1960
Jump to navigation
Jump to search
Blianta: 1957 1958 1959 - 1960 (MCMLX) - 1961 1962 1963 | |
Deichniúra: 1930í 1940í 1950í - 1960í - 1970í 1980í 1990í | |
Aois: 19ú haois - 20ú haois - 21ú haois |
Bliain bhisigh a thosaigh ar an Aoine ab ea 1960 (MCMLX). "Bliain na hAfraice" a tugadh air mar bhain 17 tír san Afraic a neamhspleáchas amach sa bhliain úd.
Eachtraí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- 28 Feabhra – Thuairteáil eitleán de chuid Alitalia i reilig i mBaile na Sionna go gairid i ndiaidh Aerfort na Sionainne a fhágáil ar a bhealach go Nua-Eabhrac. Fuair 34 duine bás as na 52 duine a bhí ar bord.
- 21 Márta - Rinneadh 69 duine a mharú agus 300 duine a ghortú i sléacht Sharpeville san Afraic Theas
- 1 Bealtaine - Tugadh eitleán Meiriceánach, Lockheed U-2, anuas san APSS le diúracán. Gabhadh an píolóta, Francis Gary Powers de chuid an CIA.
- 16 Meitheamh - Mharaigh fórsaí éigeandála na Portaingéile agóideoirí i Sléacht Mueda san Afraic Phortaingéalach Thoir (Mósaimbíc sa lá atá inniu ann).
- 8 Samhain - Fuair John F. Kennedy an bua ar Richard Nixon sa toghchán uachtaránachta i SAM. Kennedy an fear is óige a toghadh riamh don phost úd.
- 9 Nollaig - Craoladh Coronation Street sa Ríocht Aontaithe den chéad uair. Craoltar fós é sa bhliain 2011.
- 15 Nollaig - Bhris an Rí Mahendra rialtas daonlathach Neipeal as cumhacht agus thosaigh sé ar an tír a rialú go díreach.

Meitheamh, 1960:Cuireadh cuairt an Uachtarán Dwight D. Eisenhower ar ceal mar gheall ar agóidí móra i gcoinne an Chonradh Slándála idir SAM agus an tSeapáin.
Breitheanna[cuir in eagar | athraigh foinse]
- 10 Eanáir - An Taoiseach Brian Ó Comhain.
- 13 Eanáir - Dolores Nic Chonmara, an bhean is ámharaí in Éirinn
- 21 Márta - Ayrton Senna, tiománaí Brasaíleach (b. 1994)
- 10 Bealtaine - Bono, amhránaí Éireannach
- 24 Bealtaine - Packie Bonner, imreoir sacair
- 24 Iúil - Jonathan Hill, polaiteoir Sasanach
Básanna[cuir in eagar | athraigh foinse]
- 4 Eanáir – Albert Camus, fealsamh agus scríbhneoir Francach (r. 1913)
- 6 Meitheamh – Pádraig de Brún, cléireach agus matamaiticeoir (r. 1889)
- 16 Samhain - Clark Gable, aisteoir Meiriceánach (r. 1901)
Teilifís[cuir in eagar | athraigh foinse]
Scannáin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Duaiseanna Nobel[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Síocháin - Albert John Luthuli
- Fisic - Donald Arthur Glaser
- Ceimic - - Willard Frank Libby
- Leigheas – Sir Frank Macfarlane Burnet, Peter Brian Medawar
- Litríocht – Saint-John Perse
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |