Jump to content

An Andalúis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Andalúis
Andalucía (es) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnLa bandera blanca y verde Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 37°24′18″N 5°59′15″W / 37.405°N 5.9875°W / 37.405; -5.9875
Stát ceannasachan Spáinn Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairSevilla Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán8,476,718 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús97.13 hab./km²
Teanga oifigiúilan Spáinnis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla87,268 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uiscean tAigéan Atlantach agus an Mheánmhuir Cuir in eagar ar Wikidata
Airde600 m Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeMulhacén (en) Aistrigh (3,482 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síRíocht Sevilla, Ríocht Granada, Kingdom of Jaén (en) Aistrigh, Kingdom of Córdoba (en) Aistrigh agus Intendancy of New Populations of Andalusia and Sierra Morena (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú 1835:  cúis leis seo 1833 territorial division of Spain (en) Aistrigh
Saoire phoiblí
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht feidhmiúcháinConsejo de Gobierno de la Junta de Andalucía Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachParlaimint na hAndalúise Cuir in eagar ar Wikidata
• President of the Junta of Andalusia (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataJuan Manuel Moreno Bonilla (2019–) Cuir in eagar ar Wikidata
Údarás breithiúnach is airdeArd-Chúirt Bhreithiúnais na hAndalúise Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poistAN Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Cód ISO 3166-2ES-AN Cuir in eagar ar Wikidata
Cód NUTSES61 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinjuntadeandalucia.es Cuir in eagar ar Wikidata

Is comhphobal féinrialaitheach í an Andalúis (Spáinnis: Andalucía) atá suite i ndeisceart na Spáinne. Is í Sevilla an phríomhchathair. Is í an dara réigiún is mó sa tír agus tá an daonra is mó aici.

Tá an Andalúis timpeallaithe ag Extremadura agus Castilla-La Mancha ó thuaidh; taobh thiar de Murcia agus an Mheánmhuir (anoir aneas); taobh thoir den Phortaingéil agus an tAtlantach (aniar aneas). Tá an Afraic (Maracó) agus an Andalúis scartha óna gcéile le Caolas Ghiobráltar. Tá an teorainn idir an choilíneacht Briotanach Giobráltar agus an cúige Cádiz suite san Andalúis, trí ceathrú de mhíle ar fhad.

Tagann an t-ainm "Andalúis" ón focal Araibise Al-Andalus (الأندلس). Tá an t-ainm le feiceáil ar bhonn a bhuail rialtas Moslamach na Spáinne sa bhliain 716.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí tionchar ar stair an réigiúin ag na Féinícigh, na Cartagaigh, na Gréagaigh, na Rómhánaigh, na Vandail, na Viseagotaigh, Biosántaigh, na Giúdaigh, Romainis, na Múraigh agus na Críostaithe ó thuaisceart na Spáinne a athghabh an réigiúin i dtreo deireadh an Reconquista.


Ba shibhialtacht an-mhór agus an-chumhachtach í Tartessos sa réamhstair, suite in Andalucía. Deirtear gurb í Cadiz an chathair is sine agus í fós ina sheasamh in Iarthar na hEorpa agus is cathair an-sean í Malaga chomh maith.

Nuair a thit cathracha na Féinícigh bhí an Chartaig mar an chumacht farraige is láidir sa mheánmhuir iarthar agus pairtnéir thradála ag na cathracha Féinícigh ar chósta an Andalúis. Idir na Cogaí Púnacha sín Cartaig amach agus ghabh siad an leithinis iomláin seachas Tír na mBascach. Bhí an Andalúis mar áit tosaigh cogadh na Cartagaigh leis na Rómhánaigh faoi Ghinearál Hannibal. Bhí an lámh in uachtar sa deireadh ag na Rómhánaigh agus ghabh siad an ceantar iad féin. Ghlaoigh siad Baetica air. Is an áit seo a tháinig Impirí Trajan agus Hadrian.

