Zulfikar Ali Bhutto
Ba pholaiteoir Pacastánach é Zulfikar Ali Bhutto (5 Eanáir 1928 - 4 Aibreán 1979). Bhí sé ina phríomhaire ar an bPacastáin sna 1970idí. Bhí sé ina Uachtarán ar an Pacastáin ó 1971 go 1973 agus ina Phríomhaire uirthi ó 1973 go 1977.[1]
Cuireadh as oifig é mar thoradh ar coup d'état a raibh an Ginearál Zia-ul-Haq i gceannas air.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Dlíodóir ab ea é i dtosach báire. Fuair Bhutto BA ó Ollscoil California, Berkeley agus LLB, LLM agus MSc san Eolaíocht Pholaitiúil ó Choláiste Chríost, Cambridge.
Glaodh chun an bharra air in Ósta Lincoln i Londain sa bhliain 1953. Chuaigh sé ar ais chuig an bPacastáin chun an dlí a chleachtadh i Karachi, in éineacht le bheith ina léachtóir i gColáiste Sindh Moslamach, Karachi.[1]
Dul chun cinn éachtach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí sé ina ionadaí de chuid na Pacastáine do na Náisiúin Aontaithe sa bhliain 1957/1958 agus 29/30 bliain d'aois air ag an am. Bhí dul chun cinn dochreidte déanta aige nuair a ceapadh mar Aire ː
- AireTráchtála sa bhliain 1958;
- Aire Cumhachta agus Uisce sa bhliain 1960;
- Aire Gnóthaí Eachtracha sa bhliain 1963.
Cé go raibh ceangal láidir idir Bhutto agus an tUachtarán Ayub Khan ar dtús, d'éirigh sé as mar Aire Gnóthaí Eachtracha sa bhliain 1963 de bharr easaontas eatarthu maidir le polasaí na Pacastáine i dtaobh na hIndia. Bhí Bhutto ar dhuine de na daoine ba ghéire ar réimeas Ayub Khan ina dhiaidh sin.[1]
PPP
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1967 bhí Bhutto ar dhuine de bhunaitheoirí de chuid Pháirtí Phobal na Pacastáine. Bhuaigh an PPP tromlach na suíochán sa Phacastáin Thiar in olltoghchán 1970, ach ní raibh siad in ann teacht ar shocrú le Léig Awami, a buaigh tromlach na suíochán sa Phacastáin Thoir agus sa tír iomlán.[1]
Sa bhliain 1971, tar éis d'fhórsaí na Pacastáine a ghéilleadh agus don Bhanglaidéis scaradh leis an tír, thug an t-arm cumhacht ar láimh Bhutto, a rinneadh Uachtarán de.
Agus é ina Uachtarán agus ina Phríomhaire, is iomaí tionscail agus gnó ar a ndearnadh náisiúnú, rinneadh leasú ar chóras na talún agus d'athraigh an tír chuig córas parlaiminteach.
Ina theannta sin, thóg a rialtas céimeanna móra chun clár arm núicléach Pacastánach a fhorbairt, rud a bhí ar cheann dá phríomhthosaíochtaí le fada an lá.[1]
Coup and bású
[cuir in eagar | athraigh foinse]Dúirt an PPP gur bhuaigh siad olltoghchán 1977 le farasbarr suntasach. Ach ceistíodh cothromacht na vótála go forleathan. Cuireadh Ali Bhutto as oifig ar 5 Iúil 1977 i "gcoup síochánta". Ghlac an Ginearál Zia ul-Haq an chumhacht chuige féin..
Gabhadh Bhutto agus cuireadh comhpháirteachas i ndúnmharú ina leith; bhí sé á mhaíomh gur thug sé ordú céile comhraic polaitiúil a mharú.
Reáchtáladh cúirt bhradach agus cuireadh Ali Bhutto chun báis dhá bhliain níos déanaí, tar éis é a chiontú i ndúnmharú (cé nach raibh ní raibh bonn ceart faoin gcúiseamh ina choinne).
Tar éis na trialach, a bhí míchothrom de réir a lán breathnóirí, gearradh pionós an bháis air ar 18 Márta 1979.[1] Thug an Ginearál Zia-ul-Haq an chluas bhodhar do dhaoine a bhí ag agairt trócaire.
Crochadh Bhutto ar an 3 Aibreán 1979 agus d'iompair sé é féin le dínit shéimh ar an lá sin; ba thruamhéalach an feic é, dar leis na grianghraif ar an lá sin.
Muintir faoi chois
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fuair mac leis bás sa Fhrainc, bás nach raibh saor ó amhras.
Ruaigeadh Benazir Bhutto agus a máthair chun na Breataine. Bhí a iníon Benazir Bhutto ina ceannaire ar an bPPP ina dhiaidh sin (1982-2007) agus ina Príomhaire (1988-90 agus 1993-96). Feallmharaíodh sa bhliain 2007 í.
Tháinig a mac Bilawal Bhutto Zardari (a rugadh sa bhliain 1988) i gcomharbacht uirthi mar Chathaoirleach an PPP. Tá sé sa phost sin fós.
Bhí Zia i mbun feachtais chun buamaí núicléacha a thógáil. Ar an 14 Lúnasa 1998, bhí olc ar an domhan nuair a tugadh le fios gur phléasc an Phacastáin buama núicléach faoin talamh.
Chuir an t-iomadú núicléach seo cúrsaí caidrimh idirnáisiúnta i gcíor thuathail.