Luaidhe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Luaidhe
Siombail Cheimiceach Pb
Uimhir Adamhach 82
Meáchan Adamhach 207.2(1) g·mol
Grúpa, Peiriad 14, 6, p
Dlús 11.34 g·cm−3
Sraith Cheimiceach Miotail iarthrasdultacha
Pb-TableImage.png

Is í an luaidhe dúil cheimiceach uimhir a dó is ceithre scór (82), agus í 207.2 g/mol ar mheáchan adamhach. Pb an tsiombail cheimiceach. Miotal bog atá inti, agus bíonn comhdhúile na luaidhe dainséarach go leor don duine agus don dúlra, mar is dual do na trom-mhiotail. Tá loinnir ghealghorm sa luaidhe nuaghearrtha, ach tagann smúit liath ocsaíde uirthi de réir a chéile agus í i dteagmháil le hocsaigin an aeir. Is í an luaidhe an dúil is troime (de réir na huimhreach adamhaí) a bhfuil iseatóip chobhsaí aici, ach tá leathré an bhiosmait chomh fada agus go bhfuil sé chomh maith againn dearcadh ar an mbiosmat nádúrtha mar dhúil chobhsaí.

Úsáidtear luaidhe sna tógálacha, sna cadhnraí gluaisteáin, i bpiléir, agus i sciatha cosanta in aghaidh na radaighníomhaíochta. Is maith an chosaint atá sa luaidhe ar an radaíocht, ós rud é go stopann sé cuid mhór de na gáma-ghathanna agus na X-ghathanna féin. Ina dhiaidh sin féin, táthar ag iarraidh éirí as an luaidhe don chuid is mó, toisc gur trom-mhiotal agus nimh atá inti. Déanann an luaidhe dochar agus damáiste do na néaróga ach go háirithe, agus í á carnadh sa cholainn.

Tá an luaidhe trom agus bog araon, rud a chiallaíonn gur féidir di camadh agus dul as a riocht faoina meáchan féin.

Tá ceithre iseatóp nádúrtha ag an luaidhe, is é sin, Pb-204 (1.4 % de luaidhe an dúlra), Pb-206 (24.1 %), Pb-207 (22.1 %) agus Pb-208 (52.4 %). Iseatóp radaighníomhach é Pb-204, ach is féidir neamhshuim a dhéanamh dá radaighníomhaíocht, ó tá a leathré chomh fada (1.4 x 1017 bliain - is é sin, 14,000,000,000,000,000 bliain, nó 14 chuaidrilliún bliain).

Mianraí tábhachtacha luaidhe iad an ghailéin (PbS, suilfíd luaidhe), a bhíonn measctha trí mhianta since; an bhúlainséirít (Pb5Sb4S11, suilfíd mheasctha na luaidhe agus an antamóin), an anglaisít (sulfáit luaidhe, PbSO4) agus an cheiriúisít (carbónáit luaidhe, PbCO3).

Is í an uimhir ocsaídiúcháin is coitianta atá ag an luaidhe ina cuid comhdhúl ná +2, ach is féidir leis an luaidhe an uimhir ocsaídiúcháin is dual do na dúile eile sa ghrúpa - mar atá, +4 - a bhaint amach chomh maith. Níl sé furasta luaidhe a ocsaídiú go +4. Nuair a rachaidh an fluairín i bhfeidhm ar an miotal luaidhe, ní dhéanfar ach défhluairíd luaidhe PbF2, cé gurb iomaí dúil nach sroicheann an uimhir ocsaídiúcháin is airde ach amháin faoi thionchar an fhluairín.

Na comhdhúile ina bhfuil an uimhir ocsaídiúcháin is airde ag an luaidhe, is comhdhúile orgánacha iad de ghnáth. Sampla tipiciúil é an luaidhe teitreitile Pb[(CH2CH3)4] a d'úsáidtí mar bhreisín sa pheitreal sna laethanta a bhí, le maolú ar chnagadh an innill, go dtí gur glacadh leis go raibh an iomarca dochair ann don chomhshaol.