Uimhir adamhach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Z - uimhir adamhach

Is éard is uimhir adamhach (Z) adaimh ann ná líon na bprótón i núicléas an adaimh sin.[1] Is ionann uimhir na leictreon atá ag timpeallú an núicléis d'adamh shúil ar leith agus uimhir asamhach Z na dúile.[2] Baineann uimhir adamhach dhifriúil le gach dúil cheimiceach, .i. is í uimhir adamhach ocsaigin a hocht (mar tá 8 bprótón sa núicléas) ach is í uimhir adamhach Nitrigín a seacht (mar tá 7 bprótón sa núicléas).

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is í an bhrí a bhíodh leis an uimhir adamhach ná uimhir na háite ina bhfuil an dúil suite i dTábla Peiriadach na nDúl. Nuair a leag Mendeleev Tábla Peiriadach na ndúl amach an chéad uair, leag sé na dúile amach sa tábla in ord a maiseanna adamhacha agus i ngrúpaí a bhí eagraithe de réir a gcosúlachtaí ceimiceacha. Tugadh roinnt neamhrialtachtaí nó neamh-chomhoiriúnachtaí faoi deara, áfach.

Mar shampla, bhí an cuma ann go raibh an t-iaidín agus an teallúiriam san ord mícheart agus dá mbabhtálfaí iad, go mbeadh níos mó céille ag baint leis an ord ó thaobh na n-airíonna ceimiceacha de. Ba chiallmhaire an mhaise é, mar sin, na dúile a liostáil de réir a n-uimhreacha adamhacha. Bhí an chuma ar an scéal go raibh gaol ag an uimhir leis an mais adamhach, ach, mar a léiríodh sa neamhrialtacht thuasluaite, ba léir go gcaithfí airíonna eile a chur san áireamh.

Mhínigh an taighde a rinne Henry Gwynn Jeffreys Mosley sa 1913 na neamhrialtachtaí sa seicheamh ar deireadh. Léirigh Mosley an coibhneas docht idir díraonadh x-ghathach speictream na ndúl agus a n-áit cheart sa Tábla Peiriadach. Thángthas ar an gconclúid go bhfuil baint ag an uimhir adamhach le lucht leictreach an núicléis, is é sin, lucht na bprótón. Is é an lucht a thugann na hairíonna ceimeacha don dúil, seachas an mais adamhach.

Tá dlúthcheangal idir an uimhir adamhach agus an mhaisuimhir (cé gur cheart iad a idirdhealú óna chéile). Is ionann maisuimhir an adaimh agus an líon núicléón (prótóin agus neodróin) sa núicléas adamhach. Go minic, léirítear an mhaisuimhir i ndiaidh ainm na dúile, .i. Carbon-14 (in úsáid i ndátú radacarbóin).

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Eolaíocht Bhunúsach, lth. 159. An Gúm
  2. Ceimic Bhunúsach, lth. 233. Rialtas na hÉireann 1975,