Litríocht na Gaeilge

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Scríbhneoireacht de chuid an 8ú haois.

litríocht na Gaeilge á saothrú le míle go leith bliain. Ba í an Ghaeilge an teanga liteartha ba thábhachtaí in Éirinn anuas go dtí an 19ú haois, cé go raibh an teanga ag cúlú de réir a chéile ón 17ú haois amach. Tá daoine ag scríobh i nGaeilge ón 7ú haois amach agus ba ghearr gur tháinig bláthú suntasach ar an litríocht sin. De réir a chéile beartaíodh ‘Gaeilge na scol,’ canúint liteartha a bhí á úsáid in Albain agus in Éirinn araon anuas go dtí an 17ú haois. Bhí litríocht fhoirmiúil phoiblí ann agus saothair eile a bhí níos pearsanta, leithéidí na ndánta cúirtéiseacha grá. Tríd is tríd, cuireadh an treise ar an bhfilíocht seachas ar an bprós. San 18ú haois, tar éis imeacht na seanphátrún, bhí litríocht ghreanta ghalánta á cumadh fós, ach chuaigh cúrsaí litríochta i laige sa dara cuid den 19ú haois de réir mar a mheath an teanga. I ndeireadh na haoise sin, áfach, tháinig neart suntasach sa náisiúnachas cultúrtha agus Athbheochan na Gaeilge mar chomhartha air. Uaidh sin amach bhí litríocht nua-aoiseach á saothrú i nGaeilge, agus sa 20ú haois tháinig cuid den scríbhneoireacht is fearr in Éirinn ó lámh na scríbhneoirí Gaeilge.

Ón ré is luaithe anuas go dtí an Mheánaois: 500–1500[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá ceann de na litríochtaí iar-Chlasaiceacha is sine in Iarthar Eorpa ag an nGaeilge.[1]

Chuaigh na hÉireannaigh i mbun scríobh agus léamh na teanga san aibítir Rómhánach ar theacht na Críostaíochta sa 5ú haois, nuair a thug misinéirí an Laidin chun na hÉireann. Dá bhrí sin tháinig dream nua léannta ar an bhfód, idir thuataí agus chléir. Roimhe sin bhí feidhm á baint as an ogham le haghaidh inscríbhinní.[2][3]

Raiftearaí

Is éard atá sa chuid is luaithe de litríocht na Gaeilge scéalta atá bunaithe ar bhéaloideas ársa agus liricí. Cumadh an fhilíocht is luaithe sa 6ú haois agus thugann sé léargas ar an spioradáltacht nó ar an dúlra. Uaireanta scríobhadh í ar imeall lámhscríbhinní maisithe.

Lámhscríbhinn maisithe is ea Leabhar Ard Mhacha a scríobhadh sa 9th haois. I Laidin atá an chuid is mó di ach tá roinnt de na samplaí is sine den Sean-Ghaeilge le fáil ann freisin. Tá sí ar na lámhscríbhinní is luaithe de chuid na nInse a bhfuil cóip beagnach iomlán den Tiomna Nua ann. Ferdomnach Ard Macha (a d’éag in 845 nó 846) an scríobhaí a rinne í. Scríobh sé an chéad chuid den lámhscríbhinn in 807 or 808 do Thorbach, comharba Phádraig.

Tugann Annála Uladh cuntas ar na blianta idir 431 agus 1540. Bhreac Ruaidhrí Ó Luinín na hiontrálacha anuas go dtí an bhliain 1489 dá phátrún Cathal Óg Mac Maghnusa ar oileán i Loch Éirne. Scríobhadh scéalta na Rúraíochta sa 12ú haois agus cuireann siad síos ar laochra a bhain le hoirthear Chúige Uladh agus tuaisceart Chúige Laighean. Prós is mó atá ann agus sleachta filíochta tríd. Tá cuid den ábhar i Sean-Ghaeilge agus cuid eile i Meán-Ghaeilge. Baineann friotal na scéalta is luaithe leis an 8ú haois agus tá tagairt déanta do phearsana agus d’imeachtaí i ndánta a bhaineann leis an 7ú haois.[4]

