Maidrid

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Infotaula de geografia políticaMaidrid
Madrid (es) Edit the value on Wikidata
Flag of the City of Madrid (en) Coat of arms of Madrid (en)
Flag of the City of Madrid (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata Coat of arms of Madrid (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
Madrid (38624991251).jpg
Edit the value on Wikidata

Suíomh
Madrid (Comunidad de Madrid) mapa.svg
 40°25′00″N 3°42′09″W / 40.4167°N 3.7025°W / 40.4167; -3.7025
Stát ceannasachAn Spáinn
Comhphobal féinrialaitheach na SpáinneComhphobal Mhaidrid Edit the value on Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán 3,305,408 (2021) Edit the value on Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid de Villa y corte (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
Achar dromchla 604.4551 km² Edit the value on Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisce Manzanares agus Arroyo Meaques (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
Airde 667 m Edit the value on Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/sí Chamartín de la Rosa (en) Aistrigh, Canillas (en) Aistrigh, Canillejas agus Carabanchel Alto (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
Cruthú 852
Eachtra barrthábhachtach
Éarlamh Isidore the Laborer (en) Aistrigh, Virgin of Almudena (en) Aistrigh agus Mariana de Jesús Edit the value on Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht feidhmiúcháin Government Board of the City of Madrid (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
• Méara Mhaidrid Edit the value on Wikidata José Luis Martínez-Almeida (Meitheamh 15, 2019) Edit the value on Wikidata
Eacnamaíocht
Buiséad 4,702,875,724 € (2017) Edit the value on Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist 28001–28081 Edit the value on Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód (+34) 91 Edit the value on Wikidata
Eile

Suíomh gréasáin madrid.es Edit the value on Wikidata

Is í Maidrid (Spáinnis: Madrid) príomhchathair na Spáinne. Tá sí lonnaithe i gceartlár na leithinse Ibéaraigh. Tá sí suite i gComhphobal Mhaidrid.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ghlac Alfonso VI Chaistíle seilbh ar lonnaíocht Arabach, al-Maĝrīt, a bhí ann cheana i 1083. Roghnaigh Pilib II an baile mar phríomhchathair na Spáinne, in ionad ValladolidToledo, sa dara leath den 16ú haois. Lean an chathair ar aghaidh sa ról sin go dtí an lá atá inniu ann, seachas le linn tréimhse ó 1601 go 1606 nuair a bhog Pilib III a chúirt ríoga go Valladolid.

Príomháiteanna suimiúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é an Pálás Ríoga Maidrid áras oifigiúil do mhonarc na Spáinne. Is ceann de na páláis is mó in iarthar na hEorpa é. Tá sé suite in aice La Plaza de Oriente agus an Amharclann Ríoga.

Tá an Puerta del Sol suite i lár na cathrach. Is plás é, áit a bhailíonn daoine le chéile agus a thagann turasóirí. Tá dealbh sa lár don rí Séarlas III. Tá comhartha soilsithe Tío Pepe suite ar cheann de na foirgnimh sa phlás. Tá plaic "an ciliméadar náid" suite ar an talamh ag marcáil an áit a thosaíonn gach bóthar sa Spáinn. Bailaíonn daoine sa phlás seo ar an 31ú Nollaig. Craoltar ar an teilifís é.

Cúpla chiliméadar san oithear, tá an Paseo del Prado. Ag barr na sráide seo, tá an Pálás Cibeles agus Banc na Spáinne. Tá dhá scairdeán suite ar an sráid seo: an Fuente de Cibeles agus an Fuente de Neptuno. Tá musaem an Prado lonnaithe ar an sráid seo freisin, áit a bhfuil ealaín Velazquéz agus Goya le feiceáil. Ag deireadh na sráide sin, tá stáisiún Atocha agus an musaem Reina Sofía.

Áiteanna eile atá simiúil agus cáiliúil sa cathrach:

  • Teampall Debod, teampall a thugadh ón Éigipt go dtí Maidrid.
  • Parc an Buen Retiro, páirc mór álainn i lár na cathrach.
  • Staid Santiago Bernabéu, staid ina imríonn foireann Real Madrid.
  • Plaza de Toros de las Ventas, réileán tarbh ina dhéantar tarbhchomhrac.
Íomhá den Phálás Ríoga
An Pálás Ríoga

Aeráid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá aeráid teo na Meánmhara ag Maidrid. Titeann an chuid is mó den báisteach san earrach nó san fhómhar.

