Jump to content

Nuachtán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Nuachtán ón bhliain 1918
Irish Independent, 1905
Lá Nua, nuachtán a foilsíodh i mBéal Feirste

Is iris ina fhoilsítear nuacht agus faisnéis eile é nuachtán. Clóbhuailtear ar pháipéar tanaí é.

Foilsítear nuachtáin gach lá, gach seachtain nó gach mí nó níos minicí, amhail gach ré lá nó dhá uair sa seachtain.

Bíonn ailt i nuachtáin dírithe ar pholaitíocht, spórt, siamsaíocht, an gheilleagar, oideachas, eolaíocht agus a lán nithe eile nach iad.

An ré dhigiteach sa 21ú haois

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foilsítear nuachtáin ar fad na cruinne gach lá. Is iad ceann de na bealaí is tábhachtaí atá ag daoine nuacht a fháil. Ach tá na nuachtáin faoi bhrú ón nGréasán Domhanda mar is féidir an t-eolas a fhoilsiú láithreach ar na ngréasán. Anois is ar na meáin shóisialta a dhíríonn tromlach na hóige. Níl a dhath iontais le déanamh de sin. Tá an bealach nua níos tapúla, níos gonta agus níos saoire.[1]

In 2024,dúirt Príomhfheidhmeannach an chomhlachta Mediahuis (úinéir an Irish Independent), Peter Vandermeersch, go mba é an bás a bhí i ndán don nuachtán laethúil.[2] Tá titim ollmhór ar dhíolachán páipéir nuachta ar fud a domhain le 20 bliain anuas agus sin an fáth a bhfuil leithéidí Mediahuis ag díriú ar na meáin dhigiteacha.

Teacht na teicneolaíochta nua-aoise is mó is cúis le meath an pháipéir nuachta. Meastar go bhfuil 3,000 níos lú nuachtán sna Stáit Aontaithe ná a bhí in 2025. Sa mBreatain facthas deireadh ré ag beagnach 300 nuachtán áitiúil san achar sin – bhí oiread á bhfoilsiú san 18ú céad agus atá inniu.

Sin ráite, gá suaimhneas éicint ag baint i gcónaí le bheith ag léamh leathanaigh nuachtáin. Ní thagann a leithéid chun cinn agus duine ag breathnú ar scáileán beag agus ag fliceáil chuile dhara soicind.[1]

Is é an Irish Independent an ceann laethúil is mó a bhfuil ceannacht sa tír seo air – fós tá an díolachán tite go dtína leath nach mór idir 2015-2025.[3] B’in an fáth, agus iad ag snámh in aghaidh easa, gurbh é an rud ba thúisce a rinne Mediahuis nuair a cheannaigh siad é in 2020 ná eagrán digiteach den nuachtán a chruthú don chéad uair ariamh. Sa bhliain 2025 bhí 100,000 duine ag íoc síntiús leo ar a shon.[1]

De réir Thuarascáil ar Nuacht Dhigiteach na hÉireann 2026 a d’fhoilsigh Coimisiún na Meán, bhí muintir na hÉireann ag seachaint na nuachta níos mó ná riamh agus laghdú suntasach tagtha ar an muinín atá acu inti. Fuarthas amach go raibh 47% de mhuintir na hÉireann ag déanamh iarrachta an nuacht a sheachaint, an leibhéal is airde riamh a taifeadadh sa staidéar.

Léirigh an tuarascáil go ndeir 42% de dhaoine in Éirinn go mbíonn muinín acu as an nuacht formhór an ama. Mar sin féin, bhí leibhéal na muiníne níos airde ná mar a bhí sa Ríocht Aontaithe (31%), sna Stáit Aontaithe (26%) agus ar mhór-roinn na hEorpa (36%). In ainneoin an mheatha sa mhuinín ghinearálta, bhí muinín láidir fós ag an bpobal as mórbhrandaí nuachta. Bhí muinín ag 69% as The Irish Times agus ag 68% as The Irish Independent.[4]

Liosta nuachtán

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1 2 3 Mártan Ó Ciardha (22 Feabhra 2026). "Caillfear cuid den spórt le meath an pháipéir nuachta" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-02-22.
  2. ↑ Cantillon. "Mediahuis Ireland prepares for the digital storm" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2026-02-22.
  3. ↑ Pádhraic Ó Ciardha (Iúil 2019). "Staid Reatha agus Treochtaí Earnáil na Meán in Éirinn, Páipéar Taighde d’Fhoras na Gaeilge". Dáta rochtana: 2026.
  4. ↑ Eagarthóir (2026-06-19). "Muinín sa nuacht ag titim agus seachaint ag méadú, dar le tuarascáil nua" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2026-06-21.