Mícheál Ó Cíosóig

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Múinteoir agus gníomhaí Éireannach ab ea é Mícheál Ó Cíosóig (Mícheál Cíosóg an leagan a bhí ag Liam Ó Caithnia sa bheathaisnéis a scríobh sé faoin gCiosógach), nó Michael Cusack as Béarla (20 Meán Fómhair, 1847 - 27 Samhain, 1906). Bhí sé ina bhunaitheoir ar Chumann Lúthchleas Gael, an eagraíocht atá freagrach as na cluichí Gaelacha in Éirinn.

Tús a shaoil[athraigh | athraigh vicithéacs]

Mícheál Ó Cíosóig.

Rugadh Mícheál Ó Cíosóig i bparóiste beag an Chairn, ar fhaobhar oirthir na Boirne, Contae an Chláir sa bhliain 1847. Bhí teach beag ag a mhuintir anseo, é féin agus ceathrar deartháireacha agus deirfiúr amháin. Níl a lán eolais ar fáil faoin a óige, ach amháin gur lúthchleasaí láidir a bhí ann a bhaineadh sult as a bheith ag imirt iomána leis na páistí eile ón gcomharsanacht tar éis an Aifrinn gach Domhnach. Cainteoir dúchais Gaeilge a bhí ann, mar ba ghnách sa réigiún san am. Meastar go raibh sé timpeall aon bhliain déag nuair a d'fhoghlaim sé an Béarla don chéad uair. Bhain sé líofacht an Bhéarla amach tar éis tamaill, agus ba dhuine dátheangach é go dtí deireadh a shaoil.

Chuaigh an Cíosógach sa Scoil Náisiúnta sa Charn sa bhliain 1858. Nuair a bhí a chuid léinn foghlamtha aige, thóg sé post mar mhúinteoir agus chaith sé seal ag obair i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Tar éis filleadh abhaile dó, fuair sé post ag múineadh in Iúr Chinn Trá i gContae Ard Mhacha, Coláiste na Carraige Duibhe i gContae Átha Cliath agus i gCoill Chluana Gabhann, Contae Chill Dara. Ba é an Cíosógach a d'oscail an Civil Service Academy, acadamh a bhí an-rathúil dó ag an am.

Riarachán[athraigh | athraigh vicithéacs]

Mar gheall ar an tsuim agus an grá a bhí aige sa spórt, thosaigh sé ag scríobh mar iriseoir ar chúrsaí spóirt agus polaitíocht na hÉireann. Tar éis tamaill, d'éirigh sé as an múinteoireacht agus thosaigh sé ag scríobh ar bhonn lán-aimseartha. Sa bhliain 1881, cháin Ó Cíosóig na húdaráis a bhí i gceannas ar rugbaí agus lúthchleasaíocht sa tír. Dar leis, ba iad an léimneach agus an caitheamh meáchain na haon chluichí amháin a bhí fíor-Ghaelach. Ní raibh sa rásaíocht ná sa rothaíocht ach allmhairí Shasanacha.

San laethanta seo, ba é Coláiste na Tríonóide an t-aon áit amháin a bhí ag rialú na gcluichí. Shocraídís clubanna áitiúla don bhádóireacht, an rugbaí, an iomáint agus an lúthchleasaíocht. Ansin, chuir siad eagraíochtaí náisiúnta ar bun, mar shampla an Irish Rugby Football Union. Ní raibh an Cíosógach sásta le cúrsaí mar a bhí siad - ba í an chinsealacht Phrotastúnach a bhí i gceannas, agus níor thug siad cead cluichí a imirt ar an Domhnach, an lá saoire go traidisiúnta ag na Caitlicigh in Éirinn. Chomh maith leis sin, ní raibh cead ag an gnáthdhuine páirt a ghlacadh, mar bhí cead ag na "daoine uaisle" amháin. Ní raibh an suíomh sásúil do na Caitlicigh agus na náisiúnaithe in Éirinn, agus bhí athrú mór de dhíth.

Ag deireadh na 19ú haoise, bhí dhá shaghas iomána á imirt in Éirinn - saghas amháin a bhí le fáil sa tuaisceart agus san iarthar, a d'imrítí sa gheimhreadh, agus a bhí cosúil leis an "shinty" atá acu san Albain. Ba chluiche samhraidh é i ndeisceart agus oirthear na tíre, agus b'fhearr an ceann seo leis an gCiosógach. Mar thoradh, chaith sé a dhúthracht le forbairt an chineáil seo.

Cumann Lúthchleas Gael[athraigh | athraigh vicithéacs]

Shocraigh an Cíosógach agus Maurice Davin as Carraig na Siúire, Contae Thiobraid Árann cruinniú in Óstán Uí Aodha i nDurlas ar an 1 Samhain, 1884. Na daoine eile a bhí i láthair ná Charles Stewart Parnell, agus an tArd-Easpag Thomas Croke. Bhunaigh siad Cumann Lúthchleas Gael chun athnuachan agus forbairt a dhéanamh ar na cluichí Gaelacha. Toghadh Davin ina uachtarán, agus an Cíosógach ina rúnaí. Baniad Parnell, Croke agus Davitt na chéad phatrúin. Bhí an CLG bunaithe ar na paróistí agus na contaetha, agus thosaigh an tacaíocht ag fás go tapaidh. Cuireadh cosc ar na cluichí Sasanacha, riail a mhair i bhfeidhm go dtí an bhliain 1971. D'éirigh an Cíosógach as an rúnaíocht sa bhliain 1886, ach bhí sé gníomhach san eagraíocht go lá a bháis.

An teanga[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bhí páirt lárnach ag an nGaeilge sa chumann nua, agus bhí an Cíosógach ábalta í a úsáid chun forbairt a dhéanamh ar fud na tíre. Bhí sé ina eagarthóir ar an nuachtán "United Ireland", agus bhunaigh sé "The Celtic Times", nuachtán seachtainiúil le heolas faoi na cluichí Gaelacha agus an cultúr go forleathan.

A oidhreacht[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tá Ardán Uí Chíosóig i bPáirc an Chrócaigh, ceanncheathrú CLG ainmnithe in ómós dó. Ós rud é gur Cláiríneach a bhí ann, tá Páirc Uí Chíosóig, staid baile na foirne CLG sa chontae, ainmnithe ina onóir freisin. Ba mhór an carachtar é Ó Cíosóig, agus bhí tionchar an-mhór aige ar oidhreacht na hÉireann. Deirtear uaireanta go bhfuil an carachtar "The Citizen" san úrscéal úd Ulysses le James Joyce bunaithe air.

Naisc sheachtracha[athraigh | athraigh vicithéacs]