Athbheochan na Gaeilge

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Mícheál Ó Choileán ag crith láimhe le Bardasach James Nowlan ag cluiche C.L.G.

Úsáidtear an téarma ‘Athbheochan na Gaeilge’ is minice, le tagairt a thabhairt don tréimhse ag deireadh na 1800í, [1]nuair a bhí athshaothrú spéise sa teanga, sa litríocht, sa stair, sa chultúr, san spórt agus san bhéaloideas.[2] Bhí sí seo spreagtha mar thoradh ar náisiúnachas Éire, a thosaigh ag fás go luath sa 19ú haois.[3]  Faoi lár na 1800í, bhí cultúr na hÉireann ag dul i leig, le beagnach trí chéad, mar chúis air riail ceannasach Shasana orainn.[4]

Casadh an chéid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuimhneacháin an Gorta Mór

De réir mar a tháinig deireadh leis an 19ú haois, bhí go leor in Éirinn a d’aithin go raibh an Ghaeilge i mbaol bháis.[1] Tháinig meath ginearálta ar an teanga ag tús an chéad agus roimhe sin ach, ba é dola an bháis a tháinig ón nGorta Mhóir, ó 1845-1849, eipidéimí Cholera agus an Tíofus agus an t-Imirce mhór na cúiseanna ba mhó leis an mbriseadh teanga.[5]

Dóibh siúd a d’fhán in Éirinn, aithníodh an Ghaeilge mar bhac ar dhul chun cinn sóisialta. Ní bhfuair sé aon aitheantas oifigiúil nó cosaint ón Rialtas, agus muna raibh gearleanúint ar bith ar an teanga, ní bheadh aon comhbhrón ann. Ba leis na tuathánaigh an Ghaeilge i súile ghnáthmhuintir na hÉireann agus an Béarla mar theanga an aicme rialaithe. Mar sin, le fonn níos airde i bhfoghlaim an Béarla, agus cosc ar an nGaeilge sna scoileanna, bhí an teanga ag dul i leig.[5]

Brat Sasana

Ag an am, bhí an Ghaeilge á labhairt, don chuid is mó, i bpobail thuaithe Iarthar na hÉireann, an áit is faide ó thionchar na Sasannaigh. Ach thosaigh scoláirí an Cumann Oisíneach, á Athbheochan. Is as seo inar chruthaíodh an Cumann Buan-Choimeádta na Gaeilge a bhunaíodh i 1877.[5] Go déanach sa 19ú haois, bhí fíor-iarracht an Ghaeilge a chosc ón mbáis. Conradh na Gaeilge a bhí i gceannas air.[1]

Faoin am sin, mar is eol dúinn, níor ceadaíodh Gaeilge a labhairt nó fiú í a mhúineadh sna scoileanna. Laghdaigh an dúil a bhí ag an Athbheochan de réir mar a d’éirigh imeachtaí níos polaitiúla agus foréigneach i ndiaidh 1910 agus níos measa fós, nuair a bhain Éire neamhspleáchas amach[5]. Lean an ghluaiseacht sna Stáit Aontaithe go dtí na 1930idí, ach le himeacht ama, tháinig stop leis ann comh maith.

Éire Óg[cuir in eagar | athraigh foinse]

leabhar dánta foilsithe i 'The Nation'

Sa bhliain 1842, bhunaigh an eagraíocht tírghrá,[6] ar a dtugtar 'Young Ireland', ‘The Nation’. Páipéar ab ea é a d’fhoilsigh saothar le ‘Thomas Osbourne Davis, máistir próis agus véarsa, agus filí eile ar nós Thomas D’Arcy McGee​, Richard D’Alton Williams, agus Speranza (ainm bréige le Lady Wilde, máithir le Oscar Wilde) agus bród i ngnóthachtúlacha liteartha na hÉireann.[7]

The Dublin University Magazine[3]1838-80, foilseacháin liteartha tábhachtach eile, a chuimsigh obair le James Clarence Magan go minic a d’aistrigh dánta Gaeilge go Béarla agus a scríobh an chéad véarsa i stíl na Gaeilge[8]. Ba é Jeremiah John Callanan an chéad duine a bhain úsáid as an nGaeilge ag staonadh i véarsa Béarla, agus scríobh Sir Samuel Ferguson, filíocht eipiciúil ar gaisce stair na hÉireann. Rinne Thomas Moore, Charles Maturin agus Maria Edgeworth téamaí Éireannacha a ionchorpú, ó shaothair Ghaelacha níos luaithe ina gcuid scríbhinní. [3]Ní raibh an Athbheochan Gaelach ina ghluaiseacht fhorleathan bhríomhar toisc gur chuir náisiúnachas polaitiúila agus an gá le hathchoiriú talún isteach ar an náisiúnachas cultúrtha.[9]

James Clarence Mangan

Mar sin féin, leag an t-Athbheochan an bhunchéim scolártha agus náisúintacht don Athbheochan Liteartha. Tháinig borradh mór na tallaine ar Litríocht na Gaeilge ag deireadh an 19ú haois agus tús an 20ú haois. Tháinig Athbheochan na Gaeilge chun cinn tar-éis titim Charles Stewart Parnell, toisc a chúinse le Katharine O’Shea.[10] Leis an scoilt idir an páirtí ‘Home Rule’ agus an dul chun cinn polaitiúil, thosaigh náisiúnaithe Éirinn ag lorg bealaí eile lena bhféiniúlacht a chur in iúl. Gan dabht, bhí na comhlachtaí cultúir nua seo, an-tarraingteach do dhaoine ar nós, Padraig Mac Piarais, a mheas go mbeadh air Éire ‘airm’ a thógáil ar dheireadh nó í féin a athainmniú mar Iarthar na Breataine.[10]

