Teallúiriam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachTeallúiriam

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach agus solad inlasta
Teallúiriam sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachTe
Uimhir adamhach52
Mais adamhach127.6
Peiriad, Grúpapeiread 5
calcaigin
Airíonna fisiceacha
Dlús6.24 kg/m⁻³
Leáphointe842
Fiuchphointe1,814
Leictridhiúltacht2.1
Ga ianach2.21, 0.66, 0.97, 0.43 agus 0.56
Stair
AimsitheoirFranz-Joseph Müller von Reichenstein
Fionnachtain1783
EapainmTerra (en) Aistrigh

Is é an teallúiriam dúil uimhir a 52 sa tábla peiriadach. Te an tsiombail a sheasann dó sna foirmlí ceimiceacha. Miotalóideach sobhriste airgeadgheal é an teallúiriam agus é réasúnta nimhiúil. Breathnaíonn sé cosúil leis an stán, ach is iad an sulfar agus an seiléiniam na dúile is gaolmhaire leis ó thaobh na ceimice de, ó tá sé in aon ghrúpa leo - grúpa na hocsaigine, nó na calcaiginí. Ba é Franz Joseph Müller von Reichenstein a rinne fionnachtain an teallúiriam sa Trasalváin sa bhliain 1782, ach fuair an dúil nua a hainm ó Martin Heinrich Klaproth sa bhliain 1798. Tá an t-ainm bunaithe ar an bhfocal Laidine tellus, talamh.

Níl úsáid ar bith sa teallúiriam do bheothach an duine. A mhalairt ar fad is nimh é. Iompaíonn meitibileacht an duine an teallúiriam go démheitilteallúiriam (CH3)2Te, ar gás é agus boladh na gairleoige as, agus is féidir an boladh sin a aithint in análú na ndaoine a bhfuil nimhiú teallúiriam orthu.

Bíonn criostail an teallúiriam chomh geal leis an airgead, agus loinnir an mhiotail iontu má bhíonn siad sách glan. Is féidir teallúiriam dímhorfach a fháil trína dheascadh as tuaslagán an aigéid teallúraigh Te(OH)6. Is leathsheoltóir é an teallúiriam, agus a sheoltacht ag brath ar threoir an tsrutha leictrigh i gcomparáid le línte ailínithe na n-adamh sa chriostal. Is fótaisheoltóir é an teallúiriam freisin, is é sin, téann a sheoltacht i méadaíocht faoi thionchar an tsolais. Creimeann an teallúiriam leáite copar, cruach dhosmálta agus gnáthiarann.

Iseatóip an teallúiriam[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá ocht n-iseatóp nádúrtha ag an teallúiriam. Ceithre cinn acu, tá siad cobhsaí, is é sin, teallúiriam a 122 (2.55 % de theallúiriam an dúlra), teallúiriam a 124 (4.74 %), teallúiriam a 125 (7.07 %) agus teallúiriam a 126 (18.84 %). Iseatóip radaighníomhacha iad na cinn eile, mar atá, teallúiriam a 120 (0.09 %), teallúiriam a 123 (0.89 %), teallúiriam a 128 (31.74 %) agus teallúiriam a 130 (34.08 %). Cé go bhfuil an chuid is mó den teallúiriam nádúrtha radaighníomhach, níl priacal radaíochta ann, ó tá leathré na n-iseatóp sin an-fhada, fiú i gcomparáid le haois na hollchruinne féin. Mar sin, is féidir dearmad a dhéanamh den radaighníomhaíocht sin sa ghnáthshaol.

Minicíocht sa Dúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an teallúiriam ar cheann de na dúile is teirce i screamh an Domhain. Is féidir teacht ar theallúiriam ghlan féin sa dúlra uaireanta, ach is minice a fhaightear sna mianraí é: calaibhirít, nó détheallúiríd óir, AuTe2, mar shampla. Le fírinne, is iad na teallúirídí óir na comhdhúile óir is minice a chasfaí ort sa dúlra, nó is dual don ór bheith ar fáil mar dhúil. Is í láib anóideach an chopair an fhoinse teallúiriam is tábhachtaí, áfach. Is éard atá sa láib anóideach ná na hiarsmaí a dheascann timpeall na hanóide le linn leictrealú.