Bíonn an gheimhreadh fionnuar agus ó am go ham titeann sneachta.

Bíonn an samhradh teo agus tirim. Bíonn an teocht níos airde 30 °C i mí Iúil agus i mí Lúnasa agus go minic sroicheann sé 40 °C.

Is í Maidrid an cathair is tirime san Eoraip.

Oideachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ollscoileanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá roinnt ollscoileanna phoiblí agus phríobháideacha ar fáil i Maidrid.

Is ollscoil phoiblí í an Ollscoil Náisiúnta Cianoideachais (Universidad Nacional de Educación a Distancía; UNED). Is í an ollscoil is mó í sa tír le níos mó na 200,000 mac léinn ag déanamh staidéir ann.

Is í Ollscoil Complutense Maidrid (Universidad Complutense de Madrid; UCM) an dara ollscoil is mó sa chathair agus is í ceann de na hollscoileanna is sine ar domhain, agus thart ar 70,000 mac léinn ann. Cruthaíodh an ollscoil in Alcalá de Henares sa bhliain 1499. Inniu tá an chuid is mó suite ar champas Ciudad Universitaria agus an chuid eile ar champas Somasaguas i bPozuelo de Alarcón.

Tá Ollscoil Pholaiteicneice Maidrid (Universidad Politécnica de Madrid; UPM) mar an ollscoil theicneolaíochta is mó sa tír. Tá sí suite ar champas Ciudad Universitaria agus cruthaíodh í nuair a cuireadh cúpla ollscoileanna theicneolaíochta le chéile.

Spórt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Peil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá cáil ar dhá foireann peile sa chathair.

Imríonn Real Madrid sa sraith La Liga. Tá sé lonnaithe sa Staid Santiago Bernabéu. Glaotar madrilistasmerengues ar na leantóirí.

Is é Atlético de Madrid an club eile a imríonn sa chathair. Imríonn sé sa Staid Wanda Metropolitano. Imríonn sé sa sraith La Liga chomh maith agus tá an-tacaíocht don fhoireann sa chathair. Glaotar atléticoscolchoneros ar na leantóirí.

Cispheil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá club Real Madrid Baloncesto suite sa chathair. Imríonn siad a gcluichí sa Palacio de Deportes (WiZink Center) agus imríonn siad sa sraith Liga ACB.

Iompar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Aerfort[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá aerfort Adolfo Suárez Madrid-Barajas suite in oirthuaisceart na cathrach, 13km ón lár. Thaisteal 68 milliún paisinéir tríd an aerfort sa bhliain 2019. Is é an t-aerfort is gnóthaí sa tír agus an séú is gnóthaí san Eoraip. D'oscail sé sa bhliain 1931 agus tá cúig chríochfort aige: T1, T2, T3, T4 agus T4S. Is é Iberia an príomhaerlíne san aerfort.

Busanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá níos mó ná céad líne bhus a thrasnaíonn an chathair i rith an lae. Cosnaíonn ticéad don bhus €1.50 sa bhliain 2022. I rith na hoíche, tá línte bus a théann amach ó Cibeles i lár na cathrach go gach ceantar.

Meitreo[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'oscail meitreo Mhaidrid sa bhliain 1919. Tá 302 stáisiún ann. Tá dhá líne déag ann agus líne bhrainse. Oibríonn sé óna sé a chlog ar maidin go dtí a dó a chlog san oíche.

Traenacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá dhá stáisiún traenach sa chathair. Is í Stáisiún Atocha an phríomhstáisiún. Ón stáisiún seo, is féidir traenacha ardluais a fháil go dtí an oirthear agus an deisceart, cathracha mar Barcelona, Sevilla, Valencia agus Málaga. Ón stáisiún Chamartín, tá traenacha go dtí an tuaisceart, go dtí A Coruña, Santander, Oviedo agus Bilbao.

Tá córas traein coimitéaracha sa chathair darbh ainm "Cercanías". Tá naoi líne ann a théann go cathracha ar imeall an Chomhphobail. Ritheann na traenacha ó mhaidin go dtí meán oíche. Tá ceangail ar fáil leis an meitreo agus is féidir athrú idir gach líne sa stáisiún Atocha. Tá aithne ar an córas seo, mar tharla buamáil ar ceithre thraein gar d'Atocha sa bhliain 2004.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]