Bhí trí fhórsa tiomána ag an Athbheochan. Cumann lúthchleas Gael, a bhunaíodh i 1884 le spóirt na hÉireann a chaomhnú agus a chur chun cinn. Ba iar-fhiannaigh ceathrar ar a laghad dá choiste, déanta suas de seacht fir. Chuir siad a seasamh polaitiúil in iúl go soiléir trí chosc a chur ar ‘chluichí eachtracha’. Bhí scathán liteartha ag an Athbheochan freisin a spreag béaloideas Ceilteach, a threoraigh Yeats agus scríbhneoirí eile le hAmharclann na Mainistreacha a bhunú i 1904[10]. Ar Luan na Cásca 1916, ba é aisteoir de chuid na Mainistreacha darb ainm Seán Ó Conghaile an chéad reibiliúnach a mharaíodh. Níos tabhachtaí fós, ná Conradh na Gaeilge a chruthaíodh i 1893, ag díograiseoirí Gaeilge ar eagla na heagla go raibh a dteanga dhúchais ar tí titim amach.[10]

Conradh na Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Conradh na Gaeilge i mBÁC

I mí na Samhna 1892, thug Dubhghlas de hÍde léacht[11] don ‘National Literary Society’, dar teideal. "The Necessity for De-Anglicising Ireland."[12]​ Dúírt sé go raibh na hÉireannaigh nach mór agus nárbh fhéidir é seo a aisiompú, ach an teanga a fhollúnú.  [4]Lean Eoin Mac Néill leis, tríd alt, “A Plea and a Plan for the Extension of the Movement to Preserve and Spread the Gaelic language in Ireland", san ‘Gaelic Journal’ agus chuir sé tús le heagraíocht a bhunú in éineacht le Eoghan Ó Gramhnaigh agus Seosamh Laoide le é seo a chur i gcrích.[4]

Bunaíodh Conradh na Gaeilge[13] sa bhliain 1893. Ba iad baill an chumainn, Dubhghlas de hÍde, an chéad Uachtarán, Charles Percy Bushe, James M. Cogan, Rev William Hayden S.J, Martin Kelly, Eoin MacNéill, Patrick O’ Brien, T.O. Russell agus Patrick J. Hogan.[4] [11][14]Ag an chéad chruinniú i mBÁC, an 13ú Iúil 1893, cuireadh aidhmeanna an tsochaí chun cinn mar

Dhírigh a fhócas ar an bhfoirm dhúchais teanga agus ar an litríocht nua-aimseartha, é ón gCumann Buan-Choimeádta na Gaeilge, Cumann Celtic agus ón nGaelic Union.[5]

Dubhghlas de hÍde

Mac le Chléireach Eaglais na hÉireann ab ea Dubhghlas de hÍde, (1860-1949). Ba as Sligeach é. Scoláire Gaelach agus scríbhneoir mór le rá ab ea é. Ba Uachtarán na hÉirinn é don tréimhse 1938-1945. Chreid sé go láidir gur chóir go mbeadh an Conradh go hiomlán saor ó pholaitíocht agus go mbeadh sí oscailte do dhaoine as gach tuairim pholaitiúil agus reiligiúnach. Theastaigh uathu, marthanacht agus Athbheochan na Gaeilge a fheiceáil. Bhí a shaol dírithe go príomhúil ar staideár agus foilsiú litríocht agus béaloideas traidisiúnta na hÉireann.[1]

Eoin Mac Néill

Bhí Eoin Mac Néill an chéad eagarthóir ar pháipéar nuachtán le Conradh na Gaeilge, ‘An Claidheamh Soluis’. Ba as Gleann Arma i gCo Aontroma é agus ba Ollamh mór le rá é maidir leis an staidéar, Ársa na hÉireann agus na Meánaoiseanna.

Thosaigh Conradh na Gaeilge ag eagrú ranganna teanga, á reachtáil ag timirí, (múinteoirí taistil), ní hamháin i mBÁC ach, ar fud na tíre.[4] D’fhoilsigh siad sliochtanna agus cuireadh tús le díospóireachtaí, léachtaí, ceoilchoirmeacha agus Damhsaí Gaelacha. Ghlacadar seilbh ar an ‘nGaelic Journal’ in 1894 nuair a éirigh O'Growney as mar eagarthóir, le Mac Néill ag dul ina hionad.[4] In Eanair 1898, thosaigh sé ag foilsiú nuachtán sheachtanúil, ‘Fáinne an Lae’.[4] I mí Mhárta an bhliain dár gcionn tar-éis díospóide leis an úinéir, tháinig ‘An Claidheamh Soluis[15] ina hionad.[4] Sa bhliain 1901, cuireadh Eoghan Ó’ Neachtán ina eagarthóir ach aistríodh go Phádraig Mac Piarais é, sa bhliain 1903.[4] Ón am sin bhí 600 brainse ag an gConradh.[4]