Ceimic an Teallúiriam[cuir in eagar | athraigh foinse]

Maidir leis na huimhreacha ocsaídiúcháin, is iad -2, +2, +4 agus +6 iad, agus is é +4 an ceann is coitianta. Bíonn -2 ar fáil sna teallúirídí, is é sin, i gcomhdhúile an teallúiriam agus na miotal, cosúil leis an teallúiríd since ZnTe, a gheofar má théitear an dá dhúil suas in éineacht. Nuair a imoibreoidh an teallúiríd since leis an aigéad hidreaclórach HCl, gheofar teallúiríd hidrigine H2Te, analóg an uisce. Tá an teallúiríd hidrigine féin an-éagobhsaí, agus claonadh láidir inti titim as a chéile go hidrigin agus teallúiriam. Aigéad scothláidir é, agus tá an t-ainian hidriteallúiríde HTe- réasúnta cobhsaí. Is féidir leis, fiú, dul i gcomhdhúile le caitian an tsóidiam Na+ le cineál salainn, hidriteallúiríd sóidiam NaHTe, a chruthú.

An Teallúiriam agus na Halaiginí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Maidir leis na halaiginí, is iad na teitreahalaiginídí cosúil leis an teitreaclóiríd TeCl4, an teitreabróimíd TeBr4 agus an teitriaidíd TeI4 na cinn is tábhachtaí. Is féidir, áfach, na teitreahalaiginídí a dhianscaoileadh go déhalaiginídí (TeCl2, TeBr2, TeI2). Ní féidir na déhalaiginídí a aonrú, ach bíonn siad le fáil i dtuaslagáin (sna tuaslagóirí orgánacha, seachas san uisce!), agus is féidir leo iain choimpléascacha a chruthú in éineacht leis na hainiain halaigine: teitreaclórateallúráit (II) TeCl42-, teitreabrómateallúráit (II) TeBr42- agus teitriaiditeallúráit (II) TeI42-. Ós ocsaídeoir láidir é an fluairín, tá sé in ann an teallúiriam a ocsaídiú go +6, ionas go bhfaighfear heicseafluairíd teallúiriam TeF6. Tá an uimhir ocsaídiúcháin chéanna ag an teallúiriam san adamhghrúpa -OTeF5 freisin, agus é ar fáil i gcomhdhúile ar nós B(OTe5)3. Aigéad láidir é an t-aigéad peinteafluarortaiteallúrach (an t-aigéad teifleach) HOTeF5.

Ocsaídí an Teallúiriam[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is í an dé-ocsaíd teallúiriam TeO2 an ocsaíd is tábhachtaí. Thairis sin, tá aonocsaíd TeO ann, ach tá an dá bh'fhéidir ann i gcónaí, an féidir í a aonrú mar sholad glan. Tá siad ann a deir nach bhfuil san aonocsaíd sholadach ach meascán as an dúil féin agus an dé-ocsaíd. Glactar leis, áfach, go bhfuil an aonocsaíd aitheanta mar mhóilín i bpas gásach. Tá ocsaídí eile ag an teallúiriam fós, ocsaídí ilfhiúsacha - is é sin, ní hionann uimhir ocsaídiúcháin ag gach adamh teallúiriam sna hocsaídí seo. Sampla é Te4O9. Imoibríonn na hocsaídí go léir leis an uisce, ionas go gcruthaítear ocsaigéid éagsúla teallúiriam.

Caitiain Chaitéanaithe an Teallúiriam[cuir in eagar | athraigh foinse]

Má théann an teallúiriam i dteagmháil le haigéad sulfarach tiubhaithe, gheofar an cineál caitiain ar a dtugtar caitiain Zintl, cineál caitian caitéanaithe: Te42+, mar shampla. Is féidir leis an teallúiriam caitiain den chineál seo a dhéanamh in éineacht leis an seiléiniam freisin: Te2Se62+, cuir i gcás.

Úsáid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Úsáidtear an chuid is mó den teallúiriam sa mhiotalóireacht. Measctar teallúiriam tríd an gcruach dhosmálta agus tríd an gcopar leis na miotail seo a dhéanamh níos inmheaisínithe. Baineann an tionsclaíocht leictreonaice leas as an teallúiriam mar leathsheoltóir freisin.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]