Dúil cheimiceach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tábla Peiriadach na ndúl ceimiceach

Is éard atá i ndúil cheimiceach ná substaint a bhfuil a cuid adamh go léir mar an gcéanna ó thaobh líon na bprótón de. Cuirtear na dúile seo taobh le taobh i dtábla a dtugtar an Tábla Peiriadach air. Ba é an saineolaí Dmítrí Meindeiléiv ón Rúis a chuir tús leis an tábla seo sa bhliain 1869, agus é tar éis a thabhairt faoi deara go raibh saintréithe na ndúl ag athrú ar bhealach thráthrialta a chuir ar a chumas iad a ghrúpáil. Nuair a bhí Meindeiléiv ag obair, ní raibh tuiscint ag na heolaithe ar choincheap an núicléis go fóill, agus mar sin, d'ordaigh sé na dúile de réir an mheáchain adamhaigh. Uaireanta, b'éigean dó scinneadh ó ordú na meáchan adamhach beagáinín, le go mbeadh ordú na ndúl ag leanúint na grúpála, agus is é an míniú a thug sé air seo ná nach raibh eolaithe a linne in ann an meáchan adamhach a thomhas go cruinn. Idir an dá linn, tuigeadh do na heolaithe gurb é líon na bprótón is bunús leis an bpeiriadacht, agus cé go bhfuil ordú na ndúl de réir an mheáchain adamhaigh sách gar don ordú de réir líon na bprótón sa núicléas, níl sé riachtanach gurbh ionann an dá ordú.

Aithníodh 117 ndúil san ollchruinne go dtí seo. Tá 94 cheann acu seo (na cinn ón bplútóiniam anuas) ar fáil go nádúrtha sa dúlra. Tá na dúile a bhfuil a n-uimhir adamhach níos airde ná 82 (biosmat agus níos airde) éagobhsaí, is é sin, tagann meath radaighníomhach ar gach iseatóp dá gcuid. Thairis sin, tá dhá dhúil eile ann nach bhfuil iseatóip chobhsaí acu, mar atá, an próiméitiam agus an teicnéitiam.

Tá gach ábhar ceimiceach comhdhéanta de na dúile seo. Aimsítear dúile nua ó am go chéile trí imoibrithe núicléacha. Dúile saorga daondéanta iad seo a bhíonn i bhfad níos troime ná na dúile atá ar fáil go nádúrtha, agus iad go léir chomh héagobhsaí is go dtiocfaidh meath radaighníomhach orthu ar an toirt. Má chuirtear na núiclídí - is é sin, iseatóip éagsúla na ndúl go léir - i dtábla a bhfuil líon na bprótón agus líon na neodrón mar aiseanna comhordanáideacha aige, aithneofar na núiclídí cobhsaí - na cinn nach dtagann meath radaighníomhach orthu - mar "ilchríoch na cobhsaíochta" ar an mapa seo, agus é timpeallaithe ag "farraige na héagobhsaíochta", is é sin, is núiclídí radaighníomhacha, éagobhsaí iad an chuid is mó de na núiclídí incheaptha.

Trí anailis a dhéanamh ar struchtúr inmheánach na h-"ilchríche", tháinig Glenn Seaborg ar an gconclúid go bhféadfadh a leithéid de rud a bheith ann agus "oileán na cobhsaíochta", is é sin, go bhféadfaí teacht ar dhornán d'iseatóip chobhsaí nó réasúnta cobhsaí ag cinn áirithe de na dúile saorga sárthroma féin. Cé go bhfuil fianaise áirithe ag tacú le teoiric Seaborg, níor thángthas ar adaimh na ndúl seo sa dúlra ar aon nós, áfach.

Stair[athraigh | edit source]

Baineadh an chéad úsáid as an téarma dúil (stoicheia) thart ar 360 RC. Ba é an fealsamh Gréigeach Platón a luaigh é ina agallamh beirte Timaeus, ar tráchtas bunúsach é ar an gceimic agus ar an bpáirt atá aici i gcomhdhéanamh na neachanna beo agus na gcorpán neamhbheo. Shíl Plato go raibh cruth speisialta ar na cáithníní is lú a bhí i ngach dúil: teitrihéadrán (tine), ochtaihéadrán (aer), icisihéadrán (uisce), agus ciúb (cré).[1]