Cuireadh féilte cultúrtha bhliantúla ar fáil, an tOireachtas, agus d’ainmníodh ‘Lá Fhéile Pádraig’, mar lá saoire náisiúnta. D’éirigh leo an Ghaeilge a chuimsiú sa churaclam do  bhunscoileanna agus do mheánscoileanna agus é a bheith éigeantach do mháithreánach in Ollscoil na hÉireann. Bhí baint ag an gConradh le ceol tíre na hÉireann agus páirt á ghlacadh acu i ngluaiseacht, as a d’eagraigh Annie Patterson, an ‘Feis Ceoil’ in 1894.[4]

An Claidheamh Soluis

Bhí caidreamh Conradh na Gaeilge le gluaiseachtaí cultúrtha comhaimseartha an ghéar agus uaireanta naimhdeach, in ainneoin go raibh cuid de cheannairí an Cumann, ar bhealach, cairdiúil leis na gluaiseachtaí sin. Bhreathnaigh go leor daoine, go raibh amhras ar an uile Cheilteach, mar gheall ar an dlúthbhaint ag a cheannairí, go háirithe an Tiarna, Castletown, leis an mbunaíocht Éireannach.[16] Nuair a tugadh cuireadh do Dubhghlas de hÍde, chuig an Chomhdháil Pan-Cheilteach, mar thoscaire den chonradh, dhiúltaigh an Coiste Gnótha aon ionadaí a sheoladh, cé go bhféadfadh de hÍde freastal ina aonair dá theastaigh uaidh ach diúltaigh sé go drogallach.[17]

Rinneadh séanadh ar ‘Athbheochan Liteartha na Gaeilge’ toisc go raibh a chuid saothair scríofa i mBéarla, ní i nGaeilge, agus dá bhrí sin, bhí siad ag dul i dtreo náisiúnaí Angla-Éireannach. Scríobh Eoin Mac Néill, "Let them write for the 'English-speaking world' or the 'English speaking race' if they will. But let them not vex our ears by calling their writings Irish and national.[4]" Deir Pádraig Mac Piarais faoin ‘Irish Literary Theatre’, go mba cheart í a bheith, "strangled at birth".[4] Cé gur theastaigh ó de hÍde, go bhfanfadh an Conradh ón bpolaitíocht, mheall an eagraíocht go leor náisiúnaithe.[1] Ba bhall iad an chuid is mó de shínitheoirí forógra 1916, dearbhú Saoirse na hÉireann, le linn Éirí Amach na Cásca.[18]

Cumann Lúthchleas Gael[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mícheál Ó Cíosóig

Ní hé an Ghaeilge an t-aon fhócas a bhí ag Athbheochan na Gaeilge. In 1884,[1] bunaíoadh an Cumann Lúthchleas Gael[19], le spórt dúchais, iománaíochta agus Peil Gaelach a chur chun cinn. Ba fear darb ainm Mícheál Ó Cíosóig, as Co. an Chláir inar tháinig go leor den bhun-spreagadh chun an CLG a bhunú.[5] Spreagadh daltaí ina Acadamh le páirt a ghlacadh i ngach cineál cleachtadh coirp, ach bhí imní ar Cusack faoin gcaighdeáin a bhí ag titim i gcluichí Gaeilge go sonrach.

Camán agus sliotar
Liathróid Peil Ghaelach

Chun an scéal seo a leigheas, le sean-chluichí tailteanna a athbhunú, mar chomórtas lútchchleasaíochta, le blas sainiúil Éireannach, agus iománaíocht a athbhunú mar chaitheamh aimsire náisiúnta, bhuail Cusack le roinnt díograiseoirí eile, ar Dé Sathairn, an chéad lá de mí na Samhna 1884, in Óstán Hayes, Durlas, Co. Thiobraid Árann. Ba iad, Ó Cíosóig,​ ​Maurice Davin​,​ ​John Wyse Power​, John McKay,​ ​J. K. Bracken​, Joseph O'Ryan, Thomas St. George McCarthy​ agus Frank Moloney, na seacht mball bunaitheoir.[20]

Ag an am sin, bhí sacar, rugbaí agus craicéad ag teacht isteach i saol spóirt na hÉireann. Bhí meath ag teacht ar stíl dhúchasach peile agus iomána. Chuir an CLG cód agus rialacha i bhfeidhm dos na cluichí dúchasacha.

A bhuíochas le hiarrachtaí na mball suntasacha, cuireadh stop leis an meath agus ba iad na cluichí Gaelacha an spórt ba mhó a raibh tóír orthu in Éirinn. [1]Chuaigh an CLG mar eagraíocht, i gcion go mór ar phobail tuaithe, agus tá tionchar mór aige fós, sa lá atá inniu ann. Thar na blianta atá romhainn, tháinig an CLG chun cinn níos mó. In 1886 bunaíodh coistí contae. Ba as seo iad na haonaid ionadaíochta don ‘’All Ireland Championships’ atá againn inniu.[21]

Níos déanaí, dhreachtaigh an Cumann rialacha nua don peil ghaelach agus iománaíocht. Foilsíodh iad sa nuachtán, ‘United Irishman’. Sa bhliain 1887, reachtáladh an chéad ‘All Ireland Championships’ sa dá chód spóirt. Chuaigh 15 chontae CLG den 32 in Éirinn isteach, cé nár ghlac ach cúigear páirt san iománaíocht agus ochtar sa pheil Ghaelach.

