Taidhleoir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí GairmTaidhleoir
Cineál fostaíochta
post
Réimse oibre
taidhleoireacht


Is é is taidhleoir ann duine atá ceaptha ag stát chun idirbheartaíocht a chur i bhfeidhm le stát (nó stáit) eile nó le heagraíocht idirnáisiúnta. Ar na feidhmeanna a bhíonn faoi chúram an taidhleora tá: ionadaíocht agus cosaint leas agus saoránaigh an stáit churtha; tosach agus áisiú comhaontaithe straitéiseacha; conarthaí agus coinbhinsiúin; cur ar aghaidh faisnéise; trádáil agus gnó; teicneolaíocht; agus caidreamh cairdiúil. Úsáidtear taidhleoirí cleachta in eagraíochtaí idirnáisiúnta dála na Náisiúin Aontaithe agus i gcomhlachtaí ilnáisiúnta as a dtaithí agus scileanna i mbanistíocht agus in idirbheartaíocht. Sna tíortha éagsúla ar fud an domhain, tugtar "an tseirbhís eachtrannach" nó "an cór taidhleoireachta" ar a gcuid taidhleoirí.

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

I roinnt teangacha baineadh úsáid as focal Gréigise i gcomhair duine a chleachtann ceird an taidhleora: diplomat i mBéarla, diplomático i Spáinnis srl. Tá a leithéid d'fhocail sa Ghaeilge: dioplómaitic (taidhleoireacht) agus dioplómaitiúil. (Focal Gaeilge eile ón bhfréamh chéanna ná dioplóma.)

Tá an focal taidhleoir gaolta leis an bhfocal tadhall. An chiall atá le taidhleoir mar sin "duine a mbíonn teagmháil rialta aige le daoine eile".[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Jim O'Donnell agus Seán de Fréine, Ciste Cúrsaí Reatha (Baile Átha Cliath: Foras Riaracháin, 1992), lch. 229.