Jump to content

Crioptón

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachCrioptón

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach, gás agus atmophile element (en) Aistrigh
Crioptón sa tábla peiriadach
Siombail cheimiceachKr
Uimhir adamhach36
Mais adamhach83.798
Cumraíocht leictreon1s² 2s² 2p⁶ 3s² 3p⁶ 3d¹⁰ 4s² 4p⁶ agus [Ar] 3d¹⁰ 4s² 4p⁶
Peiriad, Grúpapeiread 4
triathgháis
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Leictridhiúltacht3
Stair
AimsitheoirWilliam Ramsay agus Morris Travers
Fionnachtain1898
Eapainmceilt

Is é an crioptón dúil cheimiceach uimhir a 36. Is é an tsiombail cheimiceach atá aige ná Kr. Cosúil leis na triathgháis eile, níl sé ró-araiciseach chun imoibriúcháin leis na dúile eile, ach is féidir leis an bhfluairín é a ocsaídiú, ionas go gcruthaítear fluairídí crioptóin. Níl sé le fáil go flúirseach san atmaisféar. Tá ainm na dúile seo bunaithe ar an bhfocal Gréigise κρυπτός (kruptós), a chiallaíonn "ceilte" nó "folaithe".

Cosúil leis na triathgháis eile úsáidtear crioptón sa ghléasra solais agus sa ghrianghrafadóireacht. Tá cuid mhaith línte speictreacha ag an gcrioptón, agus tagann an plasma crioptóin isteach áisiúil i léasair gheala ardchumhachta. Meán úsáideach le haghaidh léasair is ea an fhluairíd chrioptóin chomh maith.

Ba iad an ceimiceoir Albanach William Ramsay agus an ceimiceoir Sasanach Morris Travers a chéadaithin an crioptón sa Bhreatain Mhór sa bhliain 1898 in iarsmaí an aeir leachtaigh. Na daoine céanna a chuir an chéad sonrú sa neon cúpla seachtain ina dhiaidh sin ar an dóigh chéanna. Fionnachtain seo na dtriathghás a thabhaigh Duais Nobel sa Cheimic do Ramsay sa bhliain 1904.

Sa bhliain 1960 shocraigh Biúró Idirnáisiúnta na Meáchan is na Miosúr gurbh ionann aon mhéadar amháin agus tonnfhad an tsolais a astaíonn crioptón a 86, ceann d'iseatóip an chrioptóin. Roimhe sin bhí sainmhíniú an mhéadair bunaithe ar phrótaitíopa an mhéadar ar bharra miotail é agus é á choinneáil i dtaisce i Sèvres, an Fhrainc, ón mbliain 1889 i leith. Nuair a rinneadh athshainmhíniú ar fhad an mhéadair, d'athraigh sainmhíniú an angstraim chomh maith. Sa bhliain 1927 glacadh le sainmhíniú an angstraim a bhí bunaithe ar líne dhearg speictreach an chaidmiam, ach sa bhliain 1960 cinneadh gurbh iomlán aon angstram amháin agus 10-10 méadar. An sainmhíniú a bhí bunaithe ar thonnfhad an tsolais as crioptón a 86 mhair sé go comhdháil an Bhiúró i Mí Dheireadh Fómhair den bhliain 1983, nuair a sainmhíníodh gurbh ionann aon mhéadar amháin agus an fad a chuireann an solas de san fholús in imeacht 1/299,792,458 soicind ama.

Tá línte géara so-aitheanta astúcháin i speictream an chrioptóin, agus is iad na línte uaine agus buí na cinn is láidre. Nuair a dhéanfaidh núicléas úráiniam eamhnú, beidh an crioptón ar ceann den dá núicléas a chruthófar. Tá an crioptón soladach bán, agus struchtúr ciúbach éadanlárnach criostalda aige, cosúil leis na triathgháis eile (amach ón heiliam, a bhfuil criostail heicseagánacha aige).

Tá an crioptón nádúrtha comhdhéanta as cúig iseatóp cobhsaí chomh maith le ceann radaighníomhach a bhfuil leathré chomh fada aige is gur féidir neamhshuim a dhéanamh dá radaighníomhaíocht.