Athbheochan Liteartha na Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

W.B. Yeats

Is minic a smaoinigh Yeats[22] gur chabhraigh sé le hÉirí Amach na Cásca a chur faoi dheara, “Did that play of mine send out certain men the English shot?” a scríobh sé níos mó ná 20 bhliain tar-éis na hócáide. Bhí sé ag smaoineamh ar a dhráma 1902, Cathleen Ní Houlihan[10], ina ndearna Maud Gonne ionadaíocht ar Éirinn mar shean-bhean bhocht, a bheadh ina banríon álainn dá mbeadh fir óga sásta daoine a mharú agus fáil bás di. Cé go raibh Yeats beagáinín drámatúil, bhí ceist bailí curtha aige. Bhí ról-lárnach ag an bhfile Duais Nobel, i ngluaiseacht na hAthbheochana.[10]

George Russell

Tháining bláth ar litríocht na Gaeilge faoi dheireadh an 19ú agus tús an 20ú haois a raibh dlúthbhaint acu le náisiúnachas polaitiúil láidir agus spéis acu san Athbheochan. Ba é bród náisiúnach Athbheochan liteartha na Gaeilge, trí fhinscéalta a aithinsint i leabhartha ar nós, ‘The History of Ireland’ (1880) le Standish O’Grady agus, ‘A Literary History of Ireland’ (1899) le Dubhghlas de hÍde agus Conradh na Gaeilge.[23]  Cé gur chuir sé le bunú Amharclann na Mainistreacha,[24] an chéad amharclann náisiúnta, níor scríobh sé ach cúpla dráma a bhí go hálainn ach deacrachtaí ag baint le iad a chur ar stáitse. Ba é príomh-comhghleacaí le Yeats í Lady Gregory.[25] Ghlac sí páirt ceannasach i mbainistíocht na hAmharclanna agus í mar scríbhneoir dráma comh maith.

Seán O'Casey

D’éirigh thar barr leis an ‘Irish LItereary Theatre’, a tháinig chun cinn sa bhliain 1898 agus dráma tuathánach a chur ar fáil. Ba é John Millington Synge an drámadóir ba mhó a bhain leis an ngluaiseacht. Scríobh sé drámaí le háilleacht agus cumhacht mhóir acu i gcánúint thraidisiúnta na tuathánaigh. Níos déanaí, chuaigh an amharclainn i dtreo réalachais, réalachas tuaith don chuid is mó. Ba iad, fear aithne dá dráma polaitiúil, ‘The Lost Leader’ (1918) ab ea Lennox Robinson agus a ghreanndrámaíocht, ‘The Whiteheaded Boy’ (1916), agus T.C. Murray, údar, ‘The Briary Gap’ (1917), i measc na réalaitheoirí tosaigh. [24]Mar fhreagairt ar an réalachas tuathánach, scríobh Seán O’Casey trí dhráma mhóra de na sluamaí i mBÁC: ‘The Shadow of a Gunman’ (1923), ‘Juno and the Paycock’ (1924), agus ‘The Plough and the Stars’ (1926).[26]

Sa bhfilíocht, in ainneoin le Yeats,[24] chum George Russel (A.E), saothar spéisiúl. Filí tábhachtacha eile iad, Padraic Colum​, Austin Clarke​, Seumas O’Sullivan, F.R. Higgins, agus​ ​Oliver St. John Gogarty​. [24]Bhí filí ar nós Pádraig Mac Piarais​,[27] [16]Tomás Mac Donnchadha agus Seosamh Pluincéad curtha chun báis i 1916 i ngluaiseacht phoblacht na hÉireann as a bpáirt a ghlacadh in Éirí Amach na Cásca.[28] Airítear le ficsean suntasach na hAthbheochana,[29] scéalta stairiúla le Emily Lawless,[26] Anéislis Séamus Ó Grádaigh (Standish O’Grady) agus beagáinín siar dóíbh siúd, úrscéalta réalaíocha le George Moore. Scríobh James Stephens scéalta agus filíocht comh maith.[30][31]

An Athbheochan agus an Pholaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’fhás cumacht Conradh na Gaeilge go neamhspleáchas na hÉireann in 1922. Bhí an Conradh agus an CLG araon ag éirí níos polaitiúla agus bhí tionchar mór ag ‘Bráithreachas Phoblacht na hÉireann’ orthu. Roimh 1921, bhí grúpaí náisiúnaithe cultúrtha, Conradh na Gaeilge san áireamh, go minic ag dul i gcoinne an stáit tríd neamhshuim sna haidhmeanna ach ag amanna eile, iad oscailte leo. I 1905, bhunaigh Art Ó Gríofa, ‘Sinn Féin’, páirtí polaitíochta náisiúnach a mheall baill den Cumann Lúthchleas Gael agus Conradh na Gaeilge agus eagraíochtaí dá samhail.[5]

Cuimhneacháin Éirí Amach na Cásca 1916

Bhí Athbheochan na Gaeilge tabhachtacht d’fhás Sinn Féin agus meon na náisiúnaithe ag tús an 20ú haois. Chonaic Piarais é i dtearmaí i bhfad níos drámatúla ag scríobh, “The Gaelic League will be recognised in history as the most revolutionary influence that has ever come into Ireland.”[10] Bhí dlúthbhaint ag ceannairí Éirí Amach na Cásca leis an Athbheochan. Is cinnte gur chonochthas é go raibh sé ina fheithicil iontach chun poblachtánaigh nua a earcú. Chaith a leifteanant, Seán Mac Diarmada, blianta ag tabhairt cuairte ar chlubanna Cumann Lúthchleas Gael agus ar chruinnithe Conradh na Gaeilge ar fud na hÉireann chun anamacha comhchineálacha a aimsiú.[10]