Tetrahedron.gif Octahedron.gif Icosahedron.gif Hexahedron.gif
Teitrihéadrán (tine) Ochtaihéadrán (aer) Icisihéadrán (uisce) Ciúb (cré)

Sa bhliain 1661, léirigh Robert Boyle go raibh níos mó dúile ann ná na ceithre cinn chlasaiceacha. Ba é Antoine Laurent Lavoisier a chuir an chéad liosta nua-aimseartha de na dúile le chéile sa bhliain 1789. Thug sé Dúile na Ceimice air, agus bhí trí dhúil déag is fiche ann. Ní raibh an liosta sin saor go fóill ó phiseog choitianta na seancheimiceoirí a d'áirigh an solas agus an teas mar dhúile, áfach. Sa bhliain 1828, chuir Jöns Jakob Berzelius tábla na ndúl le chéile a bhí bunaithe ar na meáchain adamhacha. Chuimsigh an liosta sin cúig cinn is dhá scór den naoi ndúil is dhá scór a raibh glacadh leo sa cheimic chomhaimseartha. Bhí sé dhúil is trí scór sa Tábla Peiriadach cáiliúil a d'fhoilsigh Meindeiléiv don chéad uair sa bhliain 1869 (léirithe thíos).

Ó ré Boyle, go dtí tús an 20ú chéad, ba é an sainmhíniú a bhí ar dhúil ná substaint cheimiceach íon nach féidir a bhriseadh síos go substaintí níos simplí.[2]. Lena chur i malairt focal, ní féidir "dúil" a chlaochlú go substaintí eile trí phróisis cheimiceacha. Tháinig athrú ar an tuiscint seo sa bhliain 1913 nuair a bhfuair Henry Moseley amach gurb é an lucht leictreach i núicléas an adaimh is bunús le huimhir adamhach an adaimh.

Bhí dhá dhúil déag is trí scór aimsithe sa bhliain 1919.[3]. Aimsíodh an 101ú dúil sa bhliain 1955 agus tugadh meindiléiviam uirthi in ómós do Mheindeiléiv. Sa bhliain 2006, tuairiscíodh gur éirigh leis na saineolaithe dúil uimhir a 118 a shintéisiú sa tsaotharlann, cé nach raibh dúil uimhir a 117 cruthaithe ag aon fhoireann taighde go fóill.

Cur Síos[athraigh | edit source]

Is iad an hidrigin agus an héiliam na dúile is éadroime dá bhfuil ann. Cruthaítear na dúile níos troime ar fad, trí mhodhanna núicléisintéise éagsúla (cinn nádúrtha agus cinn shaorga), eamhnú ina measc.

Uimhir Adamhach[athraigh | edit source]

Is ionann uimhir adamhach na dúile, Z, agus líon na bprótón i núicléas an adaimh sin. Tabhair faoi deara go bhfuil leictreon de dhíth le lucht deimhneach leictreach an phrótóin a chealú. Mar sin, is ionann líon na bprótón sa núicléas agus líon na leictreon i néal leictreon an adaimh, agus is ar líon na leictreon a aithnítear saintréithe ceimiceacha an adaimh. Mar shampla, tá 8 bprótón i núicleas gach adamh ocsaigine; mar sin i gcás na hocsaigine, is ionann Z agus 8. Is féidir le hadaimh na dúile céanna líon éagsúil neodrón a bheith sa núicléas acu. Tugtar iseatóip ar na leaganacha den dúil chéanna nach ionann líon na neodrón acu.

Mais Adamhach[athraigh | edit source]

Is ionann maisuimhir na dúile (A) agus líon na núicléón (prótóin agus neodróin) sa núicléas adamhach. Ar na maisuimhreacha a aithnítear iseatóip na dúile céanna thar a chéile. De ghnáth, is mar fhorinnéacs ar thaobh na láimhe clé den tsiombail adamhach a scríobhtar an mhaisuimhir (m.sh., 238U).

Is ionann mais adamhach choibhneasta na dúile agus meánmhais na n-adamh sa dúil, cibé iseatóp iad. Úsáidtear an t-aonad maise adamhaí aontaithe (AMAA) leis an mais adamhach a thomhas.

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. "The Problem of the Soul in Aristotle's De anima" (2004).
  2. Boyle, Robert (1661). "The Sceptical Chymist". 
  3. Carey, George, W. (1914). "The Chemistry of Human Life".