarrann Oilill go neamhbhalbh ar Fhearghas an raibh sé ag teacht chun a bhean a ghoid. D'admhaigh Fearghas gurbh é seo a raibh ar intinn aige.[7]

Cathanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tugann siad dúshláin a chéile chun an fhadhb a réiteach. I dtosach báire, téann siad i gcomhrac aonair, agus ansin tagann a gcomrádaí chun troid. Ritheann fuil agus maraítear níos mó ná míle fear. Tarraingíonn Fergus amach a chlaíomh draíochta, ach ní raibh ann ach an mhacasamhail adhmaid a chuir Ailill (fear céile Mhéabha) ann é, gan draíocht ar bith. Buann arm Oilill, gabhann na Gamhanraidh Fearghas agus coimeádtar é sna ceallaí i nDún Fhliodhais. Filleann a armsa atá fágtha ar ais go Ráth Cruachan, cáidheach agus traochta.

Agus fearg uirthi go dté a leannán óg le Fliodhais, cruinníonn Méabh arm dá treibh, dá teaghlach agus lucht tacaíochta. Imíonn siad leo ar an ruathar foghlach go Iorras, a bhainfeadh clú amach darbh ainm Táin Bó Fhliodhais.

Tagann siad i ngiorracht ó dheas, ag cloí gach treibh ar an slí, agus conair fhola ina ndiaidh. Maraítear ámh iníon Mhéabha, Red Cainner, le sleá nuair a sheachain Méabh féin an t-urchar. Tugann seo an-bhrón agus aiféala di, agus caoineann sí:

Bainigí uaigh Cainner a maraíodh, ina luí ar an tuama,
Chaith Fermenn, mac Dara Dearg, urchar an tsleá, a mharaigh í.
Red Cainner, iníon Ailille agus Méabha.
Sise atá thíos ag an tuama scátha.
Seoid laochra Enian.
Bean chéile Lughaidhe Mhic Conroc.
Le linn seacht lá gairid aoibhnis agus chalmachta.
Tógaigí a gallán thar a leac uaighe.
Bainigí a huaigh[8]

Tar éis an adhlacaidh, leanann an t-arm ar aghaidh agus sroicheann sé Loch na Ceathrún Móire agus an dún ag Ráth Muireagáin.

Tá Oilill agus Fliodhas beirt ag feithimh ag an ndún le teacht arm Mhéabha. Bhí Fearghas Mac Róich gafa mar chime, ceangailte agus curtha ar taispeáint do Mhéabh coipthe grá-ainnis.

Tugann Oilill faoi deara go bhfuil arm Mhéabha ar gach taobh ina thimpeall. Glaonn sé ar a lucht tacaíochta de chlann Gamhanraidh troid leis in éadan an airm.

Feall Fhearghasa agus Fhliodhais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Méabh agus an Draoi

Agus í gléasta go hiontach mín breá ríoga, déanann Méabh mar thairiscint do cheannairí arm Oilille, ríogacht na nGamhanradh agus buancheathrúna ag Ráth Cruachan, má throideann siad ar a son. Glacann cách leis na na breabanna agus tréigeann siad Oilill.

Tarlaíonn ansin comhraic aonair idir gaiscí Mhéabha agus na nGamhanradh. In ainneoin a gcailliúintí, buann gaiscí Iorrais an chuid is mó de na comhraic, agus tá Méabh croíbhriste arís eile nuair a fhaigheann triúr páistí altrama dá cuid bás.

Téann Oilill agus a theaghlach go léir, ach amháin Fliodhas, suas ar na múir cosanta ag Ráth Muireagáin ag faire ar an scéal thíos, ag fágáil Fearghais agus na bpríosúnach eile ina n-aonair le Fliodhas. I rith an ama seo, beartaíonn Fearghas agus Fliodhas le chéile. ar feillseift ionas go mbeidís le chéile. Agus Oilill ar ais, caochann Fliodhas le hól é, go dtí go bhfuil sé ar gach bealach ar meisce. Titeann sé gan aithne dá bharr, agus tugann Fliodhas teachtaireacht d'arm Mhéabha, an dún a ionsú. Níl Oilill in ann an dún a chosaint agus scaoiltear saor na cimí.

Agus Fearghas saor, socraíonn sé díoltas a bhaint as Oilill ar son a dhrochíde. Leanann cath fuilteach, agus tá ar Oilill agus a ghaiscí cúlú taobh thiar de dhún Rátha Muireagáin. Níl anois ach seachtar is nócha ina arm Gamhanradh.