Athrú suntasach amháin a bhí ar, ná an múinteoir scoile óg Tomás Mac Donnchadha. Chuaigh sé chuig imeacht le Conradh na Gaeilge ag súil le caitheamh as a dhéanamh dóibh ach, a mhalairt a tharla, “my baptism in nationalism”. I 1909, d’fhreagair Mac Donnchadha fógra nuachtáin ag lorg teagascóír Gaeilge. D’aimsigh sé anam-chara ina mhac léinn nua,Seosamh Pluincéad agus bhí siad araon ina mbaill, den Bráithreachas Phoblacht na hÉireann, Comhairle Míleata agus iad uamtha le Éamonn Ceannt níos déanaí, Gaeilgeoir paiseanta.[10]

Pádraig Mac Piarais

Ní dhearna éinne, áfách, an nasc idir an náisiúnachas cultúrtha agus polaitíochta a léiriú níos fearr ná Mac Piarais féin. Thosaigh sé le Conradh na Gaeilge nuair a raibh sé 17 mbliana d’aois agus bhí sé ina eagarthóir ar an nuachtán seacht mbliana ina dhiaidh sin. “Tír gan teanga, Tír gan anam”, a scríobh sé. I searmanas bronnta duaiseanna, thug sé raidhfil do dhalta 12 bhliana d’aois a rá, “you will need this someday”. Ba é Séamus Ó Conghaile an t-aon Cheannaire de cuid Éirí Amach na Cásca a ghlac dearcadh an-difriúil. Rinne sé gearáin mar sóisialaí fuarcheannach, “You cannot teach starving men Gaelic”. Cé nach mbeadh Mac Piarais ag aontú leis, thosaigh sé ag scríobh i 1915 go raibh feidhm Conradh na Gaeilge bainte amach agus go raibh sé in am anois íobairt fola a phleanáil.[10]

Maidir leis an Éirí Amach féin, maíonn roinnt staraithe, gur dearcadh é mar phíosa amharclainne sráide, chun samhlaíocht an phobail a ghabháil. Más fíor é sin, d’éirigh go hiontach leis, ná na chéad athbhreithnithe a mholadh.  Ag úsáid W.B. Yeats mar shampla, b’fhéidir nach ndearna reibiliúinaithe 1916, banríon as Cathleen Ní Houlihan le meafar Yeats, ach is cinnte gur thug siad saol nua di.[10]

Neamhspleáchas na hÉireann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Stampaí Rialtas na hÉireann

Nuair a bhunaíodh Saorstát na hÉireann[32], chreid go leor de ball Conradh na Gaeilge gur bhaineadh amach Athbheochan na teanga chomh fada agus a d’fhéadfaidís agus anois, jeab an Rialtas ab ea é, an Ghaeilge nua a mhuscailt chuig an chéad leibhéal eile. Dá bhrí sin, chuir cuid mhór de na mbaill deireadh lena ngníomhachtaí le Conradh na Gaeilge. Tugadh faoi dheara freisin, nach bhféadfadh Conradh na Gaeilge an dí-ualú a dhéanamh ar an tí féin a thuilleadh agus go mbeadh an Rialtas ábalta an obair seo a dhéanamh go héifeachtach.[33]

Airgead Saorstát Éireann

Sa réamh-chonartha, bhí polasaí beartas réasúnach agus córasach i bhfeidhm ag an Dáil i gcomhair le Conradh na Gaeilge, léirithe i dTuarascáil na Dála, ‘Aireacht na Gaedhilge’, nuair a dúirt Seán T. Ó Ceallaigh, “It is a great advantage and a great financial saving that the Gaelic League is cooperating actively in the work which is our main concern”. Chuir an comhchuibhreas dealraitheach seo, le caidreamh maith don todhchaí idir an Rialtas agus Conradh na Gaeilge. [33]

Cumann na nGaedheal

Ba é Cumann na nGaedheal[34], an chéad pháirtí ceannais[35]. An aidhm a bhí acu ná, an Ghaeilge a chuir mar ábhar éigeantach[1] i scoileanna, ag cur i gcuimhne ar fheachtais a bhí ag Conradh na Gaeilge cúpla bliain roimhe seo.[36] Dhealraigh sé go raibh an Rialtas agus Conradh na Gaeilge comhionann lena spriocanna. Comh maith le cur chun cinn leanúnach na Gaeilge sna scoileanna, ba chuspóír lárnach eile de pholasaí teanga Cumann na nGaedheal ná, stop a chur le meath na teanga sna réigúin Ghaeltachta.[37]

Faoi dheireadh na 1920idí, bhí foighne Conradh na Gaeilge le cur chuige Cumann na nGaedheal. Chinn an Conradh tacú le Fianna Fáil i 1929, ach ina dhiaidh sin, thit siad amach leo freisin ar roinnt saincheisteanna. Bhí lesice orthu é sin a dhéanamh comh maith. [33]Bhíodar i gcoinne seinm snagcheoil agus tionchar eachtracha eile ar an raidió. Bhí fahdbhanna airgeadais  agus easpa treoracha acu. Ba é an dúshlán ba mhó, an pobal a a athbheochan chun an Ghaeilge a athbheochan. [38][39]


Athbheochan na Gaeilge sna Stáit Aontaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Brat na Stáit Aontaithe

