Jump to content

Irisleabhar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Irisleabhair ar díol

Is foilseacháin iad irisí, irisleabhair agus tréimhseacháin a fhoilsítear go rialta, a mbíonn ailt, scéalta, grianghraif agus fógraí ann.[1] Clúdach páipéir a bhíonn ar iris, de ghnáth. Maoinítear iad trí fhógraí, trí luach ceannaigh nó trí shíntiúis nó an trí bhealach le chéile.

Is féidir irisí a sheachadadh tríd an idirlíon, tríd an phost nó ríomhphost, iad a dhíol ag seastáin nuachta, siopaí leabhair agus miondíoltóirí eile; nó cuirtear ar fáil saor in aisce iad ag ionaid áirithe amhail leabharlanna, siopaí, aerfoirt agus araile. Foilsítear go rialta iad de ghnáth - gach seachtain nó gach mí.

Is iomaí cineál irisleabhar atá ar fáil sa lá atá inniu ann. Foilsítear irisleabhar do gach cineál duine agus gach cineál ábhar nach mór. Níl sé deacair sainirisleabhair a fháil sna siopaí leabhair móra. Tá tuairim ann gur breá le mná irisleabhair a bhaineann le héadaí, smideadh, taisteal, leanaí, bia, seodra agus daoine cáiliúla. De ghnáth, bíonn siopaí leabhair agus seastáin nuachta ag cur thar maoil leis na cineálacha irisleabhair áirithe seo.

Codarsnacht idir irisleabhar agus nuachtán

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Clóbhuailtear irisleabhair ar pháipéar níos tibhe agus níos snasta ná nuachtán. Bíonn clúdach cineál crua ar irisleabhair; ní bhíonn ar nuachtán. Bíonn líon na leathanach in irisleabhar níos mó ná nuachtán, ach níl sé sin fíor do gach nuachtán agus irisleabhar. Pléitear nuacht agus cúrsaí reatha i nuachtán agus scríobhtar gné-ailt in irisleabhar.

Bíonn na scéalta níos dáiríre i nuachtán ná in irisleabhar, ach arís braitheann sé cén nuachtán nó cén irisleabhar atá a gcur i gcodarsnacht lena chéile. Bíonn toisí na leathanach níos mó i nuachtán ná in irisleabhar. De ghnáth, gearrtar luach níos airde ar irisleabhar ná mar a ghearrtar ar nuachtán.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]