Cealg Chiortáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le héirí na gréine, chruinnigh saighdiúirí na nGamhanradh arís agus shocraigh siad teitheadh leo chuig Trá Chiortáin, ar bhruach thoir de Chuan Chnocán na Líne i gCill Chomáin. Gheall taoiseach na háite, Ciortán as Gleann an Ghad, d'Oilill go mbeadh a long is tapúla fáil réidh aige chun é a thógaint as baol na n-ionsaitheoirí.

Tháinig gaiscí Mhéabha ar Dhún Fhliodhais tréigthe, agus chuaigh siad ar tóir a naimhde siar bruacha up Loch na Ceathrún Móire go dtí An tInbhear, agus chonaic long Chiortáin faoi réir. Nuair a chonaic Ciortán iad ag teacht, d'ardaigh a chuid seolta agus amach leis as an gcuan, ag fágaint Oilill ar an trá fholamh. Bhí sé dearmadta ag Oilill go raibh olc fós ag Ciortán dó, agus a bhean chéile meallta aige roinnt ama roimhe sin. Thóg Oilill ar buille cloch mhór agus caith le hurchar crann tabhaill i dtreo linbh Chiortáin. Bhuail sé Ciortán tríd a mhuineál leis an oiread sin nirt gur baineadh a cheann de, agus chuaigh an long go tóin poill ag Cnocán na Líne. Ó shin i leith, tugtar Trá Chiortáin ar an mbá idir Barr na Trá agus An tInbhear.

Anbhás Oilill[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rug arm na banríona ar Oilill ag Log na Fola[9], mar a ceiliúradh sa rann a leanas:

May you have wet arses
Munster scum, evil rogues,
Without benefit of sun,
Or bee or flower,
In a lonely hollow,
Without cerements in misery,
May the hordes of hell follow you
Round and round forever and forever[10]

Tuairiscíodh go bhfuair Oilill bás mar a oireadh dó. Bhain Fearghas ag buach a cheann de, sháigh ar gha é agus thug ar ais go Ráth Muireagáin le cur le fios d'Fhliodhas gur bhean saor a bhí sí. Ní raibh tógáil a cinn aici le ciontach ámh nuair a bhreathnaigh sí ar shúile neamhchaochta uilefheasacha Oilill, agus bhí scáth uirthi ar a tharla dá fhear chéile. Bhris a gol uirthi agus d'éalaigh sí go dtabharfaí abhaile a chorp. Agus é faighte ar ais agus feicthe ag Fliodhas, gearrtha ó bhonn go baithis agus clúdaithe le fuil, tháinig aithreachas an domhain uirthi agus d'inis sí arís gach gníomh fiúntach aige agus é beo.

De réir traidisiúin, cuireadh Oilill taobh thuaidh d'Inbhear i dtuaim nach bhfuil ainm uirthi inniu ach 'cnocán'.

Díoltas Mhéabha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhain arm Mhéabha díoltas as bás cuid dá páistí, ag déanamh slada ar Ráth Muireagáin. Agus an dún scriosta, chuaigh an t-arm ar ais go Cruachain.

Domhnall, in his fort at Glencastle, was devastated to hear of the death of his son.

Maol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thóg Fearghas leis agus Fliodhas agus a tarbh, Maol, óna Dún agus aon rud luachmhar eile, ina measc a cuid tréada bólachta agus fia.

Rinne Fearghas iarracht bó Fhliodhais, Maol, a chur chun éirí agus siúl, ach dhiúltaigh sí. Chreid a chomrádaí go raibh grá croí ar an mbó de dheasca bás a mháistir. Bhris a fhoighne ar Fhearghas ansin agus thug sé broideadh do Mhaol lena chlaíomh. Dhiúltaigh sí fós éirí, agus dá bharr bhuail sé go rithimeach í faoi naoi thart ar a droim. Agus í ag géimneach agus ag búireadh chomh glórach sin, chualathas í agus a céasta ar fud an cheantair, ach dhiúltaigh sí fós éirí. Tháinig Bricre ansin agus dúirt gurbh fhéidir leis an bhó a chur ina seasamh, má thugadh dó a dhóthain deontas agus tabhartas ar son an ghair sin. Ghlac Fearghas leis seo agus d'éirigh Maol agus thug na tréid léi amach ó Iorras ar an turas fada i dtreo Chruachan.

Ionsaí na gCon Faoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'imigh arm Mhéabha leis i dtreo Bharr Rúscaí, ach cuireadh a sáith iontais orthu nuair a d'ionsaigh buíonta beaga na nGamhanradh iad ah léimt amach ó gach cúinne ar an slí. B'iomaí sin ionsaitheoirí ann gur éirigh cath dearg arís ar chnoic Ghleann na Muaidhe. Rinne na Gamhanraidh dochloíte carnán gránna de chinn na ngaiscí.

