André-Marie Ampère
Fisiceoir agus matamaiticeoir Francach ab ea André-Marie Ampère (20 Eanáir 1775 – 10 Metheamh 1836). Bhunaigh Ampère (le Faraday) an leictreamaighnéadas.
Rinne Ampère taighde ar leictridinimic agus an gaol idir leictreachas is maighnéadas[1]. Tá aonad an tsrutha leictrigh (SI), an t-aimpéar, ainmnithe as.
D'fhorbair Ampère bealaí chun sruth leictreach a thomhas agus chruthaigh sé dlí sa bhliain 1827 (tugtar an 'Dlí Aimpéir' inniu go minic) le cur síos ar an réimse ciorclach maighnéadach a thimpeallaíonn sreang sruthiompartha. Inniu Tomhastar sruth in aimpéir agus is scálach é.[2]
Fisic
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá clú agus cáil ag Ampère i gcúrsaí eolaíochta de bharr an naisc a rinne sé idir leictreachas agus maighnéadas, agus as tús a chur le staidéar an leictreamaighnéadais. Ar an 11 Meán Fómhair 1820, chuala Ampère faoi aimsiú H. C. Ørsted, go ndéanann sruth voltach gníomh ar snáthaid maighnéadach. Seachtain ina dhiaidh sin, léirigh Ampère páipéar ag míniú céard a bhí ag tarlú.
Léirigh Ampère, gur aomadh dhá shreang chomhthreomhara i dtreo a chéile nuair a bhí sruth ag sreabhadh tríd an dá cheann sa treo céanna. Mar sin féin, d’éar na sreanga a chéile nuair a bhí na sruthanna ag sreabhadh sna treonna contrártha.[3]
Lean Ampère ag staidéar ar an leictreamaignéadas, agus d'fhionn sé teoiric mhatamaiticiúil a mhínigh na heachtraí a bhí feicthe cheana féin.
Bhí "Essai sur la philosophie des sciences, ou exposition analytique d'une classification naturelle de toutes les connaissances humaines", mar saothar deireanach Ampère a d'fhoilsíodh i ndiaidh a bháis.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Ampère i Lyon, sa Fhrainc, agus bhí cónaí air sa sráidbhaile, Poleymieux-au-Mont-d'Or, ón mbliain 1775 go 1836. Mar pháiste éachtach, bhí an-suim aige i bhfoghlaim agus eolas a aimsiú; deirtear gur bhain sé úsáid as clocha agus brioscaí le suimeanna móra a dhéanamh amach, sular fhoghlaim sé a chuid uimhreacha.
Thosaigh a athair ag múineadh Laidine dó, ach stop sé nuair a bhí sé soiléir go raibh sé níos fearr ag an mata. Chun saothar Euler agus Bernoulli a thuiscint, bhí air an Laidin a fhoghlaim pé scéal é.
Sa bhliain 1796 bhuail Ampère le Julie Carron, iníon ghabha a bhí ina cónaí in aice le Lyon. Sa bhliain 1799 pósadh iad. Ón mbliain 1796 ar aghaidh, mhúin Ampère an matamaitic, an cheimic agus teangacha.
Sa bhliain 1801 chuaigh sé go Bourg, le bheith mar ollamh le fisic agus ceimic. D'fhán a bhean chéile, breoite, agus a mhac óg (Jean Jacques Ampère) i Lyon. Fuair Julie bás sa bhliain 1804, agus bhí an-tionchar ag a báis ar Ampère. Sa bhliain chéanna, ceapadh é mar ollamh mata sa lycée i Lyon.
Fuair Ampère bás tobann i scoil i Marseille ar 10 Metheamh 1836 agus in aois 61 bliain dó; ní raibh cáil ar bith air ag an am.
Sa bhliain 1869, cuireadh é sa Cimetière de Montmartre, i bPáras.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)
- ↑ Eolaíocht GCCD. "Sruth Leictreach (Cab 17)". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ ESB. "TUISCINT AR GHINIÚINT AN LEICTREACHAIS". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-10-26. Dáta rochtana: 2021.