Peadar Ua Laoghaire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Peadar Ua Laoghaire

Scríbhneoir próis agus sagart ab ea an tAthair Peadar Ua Laoghaire (nó Peadar Ó Laoghaire; Aibréan 1839–21 Márta 1920), agus is é an meas atá air inniu ná gurbh eisean a chuir bun le litríocht nua-aoiseach na Gaeilge. Rugadh i Lioscaragáin i bparóiste Chluain Droichid, Contae Chorcaí é.[1] Tógadh le Gaeilge i nGaeltacht Mhúscraí é, rud a d'fhág go ndeachaigh Gaeilge an cheantair sin go mór mór i bhfeidhm ar Ghaeilge na bhfoghlaimeoirí. An réamhfhocal úd um, nach bhfuil beo ach i nGaeilge Mhúscraí, is cuid de Ghaeilge an mhaorlathais agus an dlí é inniu, agus is dócha gurbh as Gaeilge Uí Laoghaire a tháinig sé in úsáid chomh forleathan sin.

Chum sé an scéal Séadna sna 1890í, agus é á insint mar scéal chois tine ag triúr cailíní óga. Tá gearreagráin ann a bhfuil fráma sin na scéalaíochta bainte díobh. Is é is príomhthéama don scéal ná an margadh a shocraigh an gréasaí Séadna leis an bhFear Dubh. Cé go bhfuil an scéal fréamhaithe in ithir an bhéaloidis a chloiseadh an scríbhneoir ó na seanchaithe cois teallaigh le linn a óige, tá dlúthghaol aige fosta leis an miotas Gearmánach faoi Faust. Foilsíodh ina shraithscéal ar irisí éagsúla Gaeilge é an chéad uair.

Amach ó Séadna, scríobh sé leabhar dírbheathaisnéise faoin teideal Mo Sgéal Féin. Thairis sin, chuir sé Nua-Ghaeilge ar scéalta de chuid na seanlitríochta Gaelaí, cosúil le hEisirt agus An Cleasaí, agus chuir sé Gaeilge a cheantair féin ar leagan giorraithe de scéal Don Quixote, nó Don Cíochótae, as Gaeilge. Tháinig eagrán nua den leabhar i gcló le déanaí. Fuair sé bás i 1920 i gCaisleán Ó Liatháin.

Saothar[2][3][athraigh | athraigh vicithéacs]

  • Ar nDóithin Arán, 1894
  • Mion-chaint: an easy Irish phrase book, compiled for the Gaelic League, 1899
  • Eólas ar áireamh, arithmetical tables in Irish, 1902
  • An Soísgéal as Leabar an aifrinn, 1902
  • Irish prose composition: a series of articles, including several upon the Irish autonomous verb, 1902
  • Aesop a Tháinig go hÉirinn, 1903
  • Sgothbhualadh, a series of articles in Irish reprinted from the "Leader", 1904
  • Séadna, 1904 (originally serialized in 1898)
  • An Craos-Deamhan, 1905
  • An Bealach Buidhe, a drama, 1906
  • Tóruigheacht Dhiarmuda agus Ghráinne, 1906
  • Niamh 1907
  • Eisirt, 1909
  • Seanmóin agus trí fichid, sermons for every Sunday and holy day of the year, 1909-10
  • An sprid: Bas Dalláin: Tadhg Saor, three short plays, 1911
  • An Cleasaidhe, 1913
  • Caitilina, 1913
  • Aithris ar Chríost, 1914 (a translation into Irish of Thomas à Kempis' 'Imitatio Christi')
  • Sliabh na mban bhFionn agus Cúan Fithise, 1914
  • Lughaidh Mac Con, 1914
  • Bricriu, 1915
  • Na Cheithre Soisgéil as an dTiomna Nua, 1915 (a translation into Irish of the Four Gospels)
  • Mo Sgéal Féin, 1915
  • Guaire, 1915
  • Cainnt na nDaoine, 1917 (a phrasebook of conversational Irish)
  • Ag Séideadh agus ag ithe, 1918
  • An teagasg críosdaidhe, edited by Ua Laoghaire, 1920
  • Don Cíchóté, (A partial translation of Cervantes' novel Don Quixote, 1921
  • Gníomhartha na nAspol, 1922 (a translation into Irish of the Acts of the Apostles)
  • Lúcián, 1924
  • Sgéalaidheachta as an mBíobla naomhtha, 1924 ((stories from the Bible)
  • Críost Mac Dé, 1925
  • Sgealaidheacht na Macabéach, 1926 ((the stories of the Maccabees from the Apocrypha)
  • Séanna (atheagrán) eag. Caoilfhionn Nic Pháidín, 2016
  • Aodh Ruadh, an adaptation of the life of Aodh Ruadh Ó Domhnaill originally by Lughaidh O'Clery in the 17th century, 1929
  • Notes on Irish words and usages
  • Papers on Irish idiom : together with a translation into Irish of part of the first book of Euclid, by the late canon Peter O'Leary ; edited by Thomas F. O'Rahilly.
  • Cómhairle ár leasa, articles published in the "Leader"
  • Mo shlighe chun Dé : leabhar urnaighthe

Foilsíodh alt ina bhfuil 487 d'ailt agus de shaothair Ua Laoghaire le fáil in Celtica in 1954[4].

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]