Tháinig arís ansin Domhnall ó Ghleann Chaisil with am bhfód, le harm nua agus cúnna faoil ina theannta. Scaoil a láimhseálaithe na cúnna, agus stróic siad arm Mhéabha as a chéile. Ansin tháinig Fearghas i gcomhrac aonair le Domhnall Duabhuidhe agus mharaigh sé Domhnall lena chlaíomh.

Tar éis bás a sheanathar, d'éirigh Muireadhach (aitheanta mar Mhuireadhach Stadaire) ina cheannaire na nGamhanradh. Tháinig tuilleadh gaiscí chuige ó Cruach Phádraig chun tacú leis, agus lean siad orthu an t-ionsaí ar arm Mhéabha, go dtí gur tharrtháil sé Fliodhas agus Maol.

In ainneoin baoil an turais, tháinig Méabh, Ailill agus Fergus traochta i ndeireadh na dála ar ais go Ráth Cruachan.

I leaganacha áirithe, insítear gur phós Muireadhach Fliodhas, eile gur mhair sí a raibh fágtha di i ngan fhios don tsaol.

Táin Mhaigh Eo[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá aithne ar Táin Bó Flidhais chomh maith mar Táin Mhaigh Eo, agus tá go leor leaganacha áitiúla ann le mionsonraithe difriúla eatarthu.[11] Tá aithne ar Fhliodhas faoin ainm Muinchinn, agus is é Domhnall Dualbhuidhe as Gleann Chaisil leannán Fliodhais in ionad Oillile Fhionn, seachas athair a leannáin.

An Mhuinchinn, Iorras, Contae Mhaigh Eo

I leagan cáiliúil, gabhadh Dún Domhnall i nGleann Chaisil tar éis ionsaí gan fhios. Ghabh na hionsaitheoirí chomh maith Dún Chiortain agus Dún Chaochain, ar na príomhchinn tíre i bparóiste Chill Chomáin. Ag breathnú i gcéin uaithi, choinnigh Muinchinn súil ar cheannaire na n-ionsaitheoirí, Fearghas féin, agus bhí sí an-tógtha leis. Dúradh gurbh fhear chomh bhreá sin é Fearghas nárbh fhéidir bean ar bith féachaint air gan é a shantú. Mar dhia a bhí Fearghas, le taobh a fir chéile, agus a chorp cathmhillte.

D'agair Muinchinn sos cogaidh, agus thug Domhnall cuireadh dá namhaid, Fearghas, go Dún Dhomhnaill. An-leannán ab ea an slataire óg do Mhuinchinn, agus mar naonúr ban í dó féin. D'éirigh an drúis eatarthu ó ló go ló.

Bhí claíomh draíochta ag Domhnall a thug bandraoi dó, a choinnigh sé leis gach áit óir ba é a thug a neart dó. Oíche éigin, rinne Muinchinn agus Fearghas achainí de dhraíocht ar an mbandraoi. Thuig sise an teasghrá a bhí acu dá chéile, agus roinn sí rún dóibh conas an claíomh a bhaint de Dhomhnall. Le sin, croitheadh an gleann de phlimp thoirní agus bhí imní ar Mhuinchinn dá bharr.

Cúpla lá ina dhiaidh, bhí Fearghas ar tí an dún a fhágáil, agus d'ól é féin agus Domhnall go leor dí meisciúla. Thit a chodladh ar Dhomhnall agus d'fháisc Muinchinn a chlaíomh de le draíocht an bhandraoi. Thóg Fearghas am claíomh agus d'aon iarracht amháin bhain a cheann de Domhnall. Ar an maidin dár gcionn, cuireadh brat Fearghasa ar foluain thart Dhún Dhomhnaill. Bhí Fearghas agus Muinchinn le chéile as sin amach.

Lá éigin, chuireadh iarratas ar Fhearghas teacht ar ais go Ráth Cruachan. D'éiligh Muinchinn go rachadh sí leis. D' imigh siad leo ar each dubh agus é ag stealladh báistí. Shroich siad abha bheag a thagann leis joins An Abhainn Mhór[12] le chéile, a ritheann amach ó Loch na Ceathrún Móire agus tuile ann. Bhí imní ar Fhearghas go mbeadh Muinchinn chomh mhídhílis dó is a bhí sí lena hiarfhear céile, agus dá bharr, ag dul trasna na habhann, thug sé brú di agus thit sí sa tuile. She flailed wildly ach theip uirthi snámh chun sábháilteachta agus bádh sí. Tugadh An Muinchinn ar an abhainn as sin amach.[13]

I ndiaidh an fheallghnímh, lean Fearghas ar aghaidh leis, ach ag Barr Rúscaí (baile fearainn iargúlta ón aice le Gleann na Muaidhe in oirthear paróiste Chill Comáin i mBarúntacht Iorrais)... céard?

