Séadna
Cineál | saothar liteartha |
---|---|
Cárta innéacs | |
Údar | Peadar Ua Laoghaire |
Teanga | an Ghaeilge |
Foilseachán | Éire, 1907 |
Ba chóir an t-alt seo a ghlanadh, mar: gramadach, go leor fadhbanna
Tar éis an t-alt a ghlanadh, is féidir an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le tuilleadh eolais a fháil. |
Is úrscéal é Séadna[1] a scríobh Peadar Ua Laoghaire sa bhliain 1891. Is é Séadna an saothar is cáiliúla aige. Bhí sé i gceist aige ábhar léitheoireachta a chur ar fáil d'fhoghlaimeoirí na Gaeilge. Cuireadh i láthair é mar scéal cois tine do thriúr cailíní. Ba é Séadna an chéad phríomhshaothar litríochta de chuid na hathbheochana Gaelaí. Foilsíodh é de réir a chéile in Irisleabhar na Gaedhilge ón mbliain 1894 amach, agus foilsíodh é i bhfoirm leabhair é sa bhliain 1904. Baineann an scéal leis an margadh a rinne Séadna, gréasaí, leis an bhFear Dubh. Tagann an scéal ó na scéalta a chuala an t-údar ina óige agus tá sé cosúil leis an bhfinscéal Gearmánach, Faust. Gaeilge Iarthar Chorcaí atá sa scéal. Deirtear uaireanta gurbh é Séadna an chéad úrscéal sa Ghaeilge ach táthar ann a chuireann ina choinne sin á rá go bhfuil an oiread sin gnéithe den bhéaloideas ann le go n-áireofaí mar úrscéal é.
An tÚdar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Scríobh Peadar Ua Laoghaire an leabhar Séadna. Ba scríbhneoir agus sagart caitliceach é. Aithnítear é mar bhunaitheoir na litríochta nua-aimseartha i nGaeilge[2]. Rugadh é i Lios Carragáin, Contae Corcaigh[3] ar an 30ú lá de Aibreán 1839. Uí Laoghaire ó Lios Carragáin a thugtaí ar a mhuintir[4]. Fuair sé bás ar 21ú lá de Márta 1920 nuair a bhí sé ochtó bliain d'aois. Tógadh é le Gaeilge na Mumhan i nGaeltacht Mhuscraí. D'fhreastail sé ar Choláiste Phádraig i Máigh Nuad[5]. Oirníodh ina shagart é sa bhliain 1867. Bhí sé ina shagart paróiste i gCaisleáin Ó Liatháin sa bhliain 1891 agus ba ann a scríobh sé 'Séadna'. Chomh maith leis sin scríobh sé dírbheathaisnéis darbh ainm 'Mo sgéal féin' sa bhliain 1915. Ina theannta sin, d'aistrigh sé roinnt scéalta ó litríocht Ghaeilge na Meánaoise go Gaeilge Nua-Aimseartha mar shampla Eisirt, a foilsíodh sa bhliain 1909 agus An Cleasaí, 1913 agus d'aistrigh sé scéal Don Quixote go Gaeilge freisin. Aithnítear é as an tacaíocht a thug sé do chaint na daoine seachas iarracht le cineálacha Gaeilge níos sine a athbheochan, mar a bhí á mholadh ag daoine eile.
Samplaí dá chuid saothar[6]
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Ar nDóithin Araon, 1894
- Mion-chaint: leabhar frása éasca Gaeilge, arna thiomsú do Chonradh na Gaeilge, 1899
- Eólas ar áireamh, táblaí uimhríochta i nGaeilge, 1902
- An Soísgéal as Leabar an aifrinn, 1902
- Sgothbhualadh, sraith altanna i nGaeilge atá ar athchló ó "Leader", 1904
- Séadna, 1904
- An Bealach Buidhe, an drámaí, 1906
- Tóruigheacht Dhiarmuda agus Ghráinne, 1906
- Niamh 1907
- Eisirt, 1909
- An sprid: Bas Dalláin: Tadhg Saor, trí drámaí gearr, 1911
- An Cleasaidhe, 1913
- Mo Sgéal Féin, 1915
Carachtar Séadna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é Séadna príomhcharachtar an scéil agus is carachtar suimiúil é. Bhí ionadh ar gach duine air agus bhí siad ag smaoineamh air an t-am ar fad. Choinnigh sé leis féin agus nach mbeadh a fhios ag gach duine faoi. Is gréasaí é agus rinne sé bróga nua. Tríd an scéal feicimid gur duine cineálta é agus chabhraigh sé leis na daoine bochta. Deir daoine gur amadán é mar aontaíonn sé leis an déileáil leis an bhFear Dubh agus níor smaoinigh sé faoi dhó chun airgead a fháil. Bhí ionadh ar gach duine mar níl a fhios acu cén chaoi a raibh a lán airgid ag Séadna, agus ní oibríonn sé ach mar ghréasaí. Níor chreid siad an scéal. Is fear mistéireach é Séadna i súil an phobail mar ní raibh a fhios acu faoina shaol nó faoi na rudaí a rinne sé. Mar shampla, tá a lán airgid aige agus theastaigh uaidh capall nó bó a cheannach agus bhí gach duine ag smaoineamh faoi seo ach ní insíonn sé d'aon duine. Nuair a bhí sé an-tinn, níor chreid aon duine nach bhfuair sé bás. Níor chreid aon duine cé chomh tapa agus a ghnóthaigh sé cé gur chóir go bhfuair sé bás. Is mistéireach é an chaoi ar tháinig biseach air chomh tapaidh agus is léir go raibh duine mistéireach é i súil an phobail.
