Seán de Fréine
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 21 Meitheamh 1927 97 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir, státseirbhíseach |
Teangacha | An Ghaeilge agus Béarla |
Is scríbhneoir agus iar-státseirbhíseach agus Bleá Cliathach é Seán de Fréine. Ba é an chéad príomhfheidhmeannach ar Bhord na Gaeilge ó 1975 go 1978. Chaith sé seal ag obair mar chomhairleoir do Rialtas na Tansáine ar feadh cúpla bliain ina dhiaidh sin.
I measc na heagraíochtaí ina raibh sé bainteach ná: Muintir na Tíre, Cumann Lúthchleas Gael, IPA Foras Riaracháin Poiblí, IPM Institute of Personnel Management, Bishop’s commission on local Radio srl. Ina bhall agus ina rúnaí tráth ar Bhord na leabhar Gaeilge. Ba mhinic a scríobh sé do: Comhar sna hochtóidí agus sna nóchaidí, ina measc i 1986, “Dhá Bhliain sa Tansáin,” áit a thug sé léacht ar The wit and wisdom of Oscar Wilde Lá le Pádraig, agus go leor iris eile.
Bhronn Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, DCU, céim Oinigh Dochtúireachta (D. Phil honoris causa) air i mí na Nollag 2021.
Saothair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é Seán de Fréine a scríobh na bunsaothair thábhachtacha Saoirse gan Só agus The Great Silence.[1]
Ba chomhúdar é (i gcomhpháirt le Jim O'Donnell, An Foras Riaracháin) ar Ciste Cúrsaí Reatha,[2] ina bpléitear réimse leathan ábhar a bhaineann le saol an lae inniu. Leagan Gaeilge de Wordgloss: A Cultural Lexicon le Jim O'Donnell atá ann.
Tá dhá eagrán dá leabhar Croí Cine foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht.[3] Tá an t-eagrán is déanaí níos mó agus níos cuimsithí ná an chéad eagrán a foilsíodh sa bhliain 1990. Is cnuasach é de na céadta sleachta gairide as litríocht na Gaeilge - samplaí de smaointe, den fhilíocht, de nathanna, agus de rudaí inspéise - a cumadh ó cuireadh peann Éireannach le pár i gcéaduair sa séú céad. Pléitear ceisteanna iontu: mar shampla, meon an phobail sa saol Gaelach i leith na cléire, ról na gcineálacha éagsúla amhrán mar ábhar meanma agus misnigh i measc aicmí éagsúla den phobal, an náisiúntacht i gcomórtas leis an náisiúnachas, tábhacht agus todhchaí na Gaeltachta, agus na trí mhórchúis a thug cúlú na Gaeilge sa naoú céad déag. Tá innéacs nua cuimsitheach ginearálta leis an eagrán seo.
Tá leabhar á scríobh aige a dhéanfaidh athchóiriú ó bhonn ar na téamaí atá pléite aige cheana maidir le feidhm agus tionchar na Gaeilge agus an chultúir ar stair agus ar shaol na tíre.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Seán de Fréine ar an 21ú lá de Mheitheamh na bliana 1927.
D'oibrigh sé mar ard-státseirbhíseach sa Roinn Airgeadais agus roimhe sin i ranna eile rialtais. D'oibrigh sé mar shainchomhairleoir bainistíochta in Éirinn agus thar lear chomh maith.
Bhíodh sé ina bhall agus ina rúnaí ar Bhord na Leabhar Gaeilge tráth den saol.
Scríobhann sé léirmheasanna go rialta ar an bhfilíocht agus ar ábhair eile ar an An Timire.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Peter Slomanson (2012). "On the Great Silence: A Gap in Irish Historiography and Consequences for Language Education in Ireland". Nordic Irish Studies 11 (2): 95–114. ISSN 1602-124X.
- ↑ IPA. "Ciste Cúrsaí Reatha" (ga). Twitter. Dáta rochtana: 2020-07-15.
- ↑ "Croí Cine | CIC". www.cic.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-10-28. Dáta rochtana: 2020-07-15.