Páras
![]() | Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
![]() | |||||
---|---|---|---|---|---|
Paris (fr) ![]() | |||||
|
|||||
![]() ![]() | |||||
Mana | «Fluctuat nec mergitur» ![]() | ||||
Leasainm | Ville-Lumière, The City of Light agus La Ciudad de la Luz ![]() | ||||
Ainmnithe in ómós | Parisii (en) ![]() ![]() | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Frainc | ||||
Eintiteas críochach riaracháin de chuid na Fraince | An Fhrainc mheitreapholaiteach | ||||
Réigiún na Fraince | Île-de-France | ||||
Métropole (en) ![]() | Réigiún Cathrach Pháras ![]() | ||||
Príomhchathair de | |||||
Daonra | |||||
Iomlán | 2,145,906 (2020) ![]() | ||||
• Dlús | 20,359.64 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | an Fhraincis ![]() | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Located in the statistical territorial entity (en) ![]() | aire d'attraction de Paris (fr) ![]() Paris unité urbaine (en) ![]() ![]() | ||||
Cuid de | Île-de-France ![]() | ||||
Deoise | Ard-Deoise Caitliceach Pháras ![]() | ||||
Achar dromchla | 105.4 km² ![]() | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | An tSéin, Bassin de la Villette (en) ![]() ![]() ![]() ![]() | ||||
Airde | 28 m ![]() | ||||
Pointe is airde | highest point of Paris (en) ![]() ![]() | ||||
Ar theorainn le | Hauts-de-Seine (en) ![]() Bagnolet Montreuil Saint-Mandé Les Lilas Pantin Le Pré-Saint-Gervais Aubervilliers Vincennes Nogent-sur-Marne Ivry-sur-Seine Fontenay-sous-Bois Charenton-le-Pont Joinville-le-Pont Saint-Maurice Le Kremlin-Bicêtre Saint-Denis, Seine-Saint-Denis Clichy Malakoff Vanves Montrouge Seine-Saint-Denis Val-de-Marne (en) ![]() Saint-Ouen-sur-Seine Issy-les-Moulineaux Saint-Cloud Levallois-Perret Boulogne-Billancourt Neuilly-sur-Seine Suresnes Puteaux Gentilly ![]() | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Lutetia agus Seine ![]() | ||||
Cruthú | 3 haois "RCh" | ||||
Eachtra barrthábhachtach | |||||
Éarlamh | Genevieve (en) ![]() ![]() | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht reachtach | Comhairle Pháras ![]() | ||||
• Ceannaire an rialtais | Anne Hidalgo (2014–) ![]() | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 75116, 75001, 75002, 75003, 75004, 75005, 75006, 75007, 75008, 75009, 75010, 75011, 75012, 75013, 75014, 75015, 75016, 75017, 75018, 75019, 75020 agus 75000 ![]() | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 1 ![]() | ||||
Cód ISO 3166-2 | FR-75C ![]() | ||||
Cód NUTS | FR101 ![]() | ||||
INSEE department code (en) ![]() | 75 ![]() | ||||
INSEE municipality code (en) ![]() | 75056 ![]() | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | paris.fr ![]() | ||||
![]() ![]() ![]() ![]() |
Is é Páras (Fraincis: Paris) príomhchathair na Fraince agus í ar an gcathair is mó sa Fhrainc. Tá sé suite cois Séine i dtuaisceart na Fraince i lár an réigiúin darb ainm “Île de France” (tugtar “Réigiún Pháras” air chomh maith; Fraincis: Région parisienne). Tá 2.153.600 duine ina gcónaí taobh istigh de theorainn na cathrach (daonáireamh 2005) agus tá 11.769.433 duine ina gcónaí i mórcheantar uirbeach Pháras (aire urbaine). Mar sin, tá Páras ar ceann de na mórcheantair uirbeacha san Eoraip.
Bhí Páras ina áit lonnaithe thábhachtach le dhá mhílaois anuas agus sa lá atá inniu ann tá sé ar cheann de na príomhionaid maidir le cúrsaí gnó agus cultúrtha ar domhan. Tá tionchar aige ó thaobh chúrsaí polaitíochta, oideachais, siamsaíochta, meán, faisin, eolaíochta agus ealaíon de agus cuireann an méid seo lena stádas mar cheann de na príomhchathair dhomhanda ar domhan.
Is é Páras ceann de na cinn scríbe turasóireachta is coitinne sa domhan. Téann breis is 45 milliún turasóir gach bliain go dtí Réigiún Pháras. Tá roinnt sainchomharthaí tíre íocónacha sa chathair mar aon le hinstitiúidí aithnidiúla agus páirceanna coiteanna.
Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagann an t-ainm "Paris" ó ainm a áitritheoirí, treibh Ghallach darb ainm "Parisii". Tugadh "Lutetia" (nó Lutetia Parisiorum, "Lutetia na bParisii" san iomlán) ar an gcathair le linn fhorghabháil na Rómhánach sa chéad aois go dtí an séú haois. Ach le linn réimeas Julian an Fealsamh (360-363) athainmníodh an chathair mar "Paris".
Measann daoine eile go dtagann ainm na treibhe Parisii ón bhfocal Gaillise parisio, a chiallaíonn "an lucht oibre" nó "na ceardaithe". Ó thús na fichiú haoise, tugtar Paname, focal béarlagair as Fraincis, ar Pháras chomh maith.
Tá a lán leasainmneacha ag Páras, ach is é "La Ville-Lumière" an leasainm is coitinne. Aistrítear é seo mar "Cathair an tSolais" de ghnáth. Tagann an leasainm seo ó chlú na cathrach i rith Ré na hEagnaíochta mar lárionad oideachais, agus níos déanaí mar gheall ar shoilsiú sráide a glacadh go luath sa chathair.
Ceantair na Cathrach[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá Páras roinnte i gceantair éagsúla. I measc na gceann is cáiliúla, tá:
- Champs-Élysées
- Avenue Montaigne
- Place de la Concorde
- Faubourg Saint-Honoré
- L'Opéra
- Montmartre
- Les Halles
- Le Marais
- Place de la Bastille
- Quartier Latin
- Montparnasse
- La Défense
Aeráid[cuir in eagar | athraigh foinse]
Páras – Aeráid | |||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Mí | Eanáir | Feabhra | Márta | Aibreán | Bealtaine | Meitheamh | Iúil | Lúnasa | Meán Fómhair | Deireadh Fómhair | Samhain | Nollaig | Bliain |
Meán-uasteocht an lae (°C) | 6.9 | 8.2 | 11.8 | 14.7 | 19.0 | 22.7 | 25.2 | 25.0 | 20.8 | 15.8 | 10.4 | 7.8 | 15.5 |
Meán-íosteocht na h-oíche(°C) | 2.5 | 2.8 | 5.1 | 6.8 | 10.5 | 13.3 | 15.5 | 15.4 | 12.5 | 9.2 | 5.3 | 3.6 | 8.5 |
Meán-bháisteach (mm) | 53.7 | 43.7 | 48.5 | 53.0 | 65.0 | 54.6 | 63.1 | 43.0 | 54.7 | 59.7 | 51.9 | 58.7 | 649.6 |
Foinse: |