Níor bhunaigh Ghaeilge í féin sna Stáit Aontaithe mar theanga eitneach. Mar sin féin, tá comharthaí ann, nár imigh an Ghaeilge go hiomlán ach go raibh sí faoi thiomáint faoi thalamh.[40] Bhí ránnóga Gaeilge i gcuid mhaith na nuachtáin Éireannach-Mheiriceánach, ós na 1800idí ar aghaidh nuair a thosaigh na chéad thonnta d’imircigh iar-Ghorta Mhóir, ag teacht agus Spórt na hÉireann ann comh maith.[41]

Thosaíodar an chéad mhór-fhoilseacháin den Ghaeilge ina cholún teanga in 1857.[40] Bhí go leor alta Ghaeilge ós na 1800idí ar siúil ag, ‘The American Celt’ (St. Louis), ‘The Citizen’ (Chicago) agus ‘The Irish Echo’ (Bostún). Bunaíodh ranna Ceilteacha i bhfórmhór na nuachtán faoin mbliain 1800. [42]In 1888, thug iris amháin liosta de 44 nuachtán, ar fud na tíre, a raibh baint acu le cur chun cinn na Gaeilge.[41]

Mícheál Ó Lóchain

Sa bhliain 1853, bhunaigh Patrick Tierney, fear de chuid an Chabhán, an chéad sochaí Ghaeilge sna Stáit Aontaithe.[40] In 1861, bunaíodh brainse den Cumann Oisín  i Nua Eabhrac, a d’fhoilsigh lámhscríbhinní i nGaeilge. Chuaigh an t-Athbheochan i bhfeidhm go mór nuair a tháinig Micheál Ó Lócháin, a rugadh i nGaillimh, “Pioneer of the Irish Language in America’. Bhí sé gníomhach i gcur chun cinn na Gaeilge óna theacht in 1870, agus bhunaigh agus rinne sé eagarthóireacht ar iris Athbheochana fheiceálach, go dtí go bhfuair sé bás sa bhliain 1894.[42]

Spreag Ó Lóchain, eisimircigh a chur ag bunú cumann a chothódh agus a spreagfadh an Ghaeilge. Bhí mórfhreagairt ar phléadáil Ó Lóchain agus laistigh de thréimhse ghear eagraíodh an-chuid ranganna. Cuireadh tús leis an gcéad sochaí Philo-Cheilteach i mBostún in 1873.[40] Bhí sé dírithe ar theanga litríocht ceol na hÉireann a chur chun cinn. Bhí na cumainn neamhspleách ar an chéile, cé gur choinnigh siad cumarsáid leanúnach trí comhfhreagras agus an Gaodhal, an t-orgán náisiúnta dos na cumainn go léir.

Detroit Wolfetones v. Cleveland St. Jarlath's ag imirt Peil Gaelach i Méiriceá

Agus Ó Lócháin ag tuairisciú ar Chruinniú Bliantúil Ginearálta Brooklyn, thug sé faoi deara go raibh deacrachtaí ann iarrthóirí oiriúnacha a roghnú do phoist oifigiúla, “as it has been a rule of the society that no one should be elected to them except those having a conversational knowledge of the Irish language”.[42] Tugann sé seo le fios dúinn nach cainteoirí dúchais iad, ach cuid de Philo-Celts, Brooklyn iad. Ar an taobh eile, rinne triúir cainteoirí dúchais a tsochaí Philadelphia a bhunú in 1884 agus a gnólachtaí ar fad, trí mheán na Gaeilge.[43]

Tugann tuairisc ó shochaí Nua Eabhrac le fios freisin, gurb í an Ghaeilge an phríomhtheanga a úsáideach. Léiríonn cur síos ar fhéile bhliantúil 1884, gur bheag Béarla a úsáideadh. [44]Da bhrí sin, is cosúil gur shocraigh comhdhéanmah na sochaí, méid na Gaeilge a cabhraítear.[40] Bhí formhór na bhfoghlaimeoirí i gcumann áirithe ach i gcodanna eile, ba chainteoirí dúchais iad an chuid is mó den na mbaill agus mar sin, ba í an Ghaeilge an meán chumarsáide  a úsáideadh. Is cosúil gur mheall na cumainn daoine de gach aois.[40] In a lán eagrán den Gaodhal, insíonn Ó Lócháin dúinn go raibh roinnt baill de shochaí Brooklyn ag tabhairt a gcuid leanaí chuig na cruinnithe.[42]

An Gaodhal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Clúdach An Gaodhal

Bhí an iris mhíosúil, dhátheangach, ‘An Gaodhal’ (1881-1904), a bhunaigh Ó Lócháin, ríthábhachtach don Athbheochan. Thug sé deis do scríobhneoirí, foilsiú i nGaeilge. D’fheidhmigh sé mar orgán aontaithe dos na ghníomhaithe ar fud na tíre. Sé leathanaigh déag a bhí ar an meán, le thart ar an líon céanna alt in nGaeilge mar a bhí i mBéarla.[40] Bhí sé dírithe ar an nGaeilge a chaomhnú agus a chothú agus ar neamhspleáchas, go seasmhach, le 1000 cóip, “issued monthly for the first year, after which it began to increase gradually until now when the regular issue is 2,880”.[5]

