5 Eanáir
<< Eanáir >> | ||||||
Lu | Má | Cé | Dé | Ao | Sa | Do |
1 | ||||||
2 | 3 | 4 | 5 | 6 | 7 | 8 |
9 | 10 | 11 | 12 | 13 | 14 | 15 |
16 | 17 | 18 | 19 | 20 | 21 | 22 |
23 | 24 | 25 | 26 | 27 | 28 | 29 |
30 | 31 | |||||
2023 | ||||||
Laethanta na bliana go léir |
Is é an 5 Eanáir an cúigiú lá den bhliain de réir fhéilire Ghréagóra. Tá 360 lá fágtha sa bhliain nó 361 i mbliain bhisigh.
Féilte[cuir in eagar | athraigh foinse]
Daoine a rugadh ar an lá seo[cuir in eagar | athraigh foinse]
- 1838 — Marie-Ennemond Camille Jordan, matamaiticeoir Francach
- 1846 — Rudolf Christoph Eucken, fealsamh Gearmánach
- 1855 — King Camp Gillette, ceapadóir Meiriceánach
- 1876 — Konrad Adenauer, polaiteoir Gearmánach
- 1902 — Stella Gibbons, scríbhneoir Briotanach
- 1905 — Vladimir Pozner, scríbhneoir agus aistritheoir Francach
- 1917 — Jane Wyman, ban-aisteoir Meiriceánach
- 1928 — Walter Mondale, Leasuachtarán na Stát Aontaithe ó 1977 go 1981
- 1928 — Zulfikar Ali Bhutto, polaiteoir Pacastánach
- 1930 — Buzz Aldrin, spásaire Meiriceánach
- 1931 — Robert Duvall, aisteoir agus stiúrthóir Meiriceánach
- 1932 — Umberto Eco, scríbhneoir Iodálach
- 1938 — Juan Carlos, rí na Spáinne
- 1938 — Ngũgĩ wa Thiong'o, scríbhneoir Céiniach
- 1946 — Diane Keaton, ban-aisteoir Meiriceánach
- 1953 — Dwight Muhammad Qawi, dornálaí Meiriceánach
- 1955 — Douglas Chapman, polaiteoir Albanach
- 1956 — Frank-Walter Steinmeier, polaiteoir Gearmánach
- 1968 — Jim O'Callaghan, polaiteoir Éireannach
- 1972 — Julian Knight, polaiteoir Sasanach
- 1975 — Bradley Cooper, aisteoir Meiriceánach
- 1989 — Brendan Maher, iománaí Éireannach
Daoine a fuair bás ar an lá seo[cuir in eagar | athraigh foinse]
- 1171 — Thomas Becket, Ardeaspag Canterbury, naomh Caitliceach
- 1203 — Alain de Lille, diagaire agus file Francach
- 1762 — Éilís na Rúise, Banimpire na Rúise
- 1922 — Ernest Shackleton, taiscéalaí (r.1874)
- 1933 — Calvin Coolidge, 30ú uachtarán na Stát Aontaithe (r.1872)
- 1936 — Ramón del Valle-Inclán, scríbhneoir Gailíseach
- 1939 — Amelia Earhart, eitleoir agus údar Meiriceánach
- 1941 — Amy Johnson, eitleoir Sasanach
- 1941 — Jennie Wyse Power, polaiteoir, gníomhaí, feimineach, agus bean ghnó Éireannach
- 1954 — James Kilroy, polaiteoir Éireannach
- 1960 — Ruaraidh Arascain is Mhàirr, Polaiteoir Albanach
- 1973 — Gearroid Ua Beolláin, polaiteoir Éireannach
- 1975 — Johnny Geoghegan, polaiteoir Éireannach
- 1976 — Seán A Mac Coisdealbha, polaiteoir Éireannach, an dara Taoiseach (r.1891)
- 1977 — Patrick Cogan, polaiteoir Éireannach
- 1979 — Billy Bletcher, aisteoir
- 1981 — Harold Clayton Urey, ceimiceoir fisiceach Meiriceánach
- 2018 — John Young, spásaire Meiriceánach
- 2019 — Alan R. Pearlman, duine gnó
Imeachtaí Eile[cuir in eagar | athraigh foinse]
- 1907 - D'oscail Cumann Ríoga Gluaisteán na hÉireann an chéad taispeántas gluaisteán riamh in Éirinn san RDS. Thosaigh seirbhís tacsaí i mBÁC ag an am céanna.
- 1911 - Tháinig agóideoirí Protastúnacha le chéile i Halla Tionóil Bhéal Feirste le cur in aghaidh Ne Temere, riail na hEaglaise Caitlicigh sa bhliain 1907.[1]
- 1953 - Thuairteáil eitleán (Vickers Viscount) de chuid na haerlíne British European Airways in aerfort Choirnéal Nutt, Béal Feirste. Fuair seachtar daoine fichead bás sa timpiste. Tháinig ochtar eile slán. Ba í seo an tuairt eitleáin ba mheasa riamh i stair Thuaisceart Éireann.[2] D'imigh an píolóta thar an rúidbhealach srl. Iomrall tromchúiseach breithiúnais a rinne an píolóta.
- 1976 - Tharla Sléacht Mhuileann Ching; maraíodh deichniúr oibrí Protastúnacha .ag Muilte Ching i gContae Ard Mhacha.
- 1981 - In ainneoin na n-agóidí, d'fhógair Aontas Rugbaí na hÉireann go raibh siad le dul go dtí an Afraic Theas le cluiche a imirt in aghaidh na foirne náisiúnta ansin, na Springboks, cé go raibh an apairtéid i réim sa tír sin i gcónaí.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ "Ne Temere" (as en) (2020-12-24). Wikipedia.
- ↑ "Belfast telegraph". www.pressreader.com (2013-01-05). Dáta rochtana: 2020-01-05.