Cailifeacht Cordoba san 10ú haois

Sa bhliain 711 ghabh na Moslamaigh ó thuaisceart Afraice faoi cheannas Ginearal Tariq ibn Ziyad. Sna 750í, thóg siad leath Ardeaglais Cordoba ar chíos le úsáid mar mhosc.

Tá sé soiléir go raibh tionchar mór ar chultúr na hAndalúise ag na Moslamach a rialaigh an áit ar feadh ocht n-aois agus a chríochnaigh sa bhliain 1492 le bua na Ríthe Caitliceacha i nGranada.

Ardeaglais Cordoba

Tagann an Spáinnis a labhraítear i Meiriceá Laidineach, go mór ón saghas Spáinnise a labhraítear in Andalucía toisc go raibh Sevilla ina geata don Domhan nua sa 16ú agus 17ú haois.


Tíreolas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Suíomh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ó thaobh acahr de is é Andalúis an dara réigiúin is mó sa Spáinn. Is iad Sierra Morena agus Baetic na sliabh raonis mó. Sa tuaisceart deighleann Sierra Morena an réigiúin ó má Extremadura agus Castile–La Mancha. Ó dheas tá Andalúise Uachtarach ag suí sa chóras Baetic, agus ansin tá an Andalúis Íochtarach suite i logán Baetic an ghleanna Guadalquivir.

Aeráid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é cúlchríoch na hAndalúise an áit is teo san Eoraip. Bíonn meán teochta 36 °C ag cathracha mar Córdoba agus Sevilla i rith an tsamhraidh. Fiú déanach sa tráthnóna fanann siad ag 35 °C go dtí meánoíche uaireanta níos mó ná 40 °C i rith an lae.

Aonaid riaracháin na hAndalúise[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an Andalúis roinnte in ocht gcúigí agus bíonn an ainm céanna ag príomhchathair gach cúige:

Cúige Príomhchathair Daonra Dlús Daonra Bardais Dúiche
Almería
Almeria 702,819 72.5 /km2 102 8
Cádiz
Cádiz 1,243,519 158.8 /km2 44 14
Córdoba
Córdoba 805,857 72.4/km² 75 12
Granada
Granada 924,550 68.7/km² 168 9
Huelva
Huelva 521,968 47.7 /km² 79 6
Jaén
Jaén 670,600 49.1/km² 97 10
Málaga
Málaga 1,625,827 204.1/km² 101 11
Sevilla
Sevilla 1,928,962 129.2/km² 105 15
Mapa de Andalucía

Faoi bun na cúigí tá comarcas nó contaetha. Níl aon aitheantas oifigiúil acu i Reacht Féinrialú na hAndalúise ach go praiticiúil tá aitheantas neamhoifigiúil acu mar aonán tíreolach, cultúir, staire, geographic agus riaracháin. Chomh maith leis sin tá mancomunidad, sé sin comhlathas bardais ar féidir le bardas ar a stuaim fhéin a chruthú mar uirlis forbairt geilleagar agus sóisialta a eagrú idir bardais.

Bardais na hAndalúis

Tá 774 bardais (nó municipios) san Andalúis, sé sin comhairle riaracháin na gcathrach agus na mbailte. Tá riaracháin na mbardais rialaithe ag comhairle bardais nó ayuntamiento, le cumas aige i soláthair seirbhísí comhphobail, uisce, dramhaíl, agus ar ndóigh pleanáil uirbeach agus cur chun cinn na háite i dtaobh turasóireacht, cultúr, spóirt agus rudaí eile nach iad.

Daonra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an Andalúis mar an Chomhphobail Fhéinrialaithe is mó as 17 ó thaobh daonra de sa Spáinn. Sa bhliain 2018 bhí thar ar 8,409,700 daoine ina gcónaí ann, sé sin ísliú 124,000 ón mbliain 2009. Tá an daonra lonnaithe don chuid is mó i bpríomhchathracha na gcúigí agus ar an gcósta, mar sin tá urbiú ard i gceist, tá leath de dhaonra an réigiúin lonnaithe sna 28 cathracha is mó le níos mó ná 50,000 daoine iontu. Tá an daonra ag aosú cé go bhfuil imirceach ag cur moill ar meath an daonra.