Sna seanmhainistreacha dúchais a scríobhadh tromlach na lámhscríbhinní ón tréimhse ón 9ú go dtí an 12ú haois. Ón 13ú haois anuas go dtí an 17ú haois, áfach, bhí na lámhscríbhinní á scríobh ag dream eile, baill de theaghlaigh mhóra liteartha, Clann Mhic Aodhagáin, Clann Mhic Fhir Bhisigh, Muintir Chléirigh, Muintir Dhálaigh, Muintir Dhuinnín, Clann Uí Mhaolchonaire agus eile. Ba faoi choimirce clann uaisle áirithe a shaothraigh formhór mór na dteaghlach seo.[5]

Tá an t-uafás filíochta ann a cumadh le linn na Meánaoise agus ina dhiaidh sin. Faoin 12ú haois bhí ceisteanna stíle, friotal agus foclóra socraithe, agus is beag athrú a tháinig ar an scéal idir é sin agus an 17ú haois.[6] Ba thábhachtaí an fhilíocht ná an prós mar mheán litríochta. Ba chanúint ghreanta fheidhmiúil í Gaeilge na scol agus meadarachtaí casta ag baint léi, agus múineadh í sna scoileanna léinn in Éirinn agus in Albain araon.[7] Staraithe, dlíodóirí agus filí a fáisceadh as na scoileanna, dream a bhíodh ag brath ar na huaisle mar phátrúin. Cumadh roinnt mhór véarsaíochta comhghnásaí a mhol nó a chaoin na pátrúin úd, ach cumadh roinnt filíochta den scoth freisin agus dánta pearsanta san áireamh. Bhí iomrá ar leith le Gofraidh Fionn Ó Dálaigh (sa 14ú haois), le Tadhg Óg Ó hUiginn (sa 15ú haois) agus le hEochaidh Ó hEoghusa (sa 16ú haois) agus bhaintí tairbhe as an bhfilíocht is fearr mar áis foghlama sna scoileanna. Bhí “leabhar” (bailiúchán mór lámhscríbhinní lán d’ábhar ginealach agus eile) ag gach teaghlach uasal.[8] Bhain na filí ba léannta leis an gcuid ab airde céim den phobal: b’fheidhmeannaigh chúirte iad ach síleadh go raibh cumhacht dhraíochtúil acu freisin.[9]

Bhí tábhacht leis an Dinnseanchas (Dindsenchas), dánta a thug cuntas ar logainmeacha na hÉireann agus a luaigh imeachtaí agus pearsana a bhain leis na háiteanna sin. Eolas é a bhí fite fuaite in oiliúint agus i saothar na bhfilí.

Dofaíd Medb, dofaíd a slúag,
is fata a ail, is cían
apraid in fail de sin,
rádid fír ocus fegaid.[10]
(D’imigh Méabh, d’imigh a slua; is ard a leac agus is cian; abair a bhfuil de thoradh air sin, inis an fhírinne agus féach.)

Ní raibh mná le fáil i measc na bhfilí ba léannta, ach bhí léamh agus scríobh ag roinnt ban uasal ar a laghad, agus tá dánta againn a scríobh cuid acu sa 16ú agus sa 17ú haois. Ar na filí sin tá Isibeul Ní Mhic Chailín (1499-?),[11] Brighid, iníon Éinrí Mhic Ghearailt (c. 1589-1682),[12], Fionnghuala, iníon Dhomhaill Uí Bhriain (c. 1577?),[13] agus Caitilín Dubh (fl. 1624-9).[14] D’fhéadfadh mná a bheith ina bpátrúin mhóra freisin, mar a bhí Mairgréag Ní Chearbhaill sa 15ú haois agus í molta ag na filí as a féile.[15]

Bhí an prós á shaothrú i gcónaí sa Meánaois. Tháinig scéalta nua isteach leis na Normannaigh sa 12ú haois agus d’fhág siad a rian ar an traidísiún dúchasach. Tamall ina dhiaidh sin bhí scéalta á n-aistriú ón mBéarla.[16]

