An Eoraip

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Eoraip

Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósEuropa Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 48°41′27″N 9°08′26″E / 48.690959°N 9.14062°E / 48.690959; 9.14062
Daonra
Iomlán747,636,045 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús73.4 hab./km²
Tíreolaíocht
Cuid deAn Eoráise
Ostfeste (en) Aistrigh
An Domhan Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla10,186,000 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeMount Elbrus (en) Aistrigh (5,642 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.eu Cuir in eagar ar Wikidata
Gnéithe ilchríocha na hEorpa. Is féidir sliabhraonta, leithinsí, oileáin agus réigiúin níos loiscní agus níos fuaire a fheiceáil san íomhá satailíte comhshuite seo
Léarscáil Pholaitiúil den Eoraip sa bhliain 814

Is ilchríoch í an Eoraip, leis na teorainn seo a leanas aici: an tAigéan Atlantach thiar, an tAigéan Artach ar an taobh thuaidh, an Úral agus Sléibhte na hÚraile thoir, Sléibhte na Cugaise agus an Mhuir Dhubh ar an taobh thoir theas, agus an Mheánmhuir ó dheas. Agus an Áise á thógáil san áireamh freisin, is féidir oll-ilchríoch na hEoráise a aithint.

Tá cónaí ar 742,452,000 duine san Eoraip, agus tá timpeall 50 tír neamhspleách ann. Ó mí Iúil 2013 ar aghaidh, tá 28 acusan cheana féin san Aontas Eorpach, agus ar a laghad trí gcinn ag brath ar dhul isteach i mbeagán blianta. Déanann institiúid an Aontais a ngnó i 20 teanga, ach tá go leor mionteangacha eile cheana féin san Aontas.

Ba san Eoraip a thosaigh cuid de mhórimpreachtaí an domhain. Leath cumhacht na Gréige, agus na Róimhe ina diaidh, ar fud cuid mhór den Eoraip, maraon le tuaisceart na hAfraice agus iarthar na hÁise. Ón gcéad aistear a rinne Criostóir Colambas chun an domhain nua don Spáinn, thóg an tír sin agus tíortha nach é seilbh de réir a chéile ar Mheiriceá Thuaidh agus Mheiriceá Theas. Thóg tíortha eile ar nós na Breataine, na Portaingéile, na nÍsiltír, na Gearmáine agus na Beilge seilbh freisin ar chuid mhór desna na mór-roinne eile. Leath an Rúis ó Mhoscó siar go dtí an Mhuir Bhailt, soir chomh fada leis an Aigéin Ciúin, agus ó dheas go dtí an Mhuir Dhubh, Sléibhte na Cugaise, agus an Mhongóil. Ní ach ag deireadh an 19ú haois ar aghaidh go dtí lár an 20ú haois a fuair mórán de choilíneachtaí na hEorpa a saoirse arís, cé go bhfuair cuid mhór de Thuaisceart Mheiriceá (Stáit Aontaithe Mheiriceá) a saoirse i 1775. Tá cumhacht airgeadach agus míleata ag an Eoraip i gcúrsaí an domhain, ach is beag é le hais chumhacht SAM nó, go dtí 1989, cumhacht an Aontais Shóibhéidigh. Ach le bunú an Chómhargaidh Eorpaigh, agus a chomharba an tAontas Eorpach, ceapann go leor go dtiocfaidh neart géilleagrach agus míleata arís chun na hEorpa, mar gur mó anois é a dhaonra ná daonra SAM nó an Aontais Shóibhéidigh mar a bhí, nó na Rúise an lá atá inniu ann.

Liosta tíortha Eorpacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is san Eoraip atá na tíortha seo leanas:

Polaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ainm Príomhcathair Achar (km2 ) Daonra Ainm sna teangacha oifigúla
Albáin Tiorána 28,748 2,831,741 Shqipëria
Airméin Eireaván 29,800 3,229,900 Hayastan
Andóra Andóra La Ḃella 468 68,403 Andorra
Asarbaiseáin Baci 86,600 9,165,000 Azǝrbaycan
An Bheilg An Bhruiséil 30,528 11,007,000 België/Belgique/Belgien
An Bhealarúis Mínsc 207,560 9,458,000 Belarus
Boisnia-Heirseagaivéin Sairéavó 51,129 3,843,126 Bosna i Hercegovina
An Bhulgáir Sóifia 110,910 7,621,337 Bălgarija
Cathair na Vatacáine Cathair na Vatacáine 0.44 900 Città del Vaticano/Civitas Vaticana
An Chipir Leafcóís 9,251 788,457 Kýpros/Kıbrıs
An Chosaiv Pristína 10,887 1,859,203 Kosovë/Kosovo
An Chróit Ságrab 56,542 4,437,460 Hrvatska
An Danmhairg Cóbanháṁan 43,094 5,564,219 Danmark
An Eastóin Taillinn 45,226 1,340,194 Eesti
An Eilvéis Beirn 41,290 7,507,000 Schweiz/Suisse/Svizzera/Svizra
Éire Baile Átha Cliath 70,280 4,234,925 Éire
An Fhionlainn Heilsincí 336,593 5,157,537 Suomi/Finland
An Fhrainc Páras 547,030 66,104,000 France
An Ghearmáin Beirlín 357,021 80,716,000 Deutschland
An Ghréig An Aithin 131,957 11,123,034 Elláda
An Iodáil An Róimh 301,230 59,530,464 Italia
An Iorua Osló 385,178 5,018,836 Norge/Noreg
An Íoslainn Réicivíc 103,000 307,261 Ísland
An Ísiltír Amstardam 41,526 16,902,103 Nederland
An Laitvia Ríge 64,589 2,067,900 Latvija
Lichtinstéin Vadús 160 32,842 Liechtenstein
An Liotuáin Vilnias 65,200 2,988,400 Lietuva
Lucsamburg Lucsamburg 2,586 448,569 Lëtzebuerg/Luxemburg/Luxembourg
Málta Vaileite 316 397,499 Malta
Montainéagró Podgairítse 13,812 616,258 Crna Gora
An Mhacadóin Thuaidh Scóipé 25,713 2,054,800 Makedonija
An Mholdóiv Císineá 33,843 4,434,547 Moldova
Monacó Monacó 1.95 31,987 Monaco
An Ostair Ṁín 83,858 8,169,929 Österreich
An Pholainn Ṁársá 312,685 38,625,478 Polska
An Phortaingéil Liospóin 91,568 10,409,995 Portugal
An Ríocht Aontaithe Londain 244,820 64,105,654 United Kingdom
An Rómáin Búcairist 238,391 21,698,181 România
An Rúis Moscó 17,075,400 143,975,923 Rossiya
San Mairíne Cathair San Mairíne 61 27,730 San Marino
An Spáinn Maidrid 504,851 47,059,533 España
Poblacht na Seice Prág 78,866 10,256,760 Česko
An tSeirbia Béalgrád 88,361 7,120,666 Srbija
An tSeoirsia Tbilisi 69,700 4,661,473 Sakartvelo
An tSlóivéin Liúibleána 20,273 2,050,189 Slovenija
An tSlóvaic An Bhratasláiv 48,845 5,422,366 Slovensko
An tSualainn Stócólm 449,964 9,090,113 Sverige
An Tuirc Ancara 783,562 77,695,904 Türkiye
An Úcráin Cíṁ 603,700 45,360,000 Ukrajina
An Ungáir Búdaipeist 93,030 10,075,034 Magyarország

Féach freisin ar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mór-ranna an Domhain


An Afraic

An Aigéine

An Áise

Antartaice

An Eoraip

Meiriceá Theas

Meiriceá Thuaidh