D’fhoilsigh an iris, dánta, amhráin, litreacha agus eagráin eagarthóireachta i nGaeilge. Ceann de na tionscadail a dhéanadh sa tréimhse seo, ná bailiúcháin béaloidis. Sheol go leor rannpháirtithe, scéalta coitianta, dánta tomhaiseanna agus paidreacha isteach, a bheadh ar eolas ag na Gaeilgeoirí ar fad de ghlan mheabhair. [44]Ba fhoinse siamsaíochta luachmhair iad seo do chainteoirí dúchais a bhí in ann an Ghaeilge a léamh. Phriontáladh ceachtanna, ionas go bhféadfadh cainteoirí an teanga a léamh agus go bhféadfadh daoine nach gcainteoirí Gaeilge, í a fhoghlaim. [40]Léiríonn cuid mhór litreacha a sheoladh chuig an Gaodhal dúinn, go raibh na ceactanna seo an-tábhachtach le cabhair a thabhairt do dhaoine a bhí ag iarraidh an teanga scríofa a mháistir.[42]

Tugann an Gaodhal léargas fíorthábhachtach dúinn ar intinn an té a bhfuil an-díograis air. Bhí cur chuige na dhá thonn aige maidir le cur chun cinn na teanga.[44] Ar taobh amháin, d’árdaigh sé an teanga, ag moladh a shaibhreas, a háilleachta agus a seanaoise, ag súil le daoine a chur ina luí ar na buntáistí móra a bhainfeadh leis an nGaeilge. Agus ar an taobh eile den scéal, chuir sé as gan a bheith ag tacú leis na hÉireannaigh, ag cur ina leith go raibh siad ina dtraoltóirí ina dtír féin agus ar dheireadh thiar dóibh féin.[43]

Féach Freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Litríocht na Gaeilge

W.B. Yeats

Pádraig Mac Piarais

Éirí Amach na Cásca

Conradh na Gaeilge

Cumann na nGaedheal

Sinn Féin

An Gaodhal

An Claidheamh Soluis

Fáinne an Lae 1898-1900

Cumann Lúthchleas Gael

Cultúr na hÉireann

Eoin Mac Néill

Dubhghlas de hÍde

Mícheál Ó Cíosóig

Bráithreachas Phoblacht na hÉireann

Saorstát na hÉireann

The Murder Machine by P.H.Pearse.

Filíocht an Phiarsaigh.

Óráid an Phiarsaigh cois uaigh Uí Dhonnabháin Rosa (i nGaeilge)

William Butler Yeats: Próifíl agus Dánta ag Poets.org

Modern Gaelic Literature

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]





