Comhphobal Mhaidrid

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Comhphobal Mhaidrid
Comhphobal fhéinrialaitheach na Spáinne
Comunidad de Madrid
Bratach Mhaidrid Armas Mhaidrid
Bratach Armas
Suíomh Mhaidrid
Tír An Spáinn
Príomhchathair Maidrid
Aonaid Riaracháin Cúige Amháin
Bardais 179
Teangacha oifigiúla Spáinnis
Aintiún
Rialtas
 • Uachtarán

Esperanza Aguirre (PP)
Achar
 • San iomlán
 
8,030 (12ú) cm²
Daonra
 • San iomlán
 • Dlús
 • Céatadán
 
6,587,711 (3ú)
809.00/km2/cm²
13.5% den tír
Parlaimint
 • Suíocháin Comhdhála
 • Suíocháin Seanaid
 
35 (as 350)
10 (as 264)
Láithreán Suíomh gréasáin

Is comhphobal féinrialaitheach é Comhphobal Mhaidrid (Spáinnis: Comunidad de Madrid) atá suite i lár na Spáinne. Tá cathair Mhaidrid suite ann, agus is í príomhchathair an chomhphobail agus na tíre go léir í.

Tá teorainn aici leis na comhphobail Castilla y León (na cúigí Ávila agus Segovia) agus Castilla-La Mancha (na cúigí Guadalajara, Cuenca, agus Toledo).

Tá cónaí ar dhuine as gach beirt de mhuintir an chomhphobail i Maidrid, ach thairis sin, tá bailte tábhachtacha eile ansin, ar nós Alcalá de Henares, Torrejón de Ardoz, Coslada, Getafe, Móstoles, San Lorenzo de El Escorial, Navalcarnero agus Aranjuez. Tá 179 bardais sa chomhphobal.

Nuair a bhí Francisco Franco i gceannas ar an Spáinn, glacadh leis gur cuid den Chaistíl a bhí i Maidrid, ach nuair a tháinig córas nua na gcomhphobal féinrialaitheach i bhfeidhm, rinneadh comhphobal ann féin de Mhaidrid, ós rud é go raibh Maidrid agus an chuid eile den Chaistíl-La Mancha an-difriúil le chéile ó thaobh na heacnamaíochta de.


Tír Eolas[cuir in eagar | athraigh foinse]

In aineoin daonra ard an chomhphobail, tá go leoir den réigiúin fós gan mhilleadh le raon mór tír dhreach agus gnáthóga. Tá sleibhte sa chomhphobal chomh aird le 2,000 m chomh maith lé mánanna íseal. Is é an Sliabhroan de Guadarrama sliabhraon tábhachtach in iarthuaisceart an réigiúin agus é mar chuid den Sistema Central, na sliabhraon a thagann le chéile thart ar lár leithnise na hIbéire. Tagann an sliabhraon ó chúige Ávila san iardheisceart tríd an gcomhphobal agus ar aghaidh go cúige Segovia san oirthuaisceart. Tá sé thart ar 80 cileaméadar ar fad. Is í Peñalara an sliabh is airde ag 2,428 méadar ar airde. Tá cathair mhaidrid é féin sách ard mar phríomhchathair chomh maith. Tá an sliabhraon an-gharr do Mhaidrid agus mar sin bíonn neart turasóirí agus cuairteoirí ag teacht ann le haghaidh spóirt gheimhridh éagsúla, mar shampla skíáil. Bíonn tionnchar ag na heachtraí seo ar timpeallacht agus gnáthóige na sleibhte. Tá El Escorial suite sa sliabhraon seo.

