Contae an Chláir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilContae an Chláir

Suíomh
Map
 52°50′00″N 9°00′00″W / 52.833333333333°N 9°W / 52.833333333333; -9
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Mumhan Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairInis Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán117,096 (2011) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús33.94 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla3,450 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht feidhmiúcháinoffice of the Cathaoirleach of Clare County Council (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachcomhlacht reachtach Chomhairle Contae an Chláir Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Cód ISO 3166-2IE-CE Cuir in eagar ar Wikidata
Cód NUTSCE Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Logainm.ie100009
Suíomh gréasáinclare.ie Cuir in eagar ar Wikidata

I dtuaisceart Chúige Mumhan atá an ClárContae an Chláir.[1] Tá teorainn aige le Contae na Gaillimhe ó thuaidh agus tá an tAigéan Atlantach ar an taobh thiar de. Tá Inbhear na Sionainne ar an dtaobh ó dheas, agus an tSionainn í féin agus Loch Dearg ar an taobh thoir.

Daoine[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is í Inis an t-aon bhaile mór atá sa chontae. Tá Aerfort na Sionainne tuairim is 20 km siar uaidh. Tá an t-aerfort an-tábhachtach do mhuintir na háite agus d'iarthar na hÉire ar fad - tá sé níos éasca ar thurasóirí cuairt a thabhairt ar iarthar na tíre, agus d'imircigh ón iarthar cuairt a thabhairt abhaile. Tá eastát tionsclaíochta an-tábhachtach in aice leis an Aerfort chomh maith, i mbaile na Sionainne, baile nua a cruthaíodh thart ar daichead bliain ó shin.

Tá cáil ar an gcontae, leis, mar ionad don cheol traidisiúnta Gaelach. Gar do Inis atá an Tulach, agus is ann atá an grúpa ceoil cáiliúil 'Banna Céilí na Tulaigh'.

Tír[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá tuaisceart an chontae clochach go maith, agus tugtar carst ar an sórt seo tíre, le leacacha móra d'aolchloch, pluaiseanna, agus blátha idir na craige nach bhfásann mórán sa chuid eile den tír. An Bhoireann a thugtar ar an gceantar sin, agus tá an sórt leagain amach céanna, nach mór, in oileáin Árann atá thiar uaidh thar farraige.

Tá cáil ar aillte an Mhothair leis, na haillte is airde sa tír, mar gheall ar na radharcanna breá amach ar chuan na Gaillimhe agus ar oileáin Árann uathu. Tá titim caol díreach síos uathu go farraige.

Tá roinnt talún maith i ndeisceart agus in oirthear an chontae ar bhruach na Sionainne.

Teangacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa daonáireamh deireanach(2011), bhí 53,853(48.1%) duine i gcontae an Chláir in ann Gaoluinn a labhairt, agus labhair 2,052(1.8%) duine Gaoluinn go laethúil lasmuigh don chóras oideachais. Labhair 10,711 duine sa chontae teanga eile seachas GaoluinnBéarla sa bhaile. Ba í an Pholainnis an teanga ba chomónta de na teangacha seo agus 2,644(2.4%) cainteoirí ann.

Bailte[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is baile measartha gnóthach í Inis le roinnt blianta anuas. Bíonn trácht as Gaillimh go hAerfort na Sionainne ag dul tríd agus mealltar roinnt turasóireacht ghinearálta freisin. Is ann freisin, a thionóltar ceann de na Fleánna Ceoil is mó na tír. Tá tránna breá i Leath Inse, i gCill Chaoi agus in áiteanna eile. Tá cáil idirnáisiúnta ar Leath Inse, freisin, mar láthair ghailf. Is áit mhór shaoire, freisin, Lios Dúin Bhearna, agus bhain go leor de cheoltóirí móra traidisiúnta na tíre a gcáil amach ann. Is ann, freisin, a bhíonn féile 'chuile bhliain do bhaitsiléirí, timpeall an ama a bhíonn deireadh leis an bhfómhar. Feirmeoirí is mó a bhíodh ag dul ann, ach tagann go leor eile idir óg agus aosta anois.

Bailte/Paróistí i gContae an Chláir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Barúntachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tíreolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ón gcontae seo a tháinig Brian Bóirmhe, an ceannaire Gaelach a chloígh na Lochlannaigh i gCath Chluain Tarbh. B'as oirthear an Chláir Brian Mac Giolla Meidhre, údar Chuairt an Mheán Oíche, a thosaíonn le cur síos ar áit a bhí gar dá chroí, Loch Gréine. Ba sa chontae seo a tógadh Eamon de Valera, a bhí páirteach i gCogadh na Saoirse, agus a bhí ina uachtarán agus ina Thaoiseach ar Éire.

Cultúr[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]