Jump to content

Fluairín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachFluairín

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach agus dúil litifileach
Fluairín sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachF
Uimhir adamhach9
Mais adamhach18.998403162
Cumraíocht leictreon1s² 2s² 2p⁵ agus [He] 2s² 2p⁵
Peiriad, Grúpaperfluorinated compound (en) Aistrigh
peiread 2
halaiginí
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Leáphointe−363
Fiuchphointe−307
Leictridhiúltacht3.98
Ga ianach1.33 agus 0.08
Stair
AimsitheoirHenri Moissan agus André-Marie Ampère
Fionnachtain1810
Eapainmaigéad hidreafluarach

Is é an fluairín dúil cheimiceach uimhir a naoi, agus is í an tsiombail a sheasann dó i bhfoirmlí ceimiceacha ná F. Cosúil leis na halaiginí eile tá seacht leictreon ar an sceall is faide amuigh aige, agus é an-fhonnmhar chun ochtréad a bhaint amach ar an sceall sin trí imoibriú ocsaídiúcháin agus dí-ocsaídiúcháin. Gás buí é an fluairín le teocht is le brú an tseomra, agus ós rud é go bhfuil sé chomh haraiciseach sin chun imoibriúcháin, is nimh dhainséarach é - imoibríonn sé go fíochmhar le comhdhúile bithcheimiceacha íogaire an orgánaigh dhaonna agus déanann sé dochar tromchúiseach don orgánach. Tá an gás fluairín comhdhéanta as móilíní dé-adamhacha, F2.

Ós rud é nach féidir le haon dúil eile fluairín a ocsaídiú, is í an t-aon uimhir ocsaídiúcháin amháin a bhíonn aige ina chuid comhdhúl ná -I.

Níl ach aon iseatóp cobhsaí amháin ag an bhfluairín, mar atá, fluairín a naoi ndéag, nó 19F.

Is é an fluairín an dúil is leictridhiúltaí de na dúile go léir - is é sin, is féidir leis gach aon dúil eile a ocsaídiú. Is dual dó dul i gcomhdhúile le dúile eile agus iad a ocsaídiú ar leibhéil arda - níos airde, go minic, ná mar a bhíonn ag na dúile sin sna comhdhúile eile. Is féidir leis an bhfluairín, fiú, na triathgháis a a ocsaídiú, ionas go bhfaighfear fluairídí xeanóin, argóin, crioptóin agus radóin.

Tá an fluairín sách flúirseach sa dúlra, ach ar ndóigh, ní féidir teacht ar an dúil ghlan ansin. Mar is dual don halaigin, téann an fluairín i gcomhdhúile ianacha leis na miotail, agus is mianraí nádúrtha iad go minic. Is í an fhluairít (an fluar) an mianra is tábhachtaí acu; ó thaobh na ceimice de, is éard atá san fhluairít ná fluairíd an chailciam, CaF2.

Cosúil leis na halaiginí eile, téann an fluairín i gcomhdhúil leis an hidrigin, ionas go gcruthaítear gás a bhfuil a thuaslagán uisce aigéadach: HF, nó an fluairíd hidrigine. Aigéad hidreafluarach a thugtar ar an tuaslagán uisce. Níl sé chomh láidir agus na haigéid hidreahalaigineacha eile, áfach. Thairis sin, tá sé de chlaonadh i móilíní na fluairíde hidrigine démhéiriú a dhéanamh - is é sin, téann dhá mhóilín le chéile agus iad á ghreamú dá chéile leis na naisc hidrigineacha. Mar sin, b'fhearr foirmle na fluairíde hidrigine a scríobh mar H2F2. Nuair a théifear an gás suas, áfach, scaoilfear na démhéirí seo.