An Laidin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaAn Laidin
Lingua latina

EapainmLatium
Cineálteanga mharbh, teanga anallód, teanga agus teanga naofa
Úsáid
Dúchasach doAn tSean-Róimh
StáitCathair na Vatacáine
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Iodáilice
Latino-Faliscan (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir Laidineach agus an aibítir Rómhánach
Institiúid caighdeánaithePontifical Academy for Latin (en) Aistrigh
Staidéar agLatin studies (en) Aistrigh, Clasaicigh agus teangacha diagachta
Cóid
ISO 639-1la
ISO 639-2lat
ISO 639-3lat
Glottologlati1261
Ethnologuelat
ASCL2902
IETFla

Ba í an Laidin an teanga a labhraítí i Latium (Lazio) fadó agus a chuaigh chun fairsinge sna sálaí ag saighdiúirí na hImpireachta Rómhánaí. Tháinig an teanga chun cinn i gceantar tíre na Laidineach timpeall ar chathair na Róimhe, agus leathnaigh sí amach de réir mar a ghlac na Rómhánaigh seilbh ar leithinis na hIodáile, agus na tailte go léir timpeall ar an Meánmhuir. Breacadh an teanga síos an chéad uair timpeall ar 550 bliain r. Chr., agus b'aistriúcháin ón nGréigis a bhí sa chuid ba mhó de litríocht na Laidine ar feadh tamaill fhada. Tugtar an tréimhse chlasaiceach ar na blianta 100 RC - 150 AD, nuair a bhí an Impireacht in ard a réime. San am sin a mhair scríbhneoirí cáiliúla ar nós Chicearó agus Chaesair agus Veirgil agus Thacatais, chomh maith leis an bhfile Óivid.

Foclóir laidine

San Iarthar, ghlac na Críostaithe leis an teanga mar theanga liotúirgeach agus cuireadh an Bíobla ar fáil as Laidin. Is í an Vulgáid an t-aistriúchán Laidine den Bhíobla a bhí in úsáid ag an Eaglais go dtí go ndeachaigh lucht an Reifirméisin siar go dtí na foinsí Gréigise agus Eabhraise. Rinne manaigh ar fud na hEorpa agus i dtíortha na Meánmhara staidéar ar an teanga. Mar theanga labhartha, áfach, chuaigh athruithe difriúla i bhfeidhm ar an Laidin i réigiúin éagsúla, agus d'iompaigh na canúintí ina dteangacha éagsúla, ar a dtugtar teangacha Rómánsacha, mar atá an Fhraincis agus an Iodáilis agus an Spáinnis agus an Rómáinis agus an Phortaingéilis agus mar sin de. Tá an Laidin ina theanga oifigiúil sa Vatacáin i gcónaí. Thairis sin, craolann Raidió na Fionlainne nuacht as Laidin gach seachtain ón mbliain 1989 ar aghaidh.

Tréithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Teanga tháite nó infhillte is ea an Laidin. Cuirtear iarmhíreanna le tamhain na bhfocal chun inscne, uimhir agus tuiseal a chur in iúl sna haidiachtaí, na hainmfhocail agus na forainmneacha. Tá cúig dhíochlaonadh ag na hainmfhocail, agus ceithre réimniú ag na briathra.

Is iad sé thuiseal na n-ainmfhocal ná:

  1. ainmneach (an bhunfhoirm),
  2. ginideach (a úsáidtear chun úinéireacht nó baint éigin eile a chur in iúl),
  3. tabharthach (a úsáidtear le cuspóir neamhdhíreach an bhriathair a chur in iúl),
  4. cuspóireach (a úsáidtear le cuspóir díreach an bhriathair a chur in iúl),
  5. ochslaíoch (a úsáidtear chun scaradh, foinse, cúis nó ionstraim a thaispeáint) agus
  6. gairmeach (a úsáidtear nuair atáthar ag cur ceiliúir nó forráin ar dhuine nó ar rud).

Ina theannta sin, tá tuiseal áitreabhach ag roinnt ainmfhocal a úsáidtear lena léiriú cá bhfuil an duine nó an rud suite. In áit an tuisil seo, áfach, is gnách dul i dtuilleamaí réamhfhocail éigin, ar nós in, a éilíonn go n-úsáidfear an tuiseal ochslaíoch ar a lorg. Iarsma seanársa ón bprótaitheanga Ind-Eorpach is ea an t-áitreabhach, agus ní féidir, de ghnáth, ach logainmneacha a dhíochlaonadh san áitreabhach. Fiú i laethanta na Laidine Clasaicí, bhí daoine ann nach mbacfadh leis an áitreabhach ar aon nós, an tImpire Ágastas, mar shampla, agus iad ag scríobh in Rōmā (in áit Rōmae) = sa Róimh.

Forbairt stairiúil na Laidine[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ceann de na teangacha Iodálda is ea an Laidin, agus í á scríobh leis an aibítir Laidineach, atá bunaithe ar an aibítir Shean-Iodálda. As aibítir Ghréigise a d'eascair an aibítir sin. Creidtear gur tháinig an Laidin, nó an chanúint Iodálda, go dtí Latium thart ar ocht nó naoi gcéad bliain roimh bhreith Chríost. Aduaidh a tháinig lucht labhartha na Laidine, agus mar sin, d'fhág na teangacha Ceilteacha agus an Eatrúiscis - seanteanga neamh-Ind-Eorpach na hIodáile - a sliocht ar an Laidin is sine dá bhfuil ann.

Scríobhadh an chuid is tábhachtaí de litríocht na Laidine sa teanga shaorga ealaíonta ar a dtugtar an Laidin Chlasaiceach. Ba iad an dá chéad bliain timpeall ar bhreith Chríost ré órga na Laidine Clasaicí. San am céanna, bhí an chosmhuintir ag labhairt gnáthchaint Laidine, a bhí sách difriúil leis an teanga Chlasaiceach ó thaobh na gramadaí agus an stór focal de.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Laidin
Vicipéid le fáil as An Laidin freisin