Nítrigin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachNítrigin

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach
Nítrigin sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachN
Uimhir adamhach7
Mais adamhach14.007
Cumraíocht leictreon1s² 2s² 2p³ agus [He] 2s² 2p³
Peiriad, Grúpapeiread 2
Dúil Ghrúpa 15
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Leictridhiúltacht3
Ga ianach0.16 agus 0.13
Stair
AimsitheoirDaniel Rutherford
Fionnachtain1772
Eapainmnítear agus beatha

Is dúil cheimiceach í an nítrigin. Is é an meáchan adamhach atá aici ná 14.0067 g/mol. Is í an uimhir adamhach atá aici ná 7, agus is í N an tsiombail cheimiceach atá aici.

Is í an nítrigin an comhábhar is flúirsí in atmaisféar an Domhain (78.1 %). Is gás gan dath gan bholadh gan bhlas í an nítrigin nuair atá sí ina dúil aonraithe, agus ní bhíonn sí ró-araiciseach chun imoibriú ceimiceach a dhéanamh leis na dúile eile, ach an oiread. Tá nasc comhfhiúsach triarach idir an dá adamh i móilín na nítrigine N2, agus murab ionann is an nasc triarach idir dhá adamh carbóin, tá an ceann seo an-láidir agus is an-deacair é a bhriseadh. Mar sin féin, is minic a bhíonn lucht na tionsclaíochta ag iarraidh an nasc seo a bhriseadh agus na hadaimh nítrigine a nascadh d'adaimh de chineál eile, nó bíonn comhdhúile nítrigine ag teastáil go géar le haghaidh táirgí éagsúla. Comhdhúile nítrigine iad na ciainídí, an amóinia, an t-aigead nítreach, agus na níotráití. Thairis sin, tá an nítrigin thar a bheith tábhachtach leis na neacha beo a choinneáil ina mbeatha. Tá adaimh nítrigine sna haimíonaigéid a bhfuil na próitéiní comhdhéanta astu, agus is cuid dhoscartha iad de mhóilíní na n-aigéad núicléasach, is é sin, an t-aigéad dí-ocsairibeanúicléasach (DNA) agus an t-aigéad ribeanúicléasach (RNA).

Is neamh-mhiotal í an nítrigin, agus í 3.0 ar leictridhiúltacht. Tá cúig leictreon ar an dara sceall aici, agus fonn uirthi trí leictreon eile a fháil ar iasacht ó dhúile eile le hochtréad iomlán a bhaint amach. Mura bhfuil aon dúil eile le fáil, is maith le dhá adamh nítrigine an trí leictreon sin a thabhairt ar iasacht dá chéile. Le fírinne, an nasc triarach a chruthaítear mar sin, tá sé ar ceann de na naisc is láidre sa cheimic, agus tógann sé cuid mhaith fuinnimh an nasc seo a bhriseadh. Ní nach ionadh, má chuirtear comhdhúil de chuid na nítrigine trí thine, agus na hadaimh nítrigine á scaoileadh saor, rachaidh siad le chéile arís le móilíní nua N2 a dhéanamh.

Tá dhá iseatóp chobhsaí ag an nítrigin, 14-N agus 15-N. Is é 14-N toradh an mheatha radaighníomhaigh a thagann ar an radacarbón (14-C), agus mar sin, is é 14-N an t-iseatóp is flúirsí (99.634 %).

Glactar leis gurbh é Daniel Rutherford a rinne fionnachtain na nítrigine sa bhliain 1772. Go gairid ina dhiaidh sin, bhaist ceimiceoir mór na Fraince, Antoine Laurent Lavoisier, an t-ainm azote ar an nítrigin, focal Gréigise a chiallaíonn "neamhbheo" nó "díbheo". Is é is cúis leis an ainmniú seo ná nach raibh an nítrigin in ann lasair ná ainmhí a choinneáil beo. Is é azote ainm na nítrigine ina lán teangacha i gcónaí, an Fhraincis san áireamh. Úsáidtear an fhoirm nítrigin sa Ghaeilge agus sa Bhéarla, mar shampla. Ciallaíonn sé "ábhar an tsailpítir". Tugtar sailpítear ar shalainn áirithe de chuid an aigéid nítrigh ar féidir úsáid a bhaint astú mar leasú talún, cosúil le níotráit potaisiam KNO3, níotráit sóidiam NaNO3 ("sailpítear na Sile") agus níotráit amóiniam ("sailpítear amóiniam") NH4NO3.

Comhdhúile tábhachtacha de chuid na nítrigine[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]