Sraitheanna miotaseolaíochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá ceithre phríomhshraith miotaseolaíochta sa chuid is luaithe de litríocht na Gaeilge: na Scéalta Miotaseolaíochta, an Rúraíocht, an Fhiannaíocht agus Scéalaíocht na Ríthe. Tá baint ag an gcéad cheann leis na Tuatha Dé Danann. Is í an Rúraíocht an dara ceann agus cuntas inti ar eachtraí a bhaineann le Conchobar mac Nessa. Inti freisin atá Táin Bó Cúailnge. Baineann an tríú ceann le Fionn Mac Cumhaill, lena mhac Oisín agus lena gharmhac Oscar. Baineann an ceathrú ceann le ríthe na hÉireann, ó Labraid Loingsech (a deirtí go ndearnadh Ard-Rí na hÉireann de timpeall 431 BC) go dtí Brian Bóramha sa 11ú haois. Tá na scéalta seo breac le sleachta filíochta a shoiléiríonn buaicphointí na hinsinte. I leaganacha den chuid dhéanach den ré mheánaoiseach is mó atá na scéalta seo le fáil, ach is minic a scríobhadh sa Ghaeilge is ársa iad ar dtús agus a rian sin orthu fós, rud a shoiléiríonn saol na hÉireann roimh theacht na Críostaíochta.[17]

Litríocht Iar-Chlasaiceach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a briseadh ar na Gaeil i gCath Chionn tSáile, tháinig meath ar sheansaol agus sheanlitríocht na nGael. Tá cuid thábhachtach d'oidhreacht na nGael ar fáil dúinn fós mar gheall ar shaothair a cumadh sa 16ú céad, mar shampla "Annála Ríoghachta Éireann" a cumadh faoi stiúir Mhíchíl Uí Chléirigh (1575-1645) agus "Forus Feasa ar Éirinn" le Seathrúin Chéitinn.

Tháinig deireadh le scoileanna na mbard agus leis an seanfhilíocht, agus baineadh úsáid as méadraíocht na n-amhrán. Filí clúiteacha ba ea Seathrún Céitinn, Piaras Feiritéar (1600?–1653), Pádraigín Haicéad (1600-54), Dáibhí Ó Bruadair (1625-98) agus Aogán Ó Rathaille (1670-1728).

An 18ú céad agus an 19ú céad[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé go raibh deireadh tagtha le ré na bpátrún, lean go leor daoine ar aghaidh ag cumadh saothar i nGaeilge, mar shampla Peadar Ó Doirnín (1704-68), Aindrias Mac Craith (1708-95), Donnchadh Ruadh Mac Con Mara (1715-1810), Eoghan Ruadh Ó Súilleabháin (1748-84), Eibhlín Dhubh Ní Chónaill (1748-1800), a chum Caoineadh Airt Uí Laoghaire, nuair a maraíodh Art, a fear céile, sa bhliain 1773, Brian Merriman (1747-1805), an file a chum Cúirt an Mheán Oíche, Antaine Ó Reachtabhra (1784-1835).

Litríocht na Nua-Ghaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh litríocht na Gaeilge ag forbairt as an nua, nuair a tháinig úrscéal an Athar Peadar Ua Laoghaire, Séadna, i gcló sa bhliain 1907, go gairid i ndiaidh do Dhubhghlas de hÍde a óráid mhór a thabhairt uaidh faoi chomh tábhachtach is a bhí sé an galldachas a ruaigeadh as Éirinn. Is fíor nach raibh i leabhar an Athar Peadar ach dornán scéalta ón mbéaloideas, agus iad ceangailte le chéile le scéal an ghréasaí Séadna féin, fear a dhíol a anam leis an diabhal agus ar diúltaíodh faoina ligean isteach in Ifreann chomh maith leis na Flaithis. Mar sin féin, bhí Gaeilge líofa nádúrtha ann, rud a thaitin go mór mór le lucht athbheochana na teangan. I ndiaidh Shéadna, aistriúcháin nó athinsintí ar scéalta clasaiceacha ba mhó a tháinig ó pheann an Athar Pheadair, leithéidí an leagain Ghaeilge a rinne sé de Don Quixote, agus dála go leor daoine aithnidiúla eile i saol na Gaeilge, scríobh sé dírbheathaisnéis freisin, Mo Scéal Féin, a áirítear ar bhunchlocha litríocht na Gaeilge chomh maith céanna.

Is mar réabhlóidí ba mhó a bhain Pádraig Mac Piarais amach a chlú iarbháis, ach is gá aird a tharraingt air gur scríbhneoir Gaeilge a bhí ann, leis. Scríobh sé roinnt gearrscéalta rómansúla, traigéideacha fiú, agus iad suite i saol na Gaeltachta. Is é "Eoghainín na nÉan" an ceann is mó a théann i bhfeidhm ar an léitheoir, go háirithe ar an léitheoir atá eolach ar chinniúint an scríbhneora.

