Atmaisféar an Domhain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is atmaisféar an Domhain ann (Gréigis: ἀτμός - atmos "gal" agus σφαῖρα - sphaira "sféar") ná ciseal gáis mórthimpeall an phláinéid dhomhanda a bhíonn coinnithe de bharr domhantarraingthe an domhain. Cosnaíonn an t-atmaisféar beatha ar Domhan trí ionsú radaíocht ultraivialait na gréine, téamh an dromchla trí teas a choinneáil (iarmhairt cheaptha teasa), agus trí laghdú teochta thar fóir idir lá agus oíche (an t-athrú teochta laethúla).


Brú atmaisféarach[athraigh | edit source]

Is éard is brú atmaisféarach ann ná an fórsa in aghaidh an aonaidachair, atá i bhfeidhm go hingearach ar dhromchla, ag an gás máguaird. Aimsítear é ó fhórsa imtharraingthe an phláinéid i gcomhar le mais iomlán cholún aeir os cionn suímh. Tá aonaid brú an aeir bunaithe ar chaighdeán atá aitheanta go hidirnáisiúnta, sé sin 'an tAtmaisféar Caighdeánach', a shainmhínítear mar 101,325 Pa (nó 1,013,250 díneacha in aghaidh cm ²). Laghdaíonn brú ghás atmaisféarach le hairde mar gheall ar laghdú mhais an gháis os cionn an tsuímh.

Tugtar an airde scála ar an airde ag a bhfuil an brú atmaisféarach laghduithe ag fachtóir de 'e' ( uimhir éagóimheasta le luach de 2.71828 ..) ar a dtugtar 'H' air. Nuair atá atmaisféar ann le teocht aonfhoirmeach, tá an 'airde scála' comhréireach leis an teocht agus i gcomhréireach contrártha leis an mais mhóilíneach mheánach d'aer tirim oiread luasghéarú imtharraingteach an phláinéid. I gcás den sórt sin samhail atmaisféir eiseamláir, titeann an brú go heaspónantúil le airde na hairde. Níl, áfach, atmaisféir aonfhoirmeach i teochta, mar sin tá cinneadh cruinn ar bhrú an atmaisféir ag aon airde áirithe níos casta fós.

Éalaitheach atmaisféarach[athraigh | edit source]

Tá difríocht shubstaintiúil idir Imtharraingt dromchla i measc na bpláinéad, an fórsa a choinníonn síos an t-atmaisféar. Mar shampla, tá fórsa mór imtharraingthe an ollphláinéid Iúpatar in ann gáis éadroma, mar hidrigin agus héiliam a choinneáil, a éalaíonn ó réada le himtharraingt níos ísle. 'Fad ón ghrian' a chinneann an fuinneamh atá ar fáil chun gás atmaisféarach a théamh go dtí an pointe nuair a sháraíonn gluaisne theirmeach a mhóilíní treoluas éalaithe an phláinéid, (.i. an luas ina sáraíonn móilíní gáis greim imtharraingthe an phláinéid). Dá bhrí sin, tá Tiotán, Tríotón agus Plútón in ann a n-atmaisféar a choinneáil, in ainneoin imtharraingtí réasúnta íseal. Féadfaidh pláinéid idir-réaltacha, go teoiriciúil, atmaisféir tiubha a choimeád freisin.

Ós rud é, ag aon teocht ar leith, go mbíonn móilíní gháis ag bogadh ar raon leathan treoluasanna, beidh roinnt mall-sceitheadh de gháis amuigh sa spás ag titim amach, beagnach go leanúnach. Bogann móilíní a bhíonn níos éadroime níos tapúla ná na cinn níos troime leis an bhfuinneamh cinéiteach céanna , agus mar sin, bíonn gáis de mheáchan móilíneach íseal a chailleadh níos tapúla ná iad siúd de mheáchan móilíneach ard. Síltear go mbéidir gur chaill Véineas agus Mars a gcuid uisce go léir beagnach nuair, tar éis a bheith fótai-díthiomsaithe chuig hidrigin agus ocsaigin ag solas ultraivialait na Gréine, d'éalaígh an hidrigin.

Comhshuíomh[athraigh | edit source]

Scaipeann gáis atmaisféarach solas gorm níos mó ná tonnfhaid eile, ag tabhairt luan gorm ar an Domhan nuair a fheictear air ó spás.

Is é is cúis le comhshuíomh ceimiceach atmaisféir tosaigh ná go ginearálta ceimiceáin agus teochtaí an réaltnéil áitiúil, i rith fhoirmíocht phláinéadach, agus an t-éalaíoch gháis ón taobh istigh ina dhiaidh sin. Tháinig éabhlóid nach beag ar na hatmaisféir bunaidh thar tréimhse ama, le hairíonna éagsúla na bpláinéad mar thoradh ar na torthaí an-difriúil atá fágtha.

Tá atmaisféir na bpláinéad Véineas agus Mars comhdhéanta go príomha de dhé-ocsaíd charbóin, le cainníochtaí beaga de nítrigine, argón, ocsaigin agus rianta de gáis eile.

Comhdhéanamh[athraigh | edit source]

An Domhan[athraigh | edit source]

Cuimsíonn atmaisféar an Domhain, ón dtalamh aníos, an trópaisféar (a chuimsíonn an tsraithe ar fhódchiseal an phláinéid nó an peploisféar mar an tsraith is ísle), an strataisféar, an méisisféar, an teirmisféar (ina bhfuil an t-ianaisféar agus an t-eisisféar) agus freisin an maighnéadaisféar. Tá ráta laghdaithe éagsúla ag gach ceann de na sraitheanna, a shainíonn an ráta athraithe teochta le hairde.

Luíonn trí cheathrú den atmaisféar istigh sa trópaisféar, agus athraíonn doimhneacht an chisil idir 17 km ag an Mheánchiorcal agus 7 km ag na moil. Is é an ciseal ózóin, a ionsúnn fuinneamh ultraivialait ón Ghrian, atá lonnaithe go príomha ins an strataisféar, ar airde de 15-35 km. Úsáidtear go coitianta an líne Kármán, atá suite laistigh den atmaisféar ag airde de 100 km, chun an teorainn idir atmaisféar an Domhain agus an spás lasmuigh a shainmhíniú. Ach, is féidir leis an eisisféar leathnú ó 500 suas go dtí 10,000 km thuas ar an dromchla, áit a n-idirghníomhaíonn sé le maighnéadaisféar an phláinéid.

Eile[athraigh | edit source]

Tá atmaisféir aitheanta ag reanna réalteolaíocha eile mar seo a leanas.

Laistigh d'ár gcrianchóras[athraigh | edit source]

Lasmuigh d'ár gchrianchóras[athraigh | edit source]

Cúrsaíocht[athraigh | edit source]

Tarlaíonn cúrsaíocht an atmaisféir mar gheall ar dhifríochtaí theirmigh má éiríonn comhiompar níos éifeachtaí mar iompróir teasa ná radaíocht theirmeach. Ar phláinéid ina mbíonn radaíocht na gréine ina phríomhfhoinse teasa, iompraítear iomarca teasa ó na Trópaicí go domhanleithidí níos airde. Nuair a ghineann pláinéad méid suntasach teasa go hinmheánach, mar atá an cás le Iúpatar, is féidir le cúrsaíocht an atmaisféir fuinneamh teirmeach a iompair ón taobh istigh suas go dtí an dromchla.

Tagairtí[athraigh | edit source]