Contae Ard Mhacha
| Ard Mhacha (ga) | |||||
| Suíomh | |||||
| |||||
| Stát ceannasach | an Ríocht Aontaithe | ||||
| Comhthír na Ríochta Aontaithe | Tuaisceart Éireann | ||||
| Príomhchathair | Ard Mhacha | ||||
| Daonra | |||||
| Iomlán | 174,792 (2011) | ||||
| • Dlús | 139.39 hab./km² | ||||
| Tíreolaíocht | |||||
| Cuid de | Tuaisceart Éireann | ||||
| Achar dromchla | 1,254 km² | ||||
| Suite i nó in aice le limistéar uisce | Loch nEathach | ||||
| Pointe is airde | Sliabh gCuillinn (573 m) | ||||
| Ar theorainn le | |||||
| Aitheantóir tuairisciúil | |||||
| Lonnaithe i gcrios ama | |||||
| Logainm.ie | 100001 | ||||
Is é Ard Mhacha nó Contae Ard Mhacha,[1] (Armagh as Béarla) an contae is lú ó thaobh achair de i dTuaisceart Éireann. Tá sé suite i ndeisceart Chúige Uladh.
Tá cáil ar Ard Mhacha mar 'úllord na hÉireann', agus fástar a lán torthaí ann i gcónaí. Ba iad na plandóirí a chuir fúthu sa 17ú haois a chuir na húlloird ar dtús.
Imrítear leagan de chluiche babhlaí in Ard Mhacha nach bhfaightear aon áit eile ach i gCorcaigh
Tá traidisiún láidir peile Ghaelaí sa cheantar agus bhuaigh foireann Ard Mhacha Craobh na hÉireann i 2002.
Tá Ard Mhacha theas, is é sin an ceantar tuaithe in aice na teorann le Contae Lú sa Phoblacht, sách náisiúnach. Caitliceachas an príomhreiligiún. Fuair a lán saighdiúirí Briotanacha bás ann i rith na dTrioblóidí.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí cónaí ar Ríthe Chúige Uladh in Eamhan Macha, áit a raibh daingean ón 700 RC, agus de réir na nginealach ba í Macha Mongrua, a fuair bás i 667 RC, a thóg dún ann in aice le cathair Ard Mhacha fadó, agus is minic logainmneacha an cheantair luaite sa Rúraíocht.
Ba in Ard Mhacha a thóg Naomh Pádraig a chéad eaglais cloiche in AD 444 agus tá ardeaglaisí ag an Eaglais Chaitliceach Rómhánach agus ag Eaglais na hÉireann sa chathair faoi láthair.
Tá Brian Bóirmhe (Ború), a bhí ina Ard-Rí ar Éirinn go dtí 1014, curtha in Ard Mhacha
Bailte i gContae Ard Mhacha
[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Ard Mhacha, Achadh Camán, Achadh na Cranncha, Achadh an Dá Chora
- Baile Mhic An Aba, Bun na Banna, Béal Leice, Baile Mhic Cullach, Bábhún Hamaltún, Baile an Chláir, Baile Úr
- An Céide, Creag Abhann, Crois Mhic Lionnáin, Camloch, Carraig an Easa, Cláidigh Mhór, Cluain Mór, Cor-Fhuinnseoige, An Creagán, Coilleach Eanach, An Céide, Cillín, Coillidh Léith, Cill Mhór, Cnoc an Mhargaidh, Coillidh Chanannáin, Corr Leacht
- Droim na hUinseann, Dearclaigh, Doire Chaol, Doire Mhic Cais, Doire Núis, Doire Trasna, Na Doirse, Druim an Tighe, Droman Uí Chonbhuí
- Eanach Mór, Eanach Aodha, Éadan na bhFiach
- Foirceal
- An tIúr
- An Lorgain, Lios Liath, Lios na Daille, Loch gCál, Loch Goilí, Log a' Choire
- An Machaire, na Madain, An Mhaigh, An Mullach Bán, Mullach Breac, An Mullach Glas, Mullach a' Bhile
- Port an Dúnáin, An Port Mór, Pas an Phointe
- An Sruthán, Sráid na nAlbanach
- Tóin re Gaoith, Tuíneán
Bailte fearainn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Baruntachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Paróistí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cultúr
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tíreolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Contae Ard Mhacha/Armagh | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.

