Comhdhúil cheimiceach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Comhdhúil)
Pairifín, ar chomhdhúil de charbón agus hidrigin é.

Is éard is comhdhúil cheimiceach ann ná aon substaint cheimiceach a chruthaítear de thoradh imoibriú ceimiceach ina n-aontaítear dhá dhúil éagsúla, nó níos mó, de réir comhshuíomh seasta idir na dúile. I gcomhdhúil cheimiceach, tá adaimh na ndúl éagsúil ceangailte dá chéile le naisc cheimiceacha - ianacha nó chomhfhiúsacha. Cuirtear coibhneas na ndúl agus struchtúr inmheánach na comhdhúile in iúl le foirmlí éagsúla ceimiceacha. Mar shampla, is comhdhúil é an t-uisce (H2O) ina bhfuil dhá adamh hidrigine nasctha d'aon adamh ocsaigine amháin.