An Timire
| Cineál | irisleabhar |
|---|---|
| Cárta innéacs | |
| Teanga | an Ghaeilge |
| Am tosaigh | 1911 |
| Tréith | |
| Eatramh foilsithe | gach ráithe |
| Príomheagarthóir | Frank Mac Brádaigh SJ. |
| Formáid dáilte | Leagan clóite[1] |
Tréimhseachán Caitliceach agus Gaelach is ea An Timire (nó Timire an Chroí Ró-Naofa), a bunaíodh sa bhliain 1911. Pléann sé cúrsaí creidimh, cúrsaí cultúrtha agus cúrsaí sóisialta. Ní Caitliceach gach scríbhneoir de chuid na hirise agus tugann an t-eagarthóir Frank Mac Brádaigh le fios gur mian leis freastal ar phobal níos leithne.[2] Moltar an iris as feabhas a deartha.[3][nóta 1]

Eagraíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é mar aidhm ag an bhfoireann foilsitheoireachta “spreagadh agus tuiscint a thabhairt do bhaill Aspalacht na hUrnaí ar intinní an Phápa, trí altanna suimiúla agus ábhar atá inspéise do chách a chur ar fáil”.[4]
Tá aidhm ag An Timire chomh maith an "ghluaiseacht Gaeilge a nascadh le spioradáltacht Éireann de réir meon dara Comhairle na Vatacáine."
Irisleabhar Íosánach is ea é. Is é Frainc Mac Brádaigh SJ an t-eagarthóir reatha. Cuirtear trí leabhar ar a laghad i gcló gach bliain (tugtar Earrach, Samhradh, Fómhar nó Geimhreadh orthu).
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bunaíodh An Timire sa bhliain 1911, rud a fhágann gur ceann de na hirisí is sine in Éirinn é agus ceann de na hirisí is sine sa teanga.[2][nóta 1]
In 1949 bhí An Timire in ísle brí agus is beag nár thit sé as a chéile.[5] Ansin, tháinig dream eile a bhí lán de chreideamh agus de dhíograis chun a tharrthála, baill Chuallacht Mhuire.
Ghlac an Athair Frainc Mac Brádaigh ceannas ar An Timire in 2011. Sna blianta beaga ina dhiaidh sin tháinig ardú ar dhíolachán na hirise.[2]
Sa bhliain 2014, chaill An Timire a mhaoiniú ó Fhoras na Gaeilge. Tá an iris ag brath ar na hÍosánaigh le maoiniú ó shin. Bhí 700 síntiúsóir ag an iris sa bhliain 2025 agus tháinig airgead eile isteach ón bhfógraíocht agus ó na cóipeanna a dhíoltar sna siopaí.[4]
Tá An Timire agus Foilseacháin Ábhair Spioradálta lonnaithe in aon oifig amháin, ar leis na hÍosánaigh í, ar Shráid Líosain Íochtarach i mBaile Átha Cliath.
Iar-scríbhneoirí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Osborn Bergin
- Láimhbheartach Mac Cionnaith
- Alan Mac Eochagáin C.Í., iar-eagarthóir ar An Timire
Ceangail sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Suíomh oifigiúil: Timire.ie Curtha i gcartlann 2020-10-23 ar an Wayback Machine[nóta 2]
- Léirmheas Thús Áite ar eagrán Earrach 2026
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Oifig an Choimisinéara Teanga (Aibreán 2025). "Na Meáin Ghaeilge": lch 3.
- 1 2 3 Seán Ó Baoill ⁊ Fearghal Ó Maolagáin (2015). "'An Timire' ag ceiliúradh breis agus 100 bliain". Meon Eile. Dáta rochtana: 2026-04-02.
- ↑ "Mír na Meán" (01 Aibreán 2026). Tús Áite.
- 1 2 Maitiú Ó Coimín (2 Samhain 2025). "Baol ann nach mairfidh an t-irisleabhar An Timire bliain eile gan socrú maoinithe". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-11-02.
- ↑ Alan Mac Eochagáin (2011-09-20). "Timire an Chroí Ró-Naofa: Comóradh 100 bliain (1911-2011)" (en-US). Catholicireland.net. Dáta rochtana: 2020-10-11.
Nótaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 Maítear scaití gurb é an foilseachán Gaeilge is faide ar an bhfód ach féach Irisleabhar Mhá Nuad.
- ↑ Earráid leis an lua: Invalid
<ref>tag; no text was provided for refs named ":1".