Castilla y León
| Castilla y León | |||||
|---|---|---|---|---|---|
| — Comhphobal fhéinrialaitheach na Spáinne — | |||||
| Comunidad de Castilla y León | |||||
| |||||
| Tír | An Spáinn | ||||
| Príomhchathair | Valladolid | ||||
| Aonaid Riaracháin | 9 gCúigí:Ávila, Burgos, León,Palencia, Salamanca,Segovia, Soria, Valladolid & Zamora | ||||
| Bardais | 2,248 | ||||
| Teangacha oifigiúla | Spáinnis | ||||
| Aintiún | |||||
| Rialtas • Uachtarán |
Juan Vicente Herrera (PP) | ||||
| Achar • San iomlán |
94,222 (1ú) cm² | ||||
| Daonra • San iomlán • Dlús • Céatadán |
2,558,463 (6ú) 27/km2/cm² 5.7% den tír | ||||
| Parlaimint • Suíocháin Comhdhála • Suíocháin Seanaid |
33 (as 350) 30 (as 264) | ||||
| Láithreán | Suíomh gréasáin | ||||
Is comhphobal féinrialaitheach é Caistíl agus León (as Spáinnis: Castilla y León) atá suite i lár na Spáinne. Is í Valladolid suíochán an rialtais áitiúla go hoifigiúil cé nach príomhchathair í.
Lá dá raibh san áit atá Caistíl agus León anois bhí dhá ríocht ann; ríocht León agus ríocht na Sean-Chaistíle. Ó thaobh achair talún de, is í Caistíl agus León an réigiún féinrialaitheach is mó sa Spáin agus tá sí ar cheann de na réigiúin is mó san Aontas Eorpach. Tá achar 94,223 km² aige le daonra oifigiúil de 2,558,463 (ó dhaonáireamh na bliana 2011).
Tá teorainn ag an chomhphobal le hAsturias agus Cantabria ó thuaidh, le hAragon, agus le Tír na mBascach soir ó thuaidh, La Rioja soir, an comhphobal féinrialaitheach de Maidrid agus Castilla-La Mancha siar ó dheas, Extremadura ó dheas, agus an Phortaingéil agus Galicia siar.
Clár ábhair
Riaracháin an Réigiúin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Cúigí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá Caistíl agus León roinnte idir naoi gcinn de chúigí agus tá ainm gach cúige díreach mar an gcéanna le hainm phríomhchathair an chúige sin.
| Cúige | Príomchathair | Achar (cm2) | Daonra (2011) | Bardais |
|---|---|---|---|---|
| Ávila | 8,050.15 | 171,647 | 248 | |
| Burgos | 14,291.81 | 372,538 | 371 | |
| León | 15,580.83 | 493,312 | 211 | |
| Palencia | 8,052.51 | 170,513 | 191 | |
| Salamanca | 12,349.95 | 350,018 | 362 | |
| Segovia | 6,922.75 | 163,171 | 209 | |
| Soria | 10,306.42 | 94,610 | 183 | |
| Valladolid | 8,110.49 | 532,765 | 225 | |
| Zamora | 10,561.26 | 191,613 | 248 |
Daonra[cuir in eagar | athraigh foinse]
Sna 1960í bhí daonra uirbeach Caistíl agus León thart ar 20%; sa bhliain 1991 bhí sé ardaithe go 42% agus sa bhliain 1998 43% a thaispeánann ráta bánú na tuaithe sa réigiún.
As na 2,248 bardais tá 1,986 acu le níos lú na 1000 daoine ina gcónaí iontu; tá idir 1001 agus 5000 daoine ina gcónaí in 204 acu; tá 4 bardais le níos mó ná 100 000 daoine ina gcónaí iontu, sé sin Valladolid (306,830), Burgos (177,776), Salamanca (148,042) agus León (129,551). Seachas príomhchathracha na gcúigí tá cathracha mar Miranda de Ebro agus Aranda de Duero in Burgos, Ponferrada agus San Andrés del Rabanedo in León, Béjar in Salamanca agus Medina del Campo agus Laguna de Duero in Valladolid.
| Uimh. | Cathair | Cúigex | Daonra | Valladolid Burgos Salamanca León |
|---|---|---|---|---|
| 1 | Valladolid | Valladolid | 303,905 | |
| 2 | Burgos | Burgos | 177,100 | |
| 3 | Salamanca | Salamanca | 146,438 | |
| 4 | León | León | 127,817 | |
| 5 | Palencia | Palencia | 79,595 | |
| 6 | Ponferrada | León | 66,884 | |
| 7 | Zamora | Zamora | 63,831 | |
| 8 | Ávila | Ávila | 58,358 | |
| 9 | Segovia | Bizkaia | 40,983 | |
| 10 | Soria | Soria | 39,168 |
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]