Cantabria

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Cantabria
Comhphobal fhéinrialaitheach na Spáinne
Comunidad Autónoma de Cantabria
Bratach Cantabria Armas Cantabria
Bratach Armas
Suíomh Cantabria
Tír An Spáinn
Príomhchathair Santander
Aonaid Riaracháin Cúige amháin; 10 gcontaetha
Bardais 102
Teangacha oifigiúla Spáinnis
Aintiún Himno de Cantabria
Rialtas
 • Uachtarán

Miguel Ángel Revilla Roiz (PRC)
Achar
 • San iomlán
 
5,321 (15ú) cm²
Daonra
 • San iomlán
 • Dlús
 • Céatadán
 
593,121 (16ú)
111.2/cm²
1.27% den tír
Parlaimint
 • Suíocháin Comhdhála
 • Suíocháin Seanaid
 
5 (as 350)
5 (as 264)
Láithreán Suíomh gréasáin

Is comhphobal féinrialaitheach é Cantabria atá suite in oirthuaisceart na Spáinne. Santander an phríomhchathair. Tá Cantabria ag críochantacht le Tír na mBascach (cúige na Bioscáine), agus ó dheas tá Castilla y León, agus san oirthiar tá Asturias. Tá cósta aige ó thuaidh chomh maith.

Tá Cantabria lonnaithe lastigh den Spáinn Glas, ainm a dtugtar don réigiún idir muir Cantabria agus sléibhte Cantabria i dtuaisceart na Spáinne. De bhárr an bháistí agus na haeráide aigéanaí bíonn an fásra an-ghlas. Tá tionchar mhór ag an Aigéan Atlantach, tagann an ghaoth ón Atlantach agus bíonn sé sáinithe leis na sléibhte; meán deascadh na háite ná 1,200 mm.

Tá tábhacht ar leith ag Cantabria de bhárr an mhéid láithreán seandálaíochta atá le fáil ann. Tagann cuid dóibh as an ré pailéiliteach. Tá naoi bpluais ann le stádas Láithreán Oidhreachta Domhanda UNESCO. Tá líníocht phluaise le feiceál mar shampla i bpluais Altamira, atá dátaithe 16,000 go 9,000 RC.

Cruthaíodh Cúige Cantabria ar an 28 Iúil 1778. Glacadh le Reacht Cantabria ar an 30 Nollaig 1981, agus mar sin stádas fhéinrialathach.

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá saineolaí fós ag iarraidh ainm na réigiúine, "Cantabria", a mhíniú ach níl se cinnte fós. Glactar leis go dtagann an fréamh cant- ón bhfocal Ceiltise ar clochcarraig, agus is cosúil gur úsáideadh -abr mar iarmhír sna réigiúin cheilteacha. Mar sin b'fhéidir gurb é an ciall a bhí le "cántabro" ná "muintir na gcarraigeacha" ag tagairt don talamh carraigeach agus sléibhtiuil atá sa réigiún.

Tír Eolas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is réigiún sléibhtiúil é Cantabria chomh maith leis an gcósta ó thuaidh agus tá acmhainní nadúrtha tábhachtacha le fáil ann:

  • An Cósta. Tá cósta Cantabria 10 km ar fhad nach ardaíonn thar 500m. Tá gleannta ann chomh maith leis na haille atá briste ag aibhneacha a chruthaíonn ria agus tránna. Ta Bá Santander an eang is mó ar an gcósta ó dheas ardaíonn an talamh le bualadh leis na sléibhte.
  • Na Sléibhte. Is balla fada é seo comhthreomhar leis an bhfarraige. Tá na sléibhte déanta don chuid is mó de aolchloch agus tógann siad suas chuid mhaith de achar Cantabria. Cruthaíonn siad gleannta doimhne. Tá na aibhneacha gearr ach le srutha tapaidh agus cumhacht creimeadh láidir agus mar sin tá fana na sléibhte géar.

Ó dheas tá na sléibhte níos mó fós. Tá sléibh raon mhór aolchloiche, Picos de Europa, san iardheisceart: chuid mhaith dóibh níos airde ná 2,500 m, cruthaithe ag na oighearshrutha a bhí ann fadó.

Contaetha agus Bardais Cantabria[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá 10 gcontaetha agus 102 Bardais i gCantabria.

Contaetha agus Bardais Cantabria


Bardais de réir Daonra
(2017)[1]
Uimhir Bardas Daonra Pálás Magdalena
Santander
Eaglais Theachtaireacht an Aingil
Torrelavega
Port Castro-Urdiales
Castro-Urdiales
1. Santander 171,951
2. Torrelavega 52,034
3. Castro-Urdiales 31,817
4. Camargo 30,556
5. Piélagos 24,918
6. El Astillero 18,120
7. Santa Cruz de Bezana 12,818
8. Laredo 11,347
9. Santoña 11,004
10. Los Corrales de Buelna 10,912

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Fuente: INE (01-01-2017).






Comhphobail fhéinrialaitheacha na Spáinne
Flag of Spain.svg

An Andalúis | Aragón | Asturias | Na hOileáin Bhailéaracha | Tír na mBascach Theas | Cantabria | Castilla-La Mancha | Castilla y León | Na hOileáin Chanáracha | An Chatalóin | Extremadura | An Ghailís | La Rioja | Comhphobal Mhaidrid | Murcia | Navarra | Comhphobal Valencia

Cathracha fhéinrialaitheacha na Spáinne

Ceuta · Melilla