Bhí Pádraic Ó Conaire ina státseirbhíseach sóisearach i Londain nuair a chuala sé iomrá ar athbheochan liteartha na Gaeilge. B'as Gaillimh dó, agus canúint an cheantair timpeall aige, siúd is gur féidir lorg Ghaeilge Chontae an Chláir a aithint ar a stíl fosta, canúint a chuaigh i léig idir an dá linn. Scríobh sé scéalta faoi imirce na nÉireannach go Sasana, faoin saol crua a bhí acu thall ansin, faoin bhfánaíocht agus faoi athbheochan an spioraid náisiúnta. B'é an t-úrscéal greanntragóideach úd "Deoraíocht" a mhórshaothar. Thairis sin, scríobh sé roinnt mhaith gearrscéalta agus altanna iriseoireachta.

Comhartha bóthair.

Is iad na dírbheathaisnéisí Gaeltachta a cuireadh i gcló idir an dá chogadh domhanda, áfach, na clasaicigh mhóra chomhaimseartha. An triúr is clúití acu, is iad An tOileánach le Tomás Ó Criomhthain, Peig - tuairisc a thug Peig Sayers ar imeachtaí a beatha féin, agus "Fiche Bliain ag Fás" le Muiris Ó Súilleabháin. B'as an mBlascaod Mór do na dírbheathaisnéisithe seo: seandaoine a bhí sa chéad dís acu, agus iad ag tabhairt cur síos ar a saol féin i nGaeilge ghlan an oileáin; ach fear óg a bhí i Muiris, agus súil eile ar fad aige ar na cineálacha imeachtaí a bhí ar siúl san áit. Thar aon rud eile, bhí na leabhair seo ceaptha le Gaeilge mhaith dhúchasach de chuid na sean-Ghaeltachta aonteangaí a scaipeadh i measc na scoláirí, ach is é an gnáthghearán inniu ná gur baineadh mí-úsáid pholaitiúil as na leabhair seo - Peig go háirithe - le coimeádachas cultúrtha agus reiligiúnda a chur chun cinn i measc na bpáistí, dála shíolteagasc na dtíortha ollsmachtúla.

Is deacair gan an cheist a chur, nárbh fhearr do na máistrí scoile an dírbheathaisnéis ó Ghaeltacht Chúige Uladh, Rotha Mór an tSaoil le Micí Mac Gabhann, a chur os comhair na ndaltaí in áit an triúr Blascaodach. Scéal is ea é gur beag duine nach gcuirfeadh sé spéis ann, nó bhí saol suimiúil ag Micí: chuaigh sé go Meiriceá le hór a bhaint as talamh sioctha Alasca in Klondyke, agus é ag saothrú luach a phasáiste ag rúpáil oibre anseo is ansiúd, aon áit a raibh na fostóirí sásta post a thabhairt d'Éireannach a bhí - mar a fheictear don léitheoir - dall go leor ar an mBéarla an chuid ba mhó den am.

Bhí muintir na gcúigí eile ag fáil deacair ciall a bhaint as an litríocht Mhuimhneach. Mar sin, bhí siad den tuairim gur chóir a gceart a bhaint amach do na canúintí eile sa litríocht. B'iad an bheirt deartháireacha ó na Rosa, Séamus Ó Grianna agus Seosamh Mac Grianna, na scríbhneoirí ba mhó ó Chúige Uladh. Bhí siad páirteach i gCogadh Saoirse na hÉireann agus i gCogadh Cathartha na hÉireann, agus chaith siad tamall i mbraighdeanas i ndiaidh an dá chogadh, ach bhain gach duine acu deireadh súile den náisiúnachas a fhad agus a bhí leas mhuintir na Gaeltachta i gceist. Tá an frustrachas le haithint ar go leor dár scríobh siad. Mar sin féin, bhí siad sách difriúil le chéile mar scríbhneoirí. Scríobhadh Seosamh, an duine ab óige acu, leabhair uaillmhianacha ardealaíonta, leithéidí an úrscéil An Druma Mór agus na dírbheathaisnéise Mo Bhealach Féin; ach sháraigh air mórán ratha a bhaint amach dó mar scríbhneoir. Tháinig críoch dheifnídeach lena chuid scríbhneoireachta nuair a cuireadh i dteach na ngealt é agus síocóis dhúlagrach ag luí ar a intinn. Maidir le Séamus, áfach, chaith sé a shaol ag scríobh leabhar i ndiaidh a chéile i stíl sheanaimseartha rómánsúil, go dtí gur éirigh sé as an nGaeilge ar fad roimh dheireadh a bheatha sna seascaidí. Le teann éadóchais i dtaobh thodhchaí na teanga, chuaigh sé leis an ngluaiseacht Language Freedom Movement, a bhí in aghaidh mhúineadh éigeantach na Gaeilge.

