Ngũgĩ wa Thiong'o
![]() ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 5 Eanáir 1938 Kamirithu, An Chéinia ![]() |
Bás | 28 Bealtaine 2025 87 bliana d'aois Buford, Georgia ![]() |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Leeds Ollscoil Makerere - léann Béarla (–1963) Ardscoil Alliance ![]() |
Teanga dhúchais | an Chiocúis |
Gníomhaíocht | |
Gairm | drámadóir, múinteoir ollscoile, fealsamh, scríbhneoir aistí, úrscéalaí, scríbhneoir ![]() |
Fostóir | Ollscoil California, Irvine (2002–) Ollscoil Nua-Eabhrac (1992–2002) Ollscoil Yale, visiting professor (en) ![]() Ollscoil Nairobi (1967–1977) Ollscoil Northwestern Ollscoil Nua-Eabhrac ![]() |
Ball de | |
Teangacha | Béarla agus an Chiocúis |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Teaghlach | |
Páiste | Mũkoma wa Ngũgĩ, Wanjiku wa Ngũgĩ ![]() |
Gradam a fuarthas | |
![]() ![]() ![]() ![]() |
Scríbhneoir, drámadóir, file, léachtóir agus gníomhaí teangacha ba ea Ngũgĩ wa Thiong'o[1] (5 Eanáir 1938 – 28 Bealtaine 2025), duine de mhórscríbhneoirí an domhain.[2] Bhí cáil ar Ngũgĩ, arb as an gCéinia dó, as an gcosaint a rinne sé ar theangacha dúchasacha. Shocraigh sé féin cúl a thabhairt leis an mBéarla agus an Gikuyu (An Chiocúis) a úsáid ina shaothar mar ghníomh agóide.


Beatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cuireadh Nguigi sa phríosún ina thír dhúchais i mí na Nollag 1977 mar gheall ar dhráma conspóideach a léirigh sé ina theanga féin, Gikuyu. Shocraigh sé cúl a thabhairt leis an mBéarla agus an Chiocúis a úsáid ina shaothar mar ghníomh agóide. Is minic a chuirtear i gcomparáid é leis an bhfile Mícheál Ó Hairtnéide a thug cúl leis an mBéarla taca an ama chéanna.
‘Buama cultúrtha’ an téarma a chuir sé ar an méid damáiste a rinne an coilíneachas ar theangacha dúchais agus, dá bharr sin, ar mheon mhuintir na tíre féin, fágtha gan uirlis ná cumas lena gcuid smaointe a chur in iúl ná a roinnt le chéile. ‘Is é tionchar an bhuama cultúrtha ná scrios a dhéanamh ar chreideamh nó ar mhuinín an phobail ina n-ainmneacha, ina dteangacha, ina dtimpeallacht, i stair na frithbheartaíochta, ina n-aontacht, ina streachailt féin, ina gcumais féin agus faoi dheireadh, ina gcuid féinmhuiníne.’[4]
Níos déanaí, mhuin sé i Northwestern University, Yale University, agus New York University agus bhí sé ina Ollamh leis an litríocht Chomparáideach in Ollscoil Chalifornia Irvine.
Saothar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhíodh Ngũgĩ ag obair i mBéarla ar dtús ach thosaigh sé ag scríobh sa Chiocúis níos déanaí. Áirítear i measc a chuid oibre saothar úrscéalta, drámaí, gearrscéalta, agus aistí, ó chritic liteartha agus shóisialta go litríocht na bpáistí.
Bhí Ngũgĩ ina bhunaitheoir agus eagarthóir ar an iris Chiocúis Mũtĩiri. I measc na leabhar atá scríofa aige tá Decolonising the Mind, leabhar a phléann leis an mbealach ar éirigh sé as scríobh i mBéarla agus polaitíocht teangacha san Afraic trí chéile. Sa leabhar seo, dúirt Nguigi gurbh ionann coilíniú a dhéanamh ar thír agus ‘buama cultúrtha’ a phléascadh ann a dhéanann scrios ar mhuinín na ndaoine iontu féin, ina dteangacha agus ina gcultúr dúchais.
Chomh maith le bheith ar dhuine de na scríbhneoirí is minice a bhí luaite leis an nGradam Nobel don Litríocht, bhí aithne ar Ngũgĩ ar fud an domhain i ngeall ar an gcosaint láidir a rinne sé ar theangacha dúchasacha agus ar litríochtaí dúchasacha na hAfraice.[5]
Éire agus Gaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thug Ngũgĩ cuairt ar Éirinn in 2018, chun labhairt ag LÍON, comhdháil faoi chúrsaí teanga a bhí ar siúl i gColáiste Mhuire gan Smál.
I bhfoclaibh Ngũgĩ, tá dhá thaobh le haon teanga – modh cumarsáide agus seachadóir cultúir. Labhraítear Béarla sa Bhreatain, sa tSualainn agus sa Danmhairg, mar shampla, ach is sa Bhreatain atá an teanga ina mhodh cumarsáide agus ina sheachadóir cultúir. Sin atá i gceist leis an nGaelainn in Éirinn.
Bíonn saincheisteanna féiniúlachta le sonrú go mór nuair a thagann bearna chun cinn idir dhá ghné den teanga. Is iad teanga an tsaoil mar atá agus an teanga mar iompróir an chultúir an dá ghné sin.[6]
Tráchtann Ngũgĩ ar an ‘mbuama cultúrtha’ a úsáidtear mar chuid d’arm cogaidh an impiriúlachais, agus tá a rian seo le feiscint in Éirinn fós, lastuaidh den teorann ach go háirithe.[7][8]

Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Tugadh "James" air tráth. Níos déanaí, thosaigh sé ag diúltú don ainm James agus ag freagairt arís don ainm Afracach a bronnadh air nuair a rugadh é, sin Ngugi wa Thiong’o, a chiallaíonn Ngugi, mac Thiong’o.
- ↑ "10 ráiteas ó Ngũgĩ wa Thiong’o faoi chúrsaí teanga" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-05-30). Dáta rochtana: 2025-05-31.
- ↑ "Wizard of the Crow" (as en) (2024-07-19). Wikipedia.
- ↑ Micheál McCaughan. "[https://www.afri.ie/wp-content/uploads/2022/05/Final-Afri-Lesson-Plans-as-gaeilge-2.pdf An Gorta Mór agus an bhithéagsúlacht]". Dáta rochtana: 2025.
- ↑ tuairisc.ie (2018-11-08). "‘Má tá teangacha uile na cruinne agat ach gan do theanga dhúchais agat, sin sclábhaíocht…’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-05-31.
- ↑ cogg.ie (15-16 Bealtaine 2015 Coláiste Mhuire gan Smál). "[https://www.cogg.ie/wp-content/uploads/an-tumoideachas-bua-no-dua.pdf An Tumoideachas: Bua nó Dua?]". Dáta rochtana: 2025.
- ↑ Derek Hollingsworth / RTÉ (2024-06-23). "Irish Language Matters" (as ga-IE).
- ↑ Daithí De Mórdha (5 Márta 2018). "‘To control a people’s culture is to control their tools of self-definition’ – acht na Gaeilge agus buama cultúrtha na n-aontachtaithe" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-05-31.