Sa bhliain 1950, bhí 20% de daonra na Spáinne ina gcónaí san Andalúis. Tháinig ísliú beag ar sin go 17.09% de bharr eisimirce cé go raibh an ráta breith is airde sa Spáinn anseo. Ach ó shin i leith tá a mhalairt i gceist, faoi láthair tá 18% de dhaonra na Spáinne lonnaithe sa réigiún cé go bhfuil an ráta breithe thíos agus an daonra iomláin tar éis ísliú. Tá go leor daoine ag filleadh ar an áit chomh maith le imircigh ó thíortha éagsúla (agus ag a bhfuil ráta breithe ard acu) agus go ginireálta tá rath ar leith ar daonra na háite i gcomparáid leis na comhphobail fhéinrialaithe eile sa tír agus fiú réigiúin inchomparáide san Eoraip.

Rugadh thart ar 5.35 % de dhaonra na hAndalúise thar lear. Ráta measartha íseal i gcomparáid le réigiúin eile na Spáinne (agus níos lú ná meán na tíre). Is as Maracó 17.79% de imircigh na háite agus is iad Sasnaigh 15.25% dóibh. Mar sin féin is iad lucht Meiriceá Theas an grúpa is mó imircigh san áit ag cur go mór le lucht oibre an réigiúin.

Cathracha an Réigiúin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Seo iad a leanas na cathracha is mó ó thaobh daonra de sa réigiún.

Bardais is mó san Andalúis (2017)[1]

Sevilla
Sevilla
Málaga
Málaga
Córdoba
Córdoba
Granada
Granada
Jerez de la Frontera
Jerez de la Frontera

Bardas Cúige Daonra Bardas Cúige Daonra

Almería
Almería
Huelva
Huelva
Marbella
Marbella
Dos Hermanas
Dos Hermanas
Algeciras
Algeciras

1 Sevilla Sevilla 689,434   16 Íomhá:Flag of El Ejido Spain.svg El Ejido Almería 88,096
2 Málaga Málaga 569,002   17 Íomhá:Flag of Chiclana de la Frontera Spain.svg Chiclana de la Frontera Cádiz 83,148
3 Íomhá:Flag of Córdoba, Spain.svg Córdoba Córdoba 325,916   18 Íomhá:Bandera de Vélez-Málaga.svg Vélez-Málaga Málaga 79,878
4 Granada Granada 232,770   19 Íomhá:Bandera de Mijas (Málaga).svg Mijas Málaga 77,151
5 Jerez de la Frontera Cádiz 212,915   20 Íomhá:Bandera de Alcalá de Guadaíra (Sevilla).svg Alcalá de Guadaira Sevilla 75,106
6 Íomhá:Bandera de Almería.svg Almería Almería 195,389   21 Íomhá:Fuengirola flag.svg Fuengirola Málaga 74,929
7 Íomhá:Flag of the City of Huelva (official).PNG Huelva Huelva 145,115   24 Íomhá:Bandera de Benalmádena.svg Benalmádena Málaga 68,859
8 Íomhá:Marbella Spain.svg Marbella Málaga 141.172   22 Íomhá:Bandera de Torremolinos (Málaga).svg Torremolinos Málaga 67.701
9 Dos Hermanas Sevilla 132,551   23 Íomhá:Bandera de Sanlúcar de Barrameda.svg Sanlúcar de Barrameda Cádiz 67,640
10 Íomhá:Flag maritime algeciras.svg Algeciras Cádiz 121,133   25 Íomhá:Bandera estepona.PNG Estepona Málaga 66,863
11 Íomhá:Bandera de Cádiz.svg Cádiz Cádiz 118,048   26 Íomhá:Flag of La Linea de la Concepcion.jpg La Línea de la Concepción Cádiz 63,146
12 Jaén Jaén 114,238   27 Íomhá:Bandera de Motril.svg Motril Granada 60,420
13 Íomhá:Bandera de San Fernando (Cádiz).svg San Fernando Cádiz 95,643   28 Íomhá:Bandera de Linares.svg Linares Jaén 58,449
14 Íomhá:Bandera de Roquetas de Mar.svg Roquetas de Mar Almería 93,363   29 Íomhá:Bandera Utrera.svg Utrera Sevilla 52,701
15 Íomhá:Bandera de El Puerto de Santa María (Cádiz).svg El Puerto de Santa María Cádiz 88,430   30 Íomhá:Bandera de Mairena del Aljarafe (Sevilla).svg Mairena de Aljarafe Sevilla 45,471