Fógra dátheangach i mBéarla agus Gaeilge

Is é Máirtín Ó Cadhain an scríbhneoir Gaeilge ba thábhachtaí san fhíchiú haois, áfach. Duine nua-aimseartha ar fad a bhí ann, fear a chuir spéis bheo bhíogúil i gcúrsaí a chomhaimsire sa bhaile is i gcéin, agus é ag baint úsáide as gach cineál cleasa nua ina chuid scríbhneoireachta leis an teanga agus an litríocht a thabhairt i gcrann. Scríobh sé roinnt mhaith gearrscéalta agus trí úrscéal nár tháinig ach an chéad cheann acu, Cré na Cille, amach lena shaol féin. Úrscéal atá ann a thugann cur síos criticiúil ar shaol na Gaeltachta ó bhéal na marbhán atá ag déanamh créafóige sa reilig - rud ba mhó a shamhlófaí le litríocht Mheiriceá Theas. Connachtach a bhí i Máirtín, agus é ag cloí le gramadach a chanúna féin, fiú i gcomhthéacsanna ar ghá, dar leat, caighdeánú níos déine ná sin a chur i bhfeidhm ar an teanga. Ní raibh drogall ar bith air roimh fhocail de chuid canúintí eile, ó Ghaeilge na hAlban, ón Nua-Ghaeilge Chlasaiceach agus ó bhéarlagair na dtéarmadóirí i mBaile Átha Cliath a ghlacadh isteach ina chuid Gaeilge de réir mar a theastódh uaidh.

Go háirithe i ndiaidh an dara cogadh domhanda, chuaigh scríbhneoirí neamh-Ghaeltachta i mbun pinn, daoine nár fhoghlaim an teanga ach ar scoil. Rinne cuid acu léirscrios ar an teanga leis na struchtúir amscaí Béarlachais a d'úsáididis ina gcuid scríbhneoireachta, ach ón taobh eile de, d'éirigh le cuid acu téamaí nua a thabhairt isteach i litríocht na teanga. Áirítear Diarmaid Ó Súilleabháin agus Eoghan Ó Tuairisc ar dhaoine de na scríbhneoirí is tábhachtaí acu siúd. Bhí Eoghan Ó Tuairisc ina dhealbhadóir agus ina ealaíontóir sula ndeachaigh sé leis an scríbhneoireacht. Scríobh sé na húrscéalta tábhachtacha stairiúla L'Attaque, faoi imeachtaí Bhliain na bhFrancach i gContae Mhaigh Eo, agus Dé Luain, faoi Éirí Amach na Cásca. Tá an leabhar seo scríofa de réir mar a chomhcheanglaítear na smaointí, seachas de réir mar a thiteann na himeachtaí amach. Scríobh Breandán Ó Doibhlin aistí agus úrscéalta uaillmhianacha nua-aimseartha, agus bhí Seán Ó Riordáin ar fhilí móra na tíre de réir gach caighdeán.

Scríbhneoirí Gaeilge lasmuigh d'Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá roinnt scríbhneoirí Gaeilge le fáil i dtíortha lasmuigh d’Éirinn. In Éirinn a rugadh a bhformhór ach tá údair ann a rugadh san Ísiltír (Alex Hijmans), i Meiriceá (Séamas Ó Neachtain), san Fhionnlainn (Panu Petteri Höglund) agus san Astráil (Colin Ryan). Tá úrscéalta, gearrscéalta agus filíocht foilsithe acu agus an Ghaeilge á húsáid acu mar theanga oibre, chruthaíochta agus chaidrimh seachas mar chomhartha féiniúlachta.[18]