Lámhscríbninn Ghleann Masáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é an réamhscéal faoi anbhás mic Uisnigh an rud is suntasaí a chuireann Lámhscríbninn Ghleann Masáin leis an Táin seo.

Chuir Conchúr mac Neasa Fearghas mac Róigh go hAlbain chun mic Uisnigh, a bhí ann ar deoraíocht, a thabhairt ar ais, go dtuga siad cabhair do Chonchúr 'cúige Uladh a chosaint in éadan cúigí eile na tíre.' Bhí drochthaibhreamh ag Deirdre, bean chéile Naoise Mhic Uisnigh, go ndéanfaí feall orthu siúd. D'éiligh Fearghas nár bhaol dóibh. Bhí muinín ag Naoise i bhFearghas agus d'fhill mic of Uisnigh go hÉirinn. Tháinig siad go dún Bhorraigh, ach cuireadh Fearghas faoi gheis ann. ‘Tá féasta agam duit, a Fhearghais,’ arsa Borrach, ‘agus is í geis leat gan féasta a fhágaint go gcuire chun críche í.’ ‘Tá col déanta agat, a Bhorraigh,’ arsa Fearghas, ‘an gheis seo a chur fúm, óir gur chuir Conchúr iachall orm, mic Uisnigh a thabhairt go hEamhain ar an lá úd a thiocfaidís ar ais go hÉirinn.’ ‘Chuirim faoi gheis tú,’ arsa Borrach, ‘geis mar a fhulaingíonn fíorlaochra, nár éalaí tú mura itheann tú an béile.’

B'éigean d'Fhearghas dá bharr fanacht le Borrach, agus mar sin chuir sé a bheirt mhac ar aghaidh go hEamhain Mhacha le Naoise agus Deirdre. Bhí taibhreamh eile ag Deirdre ina chonaic sí a comrádaí, cinn bainte. Thug sí comhairle dóibh: ‘Téigh go Dún Dealgan áit a bhfuil Cú Chulainn, agus fan ann go dtagann Fearghas, nó téigh go hEamhain faoi chosaint Chú Chulainn.’ Mura dtéann, tarlóidh feall agus raic oraibh.' Ach tugadh neamhaird arís dá comhairle.

Fuair Naoise rabhadh ó fheighlí a óige, Leabharcham. ‘Ní maith díobh é, a leanaí dílse,’ ar sí, ‘go bhfuil sise (Deirdre) i dteannta libh a bhraith eisean (Conchúr) go smior agus í bainte de., anois agus sibhse faoina réim. Agus is chun cuairt a thabhairt oraibh a cuireadh mé chugaibh, agus chun a fhiosrú an bhfuil a háilleacht aici fós ag Deirdre. Agus is cúis bhróin dom é 'séard a dhéanfar anocht ag Eamhain, 'sé sin, go dtarlóidh feall agus cealg agus sárú gealltanais oraibh, a chairde dílse.'

Nuair a chuala Conchúr ó ghaisce eile gurbh álainn í Deirdre fós, throid sé in éadan na mac Uisnigh chun í a fháil ar ais. Chuaigh mic Fhearghasa i mbun comhraic took aghaidh a rí agus ar son onóir a n-athar, a thug geall Naoise agus Deirdre a chosaint. Maraíodh ámh Illann Finn mac Fhearghasa. Thréig Fearghas cúige Uladh agus chuaigh ar deoraíocht go Ráth Cruachan. As seo amach, leanann an scéal ar aghaidh amhail is na scéalta Gaeilge níos sine, thuas.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Dunford, S. Táin Bó Flidhais (2008), Baile Átha Cliath.
  2. jstor.org.
  3. westernpeople.ie Western People[nasc briste go buan]
  4. Dunford, Stephen, Táin Bó Flidhais: The Mayo Táin (2008), Baile Átha Cliath.
  5. Dunford, S. Táin Bó Flidhais.
  6. ancienttexts.org (Flidais).
  7. Dunford, Táin Bó Flidhais (2008).
  8. Dunford, S. Táin Bó Flidhais (2008).
  9. Log na Fola ar logainm.ie
  10. Nolan, Rita, Within the Mullet (1997) Longfort.
  11. encyclopedia.com (Flidais).
  12. An Abhainn Mhór ar logainm.ie
  13. An Muinchinn ar logainm.ie