Ocsaigin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachOcsaigin

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach agus neamh-mhiotal
Ocsaigin sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachO
Uimhir adamhach8
Mais adamhach15.999
Cumraíocht leictreon[He] 2s² 2p⁴ agus 1s² 2s² 2p⁴
Peiriad, Grúpapeiread 2
oxygen sensor activity (en) Aistrigh
calcaigin
oxygen carrier activity (en) Aistrigh
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Leictridhiúltacht3.44
Ga ianach142, 1.21 agus 1.4
Stair
AimsitheoirCarl Wilhelm Scheele agus Joseph Priestley
Fionnachtain1774 agus 1771
Eapainmaigéad

Is dúil cheimiceach neamh-mhiotalach í an ocsaigin a bhíonn le fáil go flúirseach san atmaisféar. Faoi na gnáth-imthoscaí, bíonn adaimh na hocsaigine ceangailte dá chéile ina móilíní dé-adamhacha. Is í an tsiombail cheimiceach atá aici ná O. Is é a hocht (8) an uimhir adamhach atá aici, agus is é an meáchan adamhach atá aici ná 15.999.

Leis an teocht chaighdeánach agus faoin mbrú caighdeánach, is gás í an ocsaigin nach bhfuil boladh aisti ná dath inti. Dúil an-imoibríoch í an ocsaigin, agus mar sin, is dual di fanacht ceangailte do dhúile eile i gcomhdhúile ceimiceacha ar a dtugtar ocsaídí. Is í an ocsaigin an dara dúil is leictridhiúltaí amuigh, nó níl ach an fluairín níos fonnmhaire mar ghlacóir leictreon. Dá thoradh sin, tógann sé cuid mhaith fuinnimh an ocsaigin a shaoradh as na hocsaídí agus a aonrú, agus is fiú an cheist a chur, cén fáth a bhfuil an oiread sin ocsaigine san atmaisféar agus atá. Is é an freagra ná gurbh iad na baictéir agus na haircéabaictéir anaeróbacha sa Ré Phailéa-Phrotarasóch (2.5 billiún - 1.6 billiún bliain ó sin) a thál an ocsaigin sin mar sheachthoradh dá meitibileacht. Creidtear, fiú, gur ghlac an chuid ba mhó de na beothaigh a bhí ann san am sin leis an ocsaigin mar a bheadh nimh ann, agus gur thug an gás nimhe seo a mbás, fiú. An chuid ba mhó de na horgánaigh bheo a fágadh nó a forbraíodh ar dhroim an domhain ina dhiaidh sin, bhí siad ábalta leas a bhaint as an ocsaigin, an duine daonna san áireamh.

Saintréithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an ocsaigin le fáil go raidhsiúil san atmaisféar. Is í fótaisintéis na bplandaí a tháirgeann í, agus í ag teastáil ó na hainmhithe go géar le haghaidh na riospráide aeróbaí - is é sin, tarraingt na hanála. B'é Antoine Laurent de Lavoisier a d'ainmnigh an ocsaigin, agus is é is ciall leis na focail Ghréigise as ar chum sé an t-ainm ná "cruthaitheoir an aigéid", ó shíl sé go raibh ocsaigin le fáil sna haigéid ar fad.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]