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. The Indo-European Family of Languages
  2. Dillon agus Chadwick (1973), lgh 241–250
  3. Caerwyn Williams agus Ní Mhuiríosa (1979), lgh 54–72
  4. Garret Olmsted, "The Earliest Narrative Version of the Táin: Seventh-century poetic references to Táin bó Cúailnge", Emania 10, 1992, lgh 5–17
  5. Caerwyn Williams agus Ní Mhuiríosa (1979), lgh 102-3.
  6. Caerwyn Williams agus Ní Mhuiríosa (1979), lgh 147–156
  7. Féach réamhrá Knott (1981).
  8. Caerwyn Williams agus Ní Mhuiríosa (1979), lgh 150–194
  9. Tá cuntas ar an gcumhacht sin in Ó hÓgáin (1982) agus dlúthbhaint aici le taobh sóisialta agus liteartha na ceirde.
  10. Sliocht as ‘Fert Medba,’ Dindseanchas Aoi, Corpus of Electronic Texts:
  11. Uimh. 54 in Ó Rathile: “Mairg darab galar an grádh”.
  12. Ní Dhonnachadh, lgh 387-88,
  13. Ní Dhonnachadh, lch 395.
  14. Ní Dhonnachadh, lgh 399-403.
  15. Caerwyn Williams agus Ní Mhuiríosa (1979), lgh 165–6.
  16. Caerwyn Williams agus Ní Mhuiríosa (1979), lch 149.
  17. Dillon agus Chadwick (1973), lgh 298–333.
  18. [1] Máirín Nic Eoin, 'Interdisciplinary Perspectives on Transnational Irish-Language Writing'.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Caerwyn Williams, J.E. agus Ní Mhuiríosa, Máirín (1979). Traidisiún Liteartha na nGael. An Clóchomhar Tta. Baile Átha Cliath.
  • Corkery, Daniel (1925). The Hidden Ireland: A Study of Gaelic Munster in the Eighteenth Century. M.H. Son, Ltd. Dublin.
  • Céitinn, Seathrún (1982) (eag. De Barra, Pádraig). Foras Feasa ar Éirinn, Athnua 1 & 2. Foilseacháin Náisiúnta Teoranta. Baile Átha Cliath. (Le litriú nuachóirithe.)
  • De Bhaldraithe, Tomás (eag.) (1976 – an tríú cló). Cín Lae Amhlaoibh. An Clóchomhar Tta. Baile Átha Cliath. ISBN 978-0-7171-0512-0. Leagan giorraithe.
  • De Brún, Pádraig and Ó Buachalla, Breandán and Ó Concheanainn, Tomás (1975 – second printing) Nua-Dhuanaire: Cuid 1. Institiúid Ardléinn Bhaile Átha Cliath.
  • Dillon, Myles and Chadwick, Nora (1973). The Celtic Realms. Cardinal. London. ISBN 978-0-351-15808-7 Lgh 298–333.
  • Williams, .J.A. (ed.) (1981). Pairlement Chloinne Tomáis. Dublin Institute for Advanced Studies. Dublin.
  • Knott, Eleanor (1981 – an dara cló). An Introduction to Irish Syllabic Poetry of the Period 1200–1600. Dublin Institute for Advanced Studies. Dublin.
  • Merriman, Brian: Ó hUaithne, Dáithí (eag.) (1974 – fourth printing). Cúirt an Mheán Oíche. Preas Dolmen. Baile Átha Cliath. ISBN 978-0-85105-002-7
  • Mac Aonghusa, Proinsias (1979). ‘An Ghaeilge i Meiriceá’ in Go Meiriceá Siar, Stiofán Ó hAnnracháin (ed.). An Clóchomhar Tta.
  • Ní Dhonnchadha, Máirín (eag.). ‘Courts and Coteries II,’ The Field Day Anthology of Irish Writing, Vol. IV: Irish Women’s Writings and Traditions. Cork University Press 2002. ISBN 0-8147-9908-6
  • Nicholls, Kenneth (1972). Gaelic and Gaelicised Ireland in the Middle Ages. Gill and MacMillan. Dublin. ISBN 978-0-7171-0561-8
  • Ó Conluain, Proinsias and Ó Céileachair, Donncha (1976 – an dara cló). An Duinníneach. Sáirséal agus Dill. ISBN 978-0-901374-22-6
  • Ó hÓgáin, Dáithí (1982). An File. Oifig an tSoláthair. Baile Átha Cliath.
  • Ó Madagáin, Breandán (1980 – second edition). An Ghaeilge i Luimneach 1700–1900. An Clóchomhar Tta. Baile Átha Cliath. ISBN 978-0-7171-0685-1


Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]