Achoimre[7]
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar dtús bhuailimid le triúr cailíní, Gobnait, Peig agus Cáit. Thosaigh cailín amháin, Peig ag insint an scéal faoi Séadna, an caibléir. Rith Séadna amach as na rudaí is gá dó chun bróga a dhéanamh agus chuaigh sé amach chun rudaí a cheannaigh. Ar an slí bhuail sé le triúr duine agus bhí siad ag táille air don déirc. Thug sé déirc do na daoine, ag tabhairt deireadh a airgead. Is aingeal í an triúir duine agus chun buíochas a gabháil leis, thug sí trí mianta dó. Úsáideann sé iad go ghile. Nuair a thug sé faoi deara cad a tharla, tháinig an Fear Dubh. Insíonn an Fear Dubh go tabharfaidh a lán airgid do Séadna más chuaigh Séadna leis i dtrí bliana déag agus aontaíonn Séadna leis. Thosaigh na comharsana ag smaoineamh faoi Séadna agus an airgead a bhí sé ag cheannaigh gach rud mar shampla, capaill nó mbó. Níorbh fhada gur bhuail Séadna leis an bhfear mistéireach agus fuair sé amach go raibh a airgead ar iarraidh. Ní raibh sé ró-trína chéile, theastaigh uaidh go téann rudaí ar ais do na ghnáth. Tá Séadna an-chabhrach do dhaoine ach duine amháin nár maith leat. Thug Séadna airgead go luath don duine a oibríonn air mar chuala sé go bhfuil siad a dhíshealbhú ón a theach. Thosaigh ráfla faoi Séadna agus é a phósadh. Bhí fearg ar Séadna mar nár theastaigh sé a phósadh. Níor filleadh sé ar ais ar a teach agus d'fhan Micil ann mar tá imní air. Níorbh fhada gur fhill Séadna ar ais. Nuair a chuaigh Micil abhaile ní raibh a mháthair ann. Cheap sé go raibh sí ag iarraidh pósadh a shocrú idir Sadhbh agus Séadna. Ach nuair a thosaigh siad ag caint cheap siad go raibh Máire Ghearra an cailín do Shéadna. Bhí Máire Ghearrra i ngrá le Séadna. Déanann Micil iarracht bainise a shocrú idir Séadna agus Máire. Ach níor theastaigh Séadna Máire a phósadh agus d'inis sé an cúis léi, ar son an tSlánaitheoira. Chuaigh Séadna go dtí suas an cnoc a bheith ina n-aonar ach tháinig an mná agus níl aon bróga aici. Thug sí bronntanas dó agus imíonn sí. Chuir Séadna an chloch ar a mhuinéail. Cúpla lá tar éis sin tá cóir sráide ar siúl. Tháinig Sadhbh go dtí an cóir leis an fear uasal. Agus seo é an fear nach theastaigh Séadna airgead a thabhairt dó. Tá fhios ag Séadna go raibh an 'duine uasal', i ndáiríre, an duine camach. Dúirt Diarmaid gur tháinig an duine uasal leis a fhir chun capaill a cheannaigh. Ach rith sé amach as airgead agus fuair sé airgead a fháil ó Sadhbh agus Diarmaid. Nuair a chuaigh Sadhbh agus Diarmaid ar ais go dtí a theacht imíonn fhir na duine uasal. Thug na fhir airgead do Séadna do bróga agus bhí fhios ag Séadna go raibh an airgead bréagach. Bhí an fear ag dul amach os comhair den bpobal mar tincéir. Gabhadh iad agus maróidh trí camach agus fuair cúpla síogaí amach. Theastaigh na camach an locht ar chur ar Séadna. Geallfaidh Séadna freastal ar an rí tar éis beagán níos mó ná bliain - an t-aon uair a d'fhág sé! Níorbh fhada go raibh lá amháin fágtha le Séadna agus íocann sé a chuid oibrithe go luath.Tháinig an Fear Dubh chun Séadna a thógáil leis. Insíonn Séadna dó suí sa chathaoir agus tá sé gafa. Ní rachaidh an t-am in éag chomh fada agus a bheidh sé i bhfostú ann. Deir gach rud a deir an Diabhal mar gheall ar dhrochdhíobháil, feiceann Séadna go maith an taobh eile é agus faigheann sé an lámh uachtarach. Tar éis tamaill mhothaigh Séadna tinn agus thit sé in a coladh. Nuair a dhúisigh sé, faigheann sé amach go raibh sé ina coladh ar feadh mí amháin. Shíl sé go raibh sé fós ar an gcnoc leis an mbean cosnochta. Tá sé ach craiceann agus cnámha. Níor labhair Séadna an t-am ar fad. Bhí ionadh ag gach duine mar cheap siad nach mbeadh sé mbeo.
