Jump to content

Corr Leacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilCorr Leacht

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54° 13′ 24″ N, 6° 29′ 14″ O / 54.2233°N,6.4872°W / 54.2233; -6.4872
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheTuaisceart Éireann Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán352 Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poistBT60 Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie136080


Is sráidbhaile beag suite i gContae Ard Mhacha é Corr Leacht[1] ach tugann roinnt daoine áitiúil Crois Bhán air chomh maith (Béarla: Whitecross). In 2011, bhí sé ar taifead sa daonáireamh go raibh 352 duine ina gcónaí sa sráidbhaile.

Na Trioblóidí

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tharla dhá eachtra mhíchlúiteach sa cheantar i rith na dTrioblóidí. Ar 4 Eanáir, dúnmharaigh UVF triúr deartháireacha Caitliceacha ina mbaile sa sráidbhaile. Ar an oiche dár gcionn go díreach, maraíodh deichniúr Protastúnach ag seicphointe bréige i Muileann Ching, cúpla míle ón sráidbhaile

Tá teach tábhairne agus siopa beag le stáisiún peitril agus oifig an phoist sa sráidbhaile. Tá an teach tábhairne suite ag an áit den iarstáisiún póilíní. Tá ionad don chumann pobail agus clós súgartha fosta.

Freastalaíonn na seirbhísí bus 40c agus 40e (Iúr Cinn Trá-Ard Mhacha) an sráidbhaile

Níl aon scoil sa sráidbhaile, ach tá cúpla scoil in aice láimhe:

  • Bunscoil Muileann Ching
  • Bunscoil Naomh Bríd, Droim Mullaigh
  • Bunscoil Naomh Malachi, Baile an Mhaoir
  • Bunscoil Naomh Treasa, Tulaigh Chiaráin

Tá cumann peile ag an sráidbhaile darb ainm Naomh Cillian CLG, Crois Bán. Bunaíodh siad i 1904 agus imríonn siad i bPáirc Naomh Cillian. Tá foireann fear, foireann ban agus cúpla foireann faoi aois acu. Úsáidtear a gclubtheach eachtraí agus gníomhaíochtaí éagsúla a óstáil.