Aeráid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá aeráid te-samhraidh na meánmhura le fáil i Maidrid le geimhridh fuaire. Bíonn samhraidh an-te ann le teocht chomh hard le 30°C i mí Iúil agus fiú 40 °C uaireannta, i rith an gheimhridh bíonn teochtanna thart ar 0°C nó faoin reophointe. De bhárr airde Mhaidrid agus an aeráid tirim bíonn na hoíchí ar an meán fuair go leoir.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Réamhstair agus Ríocht Viseagotaigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach Na Viseagotaigh

Al-Andalus[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach Al Andalus

Filleadh na gCríostaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Maidrid mar Phríomhchathair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Stádas mar Chúige agus Chomhphobal Féinrialaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

An lá atá inniú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Daonra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bardais is mó
borde
Madrid
borde
Móstoles
# Bardas Daonra # Bardas Daonra
borde
Fuenlabrada
borde
Alcalá de Henares
1 Madrid 3,182,981 11 Las Rozas 95,071
2 Móstoles 206,589 12 San Sebastián de los Reyes 86,707
3 Fuenlabrada 194,669 13 Pozuelo de Alarcón 85,605
4 Alcalá de Henares 194,310 14 Rivas-Vaciamadrid 83,767
5 Leganés 187,720 15 Coslada 83,011
6 Getafe 178,288 16 Valdemoro 73,976
7 Alcorcón 168,141 17 Majadahonda 71,299
8 Torrejón de Ardoz 128,013 18 Collado Villalba 62,152
9 Parla 125,898 19 Aranjuez 58,213
10 Alcobendas 114,864 20 Arganda del Rey 53,821
Foinse: Instituto Nacional de Estadística (2017)

Is é Comhphobal Mhaidrid an tríú comhphobal is mó sa Spáinn de réir daonra agus an cúige is mó ar ndóigh. Tá 6,587,711 ina gcónaí ann ón mbliain 2018 agus is cosúil go bhfuil daonra na cathrach ag dul i méid. Tá dlús daonra 820.59 aige i bhfad níos airde na meán na tíre. Ar ndóigh tá formhór muintir an chomhphobail ina gcónaí sa phríomhchathair agus san mórcheantar uirbeach agus é ar an mórcheantar is mó sa tí. Ar ndóigh tá réimse mór i dtaobh cúlra muintir na cathrach le 13.32% daoine ag teacht ó thar lear (an céadatán is mó sa tír) agus tá go leoir imirce ann ar chúiseanna fostaíocht.

Don chuid is mó ba Caitlicigh iad muintir an réigiúin le mionlach Iúdach agus Muslamach.

Is é Comhphobal Mhaidrid an réigiúin leis an meán is airde san Aontas Eorpach ó thaobh ionchas saoil de. Is 82.2 saolré na bhfear agus 87.8 saolré na mban (2016).


Cultúr[cuir in eagar | athraigh foinse]

Spórt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar ndóigh is é sacair an spórt is mó tóir air sa réigiúin le clú agus cáil ar na clubanna sacair ón réigiúin. Is é Real Madrid an club sacair is cáiliúla sa tír chomh maith le Barcelona. Ach tá clú agus cáil bainte amach ag Atlético de Madrid le blianta anuas agus iad mar churaidh san Europa League agus iad ag imirt gcluiche cheannais Sraith na Seaimpíní. Chomh maith leo siúd tá Getafe, Rayo Vallecano, agus Leganés ag imirt faoi láthair sa Sraith La Liga ag imirt san dara sraith.

Mar aon le neart príomhchathracha eile san Eoraip tá Cumann Luthchleas Ghaeil ann chomh maith; Madrid Harps.[1] Is iad cispheil agus liathróid láimhe na spóirt eile le tóir orthu sa réigiún.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]



Comhphobail fhéinrialaitheacha na Spáinne
Flag of Spain.svg

An Andalúis | Aragón | Asturias | Na hOileáin Bhailéaracha | Tír na mBascach Theas | Cantabria | Castilla-La Mancha | Castilla y León | Na hOileáin Chanáracha | An Chatalóin | Extremadura | An Ghailís | La Rioja | Comhphobal Mhaidrid | Murcia | Navarra | Comhphobal Valencia

Cathracha fhéinrialaitheacha na Spáinne

Ceuta · Melilla