Cineál scéal
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is ceann bhunchlocha próis na Nua Gaeilge é Séadna. Is scéal faoi an ghréasaí bróg a dheineann margadh leis an bhFear Dubh. Sa leagan seo nochtaítear léargais bhreise ó bhronn ar líonra carachtar, ar chomhluadar tuaithe agus a meon saolta, ar an anamúlacht agus ar an gcroíúlacht úd i measc mhuintir na hÉireann a bhíonn ceilte i dtráchtais staire agus liteartha. Is scéal béaloideas[8] é agus úsáidtear an charachtar Séadna chun saothar a dtugaimid clasaic air agus soláthraíonn sé slat tomhais dúinn chun gnéithe den saol reatha a mheas faoi scáth na gclaochluithe atá tarlaithe idir an dá linn, de thoradh an tsaothair sin féin go minic. Théann scéalta béaloideas síos trí na ghlúin, ag rá go príomha. I measc cineálacha difriúla faisnéise tá scéalta síoga (nó seanchríocha), scéalta ard, miotais agus finscéalta. Is léir go raibh Séadna scéalta miotais agus scéalta cleas. Léirigh dúinn faoi miotais agus na cleais tríd an charachtar Séadna agus tríd an déileáil ón Fear Dubh. Is soiléir go raibh scéal béaloideas é mar tríd an leabhar bhí cailín amháin, Peig, ag insint an scéal a chuala sí riabh, do Beirt cailíní, Gobnait agus Cáit. Tríd an scéal bhí na cailíní ag aint faoi rudaí eile mar shampla thosaigh Cáit ag caint faoi a deirfiúr agus a linbh nua. Bhí siad ag caint faoi airgead greannmhar freisin agus saincheisteanna morálta. Is mar an aidhm den slí seo chun a thaispeáint gur béaloideas Éireannach.
Téama don scéal
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tríd an scéal feicimid téama d’amadán, téama do mhistéireach, téama do ghrá agus téama do dhraíocht. Is léir go raibh cúpla téama difriúil ag an scéal béaloideas seo. Ar dtús bhuaileamar leis an príomhcharachtar agus é ag tabhairt airgead don aingeal agus thug sí trí mianta dó. Feicimid téama mistéireacht agus draoícht anseo. Feicimid téamaí mistéireach agus draíocht arís nuair a bhuail Séadna leis an mná ar an gcnoc. Níl aon bróga a caitheamh léi agus dealraíonn sí as áit ar bith. Thug sí bronntanas dó agus go tobann imíonn sí as a amharc. Is téama do amadán an soiléir sa scéal Séadna. Is amadán é Séadna nuair a bhuail sé leis an bhFear Dubh agus aontaíonn sé leis an déileáil chun dul leis tar éis 13 bliana agus thug an Fear Dubh a lán airgid greannmhar dó. Tá an Fear Dubh ag magadh Séadna ach níl a fhios aige. Más cheannaigh Séadna rudaí leis an airgead a tabhairt an Fear Dubh dó, bheadh sé ag teacht agus thógáil sé go díreach. Tá téama grá agus mí-ghrá i láthair sa scéal. Cheap daoine go raibh Séadna ag pósadh duine, Sadhbh nó Máire Ghearra ach níor theastaigh Séadna aon duine a pósadh agus dúirt sé bheadh sé níos fearr an bás is measa a mharú ná mar a phós mé. Feicimid grá ag deireadh an scéal nuair a phósadh Cormac agus Sadhbh. Ní raibh aon duine ag súil leis sin. Is léir a rá go raibh na téamaí seo láthair sa scéal Séadna. Gan dabht tá téamaí mistéireacht agus draíocht na téamaí níos coitianta.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Peadar Ua Laoghaire (1904). "Séadna" (Cois Life).
- ↑ "Peadar Ua Laoghaire" (as en) (2018-06-13). Wikipedia.
- ↑ "Liscarrigane" (en). Liscarrigane. Dáta rochtana: 2019-02-24.
- ↑ "Ó LAOGHAIRE, Peadar (1839–1920)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2019-02-24.
- ↑ ICAN (2019-02-24). "Home" (en). St Patrick’s College, Maynooth. Dáta rochtana: 2019-02-25.
- ↑ "Ricorso: Digital materials for the study and appreciation of Anglo-Irish Literature". www.ricorso.net. Dáta rochtana: 2019-02-25.
- ↑ "Séadna". www.scoilgaeilge.org. Dáta rochtana: 2019-02-25.
- ↑ "Folklore". Dáta rochtana: 25-02-19.