  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 1.5 1.6 1.7 "Gaelic Revival". GaelicMatters.com. Dáta rochtana: 2019-04-01.
  2. Ireland. ([1969]). "An páipéar bán um athbheochan na Gaeilge : tuarascáil don tréimhse dar chríoch 31 Márta, 1968 = White paper on the restoration of the Irish language : progress report for the period ended 31 March, 1968 : Arna leagan ag an Rialtas faoi bhráid gach Tí den Oireachtas, Feabhra, 1969.". Oifig an tSoláthair. OCLC 22264986. 
  3. 3.0 3.1 3.2 "Gaelic revival | Irish literature" (en). Encyclopedia Britannica. Dáta rochtana: 2019-04-01.
  4. 4.00 4.01 4.02 4.03 4.04 4.05 4.06 4.07 4.08 4.09 4.10 4.11 4.12 Tierney, Michael, 1894-1975 (1980). "Eoin MacNeill, scholar and man of action, 1867-1945". Oxford University Press. OCLC 832155205. 
  5. 5.0 5.1 5.2 5.3 5.4 5.5 5.6 5.7 "The Gaelic Revival in Ireland and America" (en). IrishCentral.com (2016-10-11). Dáta rochtana: 2019-04-01.
  6. "Duffy, Sir Charles Gavan (1816–1903)" (2018-02-06). Oxford Dictionary of National Biography. Oxford University Press. 
  7. Kevin B. Nowlan (1947-03). "Writings in Connection with the Thomas Davis and Young Ireland Centenary, 1945. The Young Irelanders. By T. F. O'Sullivan. Pp. xvi, 686. Tralee : The Kerryman. 1944. 10s. 6d.". Irish Historical Studies 5 (19): 265–266. doi:10.1017/s0021121400032818. ISSN 0021-1214. 
  8. "Duffy, Sir Charles Gavan (1816–1903)" (2018-02-06). Oxford Dictionary of National Biography. Oxford University Press. 
  9. Gwynn, Denis, 1893-1973. (1949). "Young Ireland and 1848.". Cork University Press. OCLC 2872430. 
  10. 10.00 10.01 10.02 10.03 10.04 10.05 10.06 10.07 10.08 10.09 10.10 Andrew Lynch – 27 January 2016 11:04 AM. "A Gaelic Revival that sparked an Irish revolution within a decade" (en). Herald.ie. Dáta rochtana: 2019-04-01.
  11. 11.0 11.1 "Frank O’Connor’s 1920s Cultural Criticism and the Poetic Realist Short Story" . The Irish Short Story. Peter Lang. 
  12. Duffy, Charles Gavan, Sir, 1816-1903. (1973). "The revival of Irish literature". Lemma Pub. Corp. OCLC 600439. 
  13. Brian P. Murphy (2005). "The Catholic Bulletin and Republican Ireland, 1898-1926: With Special Reference to J. J. O'Kelly ('Sceilg')" (in en). Athol Books. 
  14. Mackay, James A. (James Alexander), 1936-2007. (1996). "Michael Collins : a life". Mainstream Pub.. OCLC 35792870. 
  15. "Celtic Culture: A-Celti" (in en) (2006). ABC-CLIO. 
  16. 16.0 16.1 Edwards, Ruth Dudley. (2006). "Patrick Pearse : the triumph of failure". Irish Academic Press. OCLC 68764113. 
  17. "Douglas Hyde: a maker of modern Ireland" (1991-11-01). Choice Reviews Online 29 (03): 29–1662-29-1662. doi:10.5860/choice.29-1662. ISSN 0009-4978. 
  18. Cú Uladh, 1856-1942. ([1992]). "Bliain na hAiséirí". Coiscéim. OCLC 27420551. 
  19. Mike Cronin (2005-09-22). "Maguire, Samuel [Sam (1877–1927), Irish republican and promoter of Gaelic sports]". Oxford University Press. 
  20. "GAA celebrates 125th anniversary" (in en) (2009-11-01). 
  21. "History |". Athletics Ireland. Dáta rochtana: 2019-04-01.
  22. "The Concise Oxford Companion to Irish Literature" (2000-01-01). doi:10.1093/acref/9780192800800.001.0001. 
  23. Jane Hu. "Irish Literary Revival". Routledge Encyclopedia of Modernism. London: Routledge. 
  24. 24.0 24.1 24.2 24.3 Yeats, W. B. (William Butler), 1865-1939, editor.. "Fairy and folk tales of the Irish peasantry". OCLC 45039728. 
  25. "Multitext - Douglas Hyde". web.archive.org (2011-10-01). Dáta rochtana: 2019-04-01.
  26. 26.0 26.1 Ó Laoghaire, Peadar. (2011). "Séadna". Cois Life. OCLC 797177026. 
  27. Koch, John T. (2006). "Celtic culture : a historical encyclopedia.". ABC-CLIO. OCLC 648293152. 
  28. Bruccoli, Matthew Joseph, 1931- Layman, Richard, 1947- Clark, C. E. Frazer. Meanor, Patrick. McNabb, Janice. Robert Barr. McNabb, Janice. E.W. Hornung. Cox, J. Randolph. Sir Arthur Conan Doyle. Grella, George. Sir Arthur Conan Doyle. Dematteis, Philip B. Sir Arthur Conan Doyle. (1978-). "Dictionary of literary biography". Gale Research Co. OCLC 63034308. 
  29. Morrissey, Thomas J. (2004). "Thomas A. Finlay SJ, 1848-1940 : educationalist, editor, social reformer". Four Courts. OCLC 249535049. 
  30. O'Leary, Philip. (1994). "The prose literature of the Gaelic revival, 1881-1921 : ideology and innovation". The Pennsylvania State University Press. OCLC 868599646. 
  31. Christina Hunt Mahony, David Pierce (2002). "Irish Writing in the Twentieth Century: A Reader". The Canadian Journal of Irish Studies 28/29: 208. doi:10.2307/25515441. ISSN 0703-1459. 
  32. UCD. "Decade of Centenaries".
  33. 33.0 33.1 33.2 "The Gaelic League in the Irish Free State in the 1920s and 1930s" (en-US). The Irish Story (2012-08-02). Dáta rochtana: 2019-04-01.
  34. John A. Murphy, Garret FitzGerald (1992). "A Contented Man". The Irish Review (1986-) (12): 139. doi:10.2307/29735654. ISSN 0790-7850. 
  35. Cowman, Des.. "Fianaise na staire.". An Gʹum. OCLC 27428786. 
  36. "The Gaelic League" . Women and the Irish Nation. Palgrave Macmillan. 
  37. Bew, Paul. (1989). "The Dynamics of Irish politics". Lawrence and Wishart. OCLC 803262582. 
  38. John Coakley (2005-09). "Ireland’s Unique Electoral Experiment: The Senate Election of 1925". Irish Political Studies 20 (3): 231–269. doi:10.1080/07907180500359327. ISSN 0790-7184. 
  39. Stephen James Meredith Brown (1937). "The Press in Ireland: A Survey and a Guide" (in en). Lemma Publishing Corporation. 
  40. 40.0 40.1 40.2 40.3 40.4 40.5 40.6 40.7 "Ní Ghabhann, The Gaelic Revival in the US in the nineteenth century". www.ucc.ie. Dáta rochtana: 2019-04-01.
  41. 41.0 41.1 Eoghan Ó Dúill, Colm Dubh Ó Méalóid (1995). "Ar bhád chonraí go meiriceá". Comhar 54 (2): 29. doi:10.2307/25572588. ISSN 0010-2369. 
  42. 42.0 42.1 42.2 42.3 42.4 Éamon Ó Ciosáin, Fionnuala Ní Fhlannagáin (1992). "Micheál Ó Lócháin agus AN GAODHAL". Comhar 51 (2): 30. doi:10.2307/25571711. ISSN 0010-2369. 
  43. 43.0 43.1 Art de Creag (2000). "Gnó Ghluaiseacht na Gaeilge". Comhar 60 (10): 9. doi:10.2307/25574107. ISSN 0010-2369. 
  44. 44.0 44.1 44.2 Ó hAnnracháin, Stiofán. (1979). "Go Meiriceá siar : na Gaeil agus Meiriceá : cnuasach aistí". An Clóchomhar Tta a d'fhoilsigh do Chumann Merriman. OCLC 21523792.