Cosmaidí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Smideadh)
Cosmaidí éagsúla

Is éard atá i gcosmaidí (nó smideadh) ná ullmhóidí a chuirtear ar an gcorp chun é a mhaisiú. Is meascáin comhdhúile ceimiceacha iad go hiondúil.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Phéinteáil mná faiseanta in iarthar na hEorpa a n-aghaidheanna ó aimsir na nGréagach is na Rómhánach chun iarmhairtí idéalacha óigeantachta a bhaint amach. Ba ghnách le banríon na hÉigipte, Cleopatra, í féin a ní i bhfolcthaí líonta le bainne asail.[1]

I dtréimhsí áirithe bhíodh cuid de na hiarmhairtí aisteach mínádúrtha. Mar shampla, ón Meánaois dhéanach go dtí an 18ú céad chuirtí paistí dubha ar aghaidh gan cháim mar bhaill dobhráin nó seirce.

Sa 19ú céad ní chaithfeadh bean fhiúntach cosmaidí feiceálacha ar eagla go cheapfaí gur bean amharclainne nó bean le gairm mhíthaitneamhach ab ea í.

Go dtí lár an 20ú céad nó mar sin bhí cuid de na hullmhóidí baolach don tsláinte, agus fiú marfach (luaidhe bhán, mar shampla).

Ar 11 Márta 2013, san Aontas Eorpach, tháinig deireadh leis an tréimhse chun deireadh a chur de réir a chéile le tástáil táirgí cosmaideacha ar ainmhithe, rud a chuir toirmeasc ar chosmaidí a tástáladh ar ainmhithe a chur ar mhargadh an Aontais Eorpaigh.[2]

Feidhmeanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa lá atá inniu, cuirtear béaldath ar na beola chun dath áirithe a thabhairt dóibh.

  • tá béaldath go mór san fhaisean ar na saolta seo
    Cuirtear bonnsmideadh ar an aghaidh chun dath deas a thabhairt don snua.
  • Cuirtear vearnais iongan ar na hinge chun iad a dhathú.
  • Cuirtear línitheoir súl timpeall na súile.
  • Cuirtear mascára ar na bhfabhraí.
  • Cuirtear luisneach ar an gcraiceann freisin chun dath deas a thabhairt dó. Is féidir dathanna a chur sa ghruaig freisin. Is gnó ollmhór é gnó an smididh.[3]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Beocheist. "Cen praghas ar áilleacht?" (ga-IE). The Irish Times. Dáta rochtana: 2023-08-16.
  2. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-06-15. Dáta rochtana: 2017-12-16.
  3. Hussey, Matt (2011). "Cosmaidí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 175.