Geilleagar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an Andalúis mar réigiúin talmhaíochta le fada an lá ach le forbairt an comhphobail tá fás mór tagtha i dtionscadail éagsúil agus soláthair seirbhísí sa réigiún, chomh maith le tábhacht an turasóireachta.

Cultúr[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá cultúr saibhir agus féiniúlacht láidir le fáil sa réigiún. Tá neart rudaí a feictear orthu mar gnéithe de cultúr na Spáinne a thagann as an réigiúin seo mar shampla damhsa flamenco agus troid tairbh. Ar ndóigh Tá clú agus cáil ag Andalucía mar gheall ar a hailtireacht Mhoslamach. I measc na séadchomhartha is cáiliúla tá an Alhambra i nGranada, an Mezquita (mosc) i gCórdobha, an Torré del Oro (túr óir), na túir Girealda agus an Réales Alcázares i Sevilla, agus an Alcazaba i Málaga. Ó thaobh an seandálaíochta de tá tábhacht ag baint le Medina Azahara, in aice le Córdoba agus Itálica, in aice le Sevilla agus port Huelva.

Déantar ceiliúradh ar lá Andalusía (Día de Andalucía) ar an 28 Feabhra, ceiliúradh dáta an reifrinn áitiúla faoi fhéinriail atá ann.


Spórt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mar aon leis an gcuid eile den tír is é sacair an spóirt is fearr. Thóg Sasnaigh a bhí ag obair mar mianadóirí Rio Tinto i gcúige Huelva, agus is léir gur éirigh go maith leo. Is é Recreativo de Huelva an club sacair is sine sa tír, bunaithe sa bhliain 1889. I rith séasúir 2018/19 bhí dhá club sacair na hAndalúise ag imirt i bpríomhsraith na Spáinne: Real Betis agus Sevilla FC. Bhuaigh Betis an tsraith sa bhliain 1935 agus bhuaigh Sevilla é sa bhliain 1946. Imríonn na clubanna sacair eile; Córdoba CF ,Granada CF, UD Almería agus Málaga CF sa dara sraith faoi láthair. Tá Recreativo de Huelva, (an club is sine) agus Real Jaén ag imirt sa Segunda División B.

Le déanaí tá níos mó tóir ar cisphéil sa réigiún. Imríonn CB Málaga, nó Unicaja Málaga go minic san Euroleague cispheile agus bhuaigh siad an Liga ACB sa bhliain 2007 agus Corn Korać sa bhliain 2001. Tá CB Sevilla agus CB Granada ag imirt i bpríomhshraith na Spáinne chomh maith.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]



Comhphobail fhéinrialaitheacha na Spáinne

An Andalúis | Aragón | Asturias | Na hOileáin Bhailéaracha | Tír na mBascach Theas | Cantabria | Castilla-La Mancha | Castilla y León | Na hOileáin Chanáracha | An Chatalóin | Extremadura | An Ghailís | La Rioja | Comhphobal Mhaidrid | Murcia | Navarra | Comhphobal Valencia

Cathracha fhéinrialaitheacha na Spáinne

Ceuta · Melilla