Extremadura

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilExtremadura
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnHimno de Extremadura Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 39°12′N 6°09′W / 39.2°N 6.15°W / 39.2; -6.15
Stát ceannasachan Spáinn Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairMérida Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán1,059,501 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús25.45 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla41,634 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeCalvitero (en) Aistrigh (2,401 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Cruthú1883
ÉarlamhOur Lady of Guadalupe (Extremadura) (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht reachtachComhthionól Extremadura Cuir in eagar ar Wikidata
• Ceannaire an rialtaisMaría Guardiola (en) Aistrigh (2023–) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Cód ISO 3166-2ES-EX Cuir in eagar ar Wikidata
Cód NUTSES43 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinjuntaex.es Cuir in eagar ar Wikidata

Is comhphobal féinrialaitheach í Extremadura atá suite in iarthar na Spáinne. Tá sé roinnte idir cúigí Badajoz agus Cáceres. Is í Mérida an phríomhchathair cé gurb í Badajoz an chathair is mó. Daonra timpeall milliún duine atá ann. Tá sé ar theorainn na Portaingéile thiar, agus Andalucia ó dheas.

Ba as Extremadura a tháinig na conquistadores ba cháiliúla ón Spáinn. Rugadh Hernán Cortés, Francisco Pizarro, Pedro de Alvarado agus ceannairí cáiliúla eile ann agus tá go leor cathracha i Meiriceá Thuaidh agus Theas ainmnithe i ndiaidh a mbailte dúchais. Chuaigh an-chuid daoine as an áit ar imirce agus is dá bharr sin atá an daonra chomh híseal anois. Conaíonn na daoine i mbailte agus i gcathracha agus is annamh a fheictear tithe aonair feirme faoin tuath.

Ciallaíonn an t-ainm Extremadura 'an taobh thall den Duoro', agus tugadh é ar na tailte a bhí ar theorainn na gcríocha Críostaí nuair a bhí an Spáinn roinnte idir iad agus na Múraigh.

Tá Zafra, sa deisceart, ar cheann de na cathracha is áille sa Spáinn, agus tá raidhse caisleán agus eaglaisí ar fud na mbailte.

Is é Extremadura an réigiún is boichte sa Spáinn, ach le blianta beaga anuas tá an-chuid tógála ar bun agus mótarbhealaigh á ndéanamh idir cathracha móra na tíre.


Tír Eolas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá achar 41,633 ag Extremadura sé sin an 5ú comhphobal is mó sa Spáinn. Tá sé suite ar an Ardchlár theas. Ó thuaidh tá Sistema Central áit a bhfuil an pointe is airde in Extremadura, Calvitero ag 2,401 méadar.

Ó dheas tá Sierra Morena, a scarann Extremadura ón Andalúis.


Climate[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá aeráid te-samhradh na meánmhura aige, sé sin samhraidh te agus tirim le go leor triomaigh ann, cé go mbíonn geimhridh measartha ann de thionchar an aigéin Atlantach.

Tá íosmeán teochta bliantúil 4°C ann agus uasmeán teochta 33°C. Sa tuaisceart bíonn na meán teochta níos ísle ná an deisceart. I rith an tsamhraidh bíonn meán teochta mí Iúil níos mó ná 26° agus chomh hard le 40|°C.

Sa gheimreadh bíonn an meán teoachta thar ar 7.5°C.

Bíonn thart ar 40cm sneachta ar an meán don chuid is mó i rith mí Eanáir agus Feabhra ar talamh ard.

Daonra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cathracha is mó[1]
Uimhir Bardas Daonra
1 Badajoz 151,565
2 Cáceres 95,026
3 Mérida 57,797
4 Plasencia 41,392
5 Don Benito 36,660
6 Almendralejo 34,319
7 Villanueva de la Serena 26,076
8 Navalmoral de la Mata 17,386
9 Zafra 16,822
10 Montijo 15,649
Sean chathair Cáceres
Guadalupe

Tá thart ar 1,070,586 daoine ina gcónaí ann, sé sin 2.36% den daonra na Spáinne.

Tá an dlus daonra an-iseal aige ag 25.71 daoine/cm2 i gcomparáid leis an meán tíre.

Is é Badajoz an cúige leis an daonra is mó; tá 691,715 daoine ina gcónaí ann agus dlús daonra 31.78/cm2 ann agus is é an cúige is mó ó thaobh achar de sa Spáinn le 21,766cm². Is é Cáceres an dara cúige is mó sa Spáinn i ndiaidh Badajoz.


Teanga[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is í Spáinnis an t-aon teanga le aitheantas oifigiúil (glaotar Castúo ar an gcanúint áitiúil), ach labhraítear roinnt teangacha eile chomh maith:

  • Fala; teanga Gailísis-Phortaingéilis, le cosaint ar leith aici a labhraítear i ngleann Jálama.
  • Teanga Extremadura. Tá sí an ghaolta le Teanga León[2] agus tá sí go mór i mbaol faoi láthair. Ní muintear í go poiblí nó aon áit.
  • Labhraítear Portaingéilis in Cedillo agus Herrera de Alcántara,[3] agus roinnt daoine sa réigiún (don chuid is mó iad siúd a rugadh roimh na 1940í in Olivenza.[4])

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Iarsmaí den tSean-Róimh in Mérida, príomhchathair Lusitania

Ba chúige in Impireacht na Róimhe é Lusitania, a chlúdaigh chuid mhaith den Phortaingéil agus lár-Iarthar na Spáinne sé sin an comhphobail Extremadura an lae inniu. Ba í Mérida príomhchathair an chúige sinagus mar sin ar cheann de na cathracha is tábhachtaí in Impireacht na Róimhe.

I ndiaidh Ionradh na Moslamach agus titim ríocht Al Andalus ghabh Alfonso IX León an réigiúin thart ar an bhliain 1230.

De bharr bochtanas an réigiúin d'fhág fir uaillmhianaigh an áit chun rathúnas a fháil agus mar sin ba as Extremadura a tháinig na conquistadores ba cháiliúla ón Spáinn. Rugadh Hernán Cortés, Francisco Pizarro, Pedro de Alvarado agus ceannairí cáiliúla eile ann agus tá go leor cathracha i Meiriceá Thuaidh agus Theas ainmnithe i ndiaidh a mbailte dúchais.[5] Samplaí ar leith ná:

Chuaigh an-chuid daoine as an áit ar imirce agus is dá bharr sin atá an daonra chomh híseal anois.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Foinse: INE, Instituto Nacional de Estadística (Spain). (01-01-2006). Real Decreto 1627/2006, de 29 de diciembre
  2. [1][nasc briste go buan]
  3. Maria da Conceição Vilhena. Hablas de Herrera y Cedillo.
  4. Manuel J. Sánchez Fernández: “Apuntes para la descripción del español hablado en Olivenza”, Revista de Extremadura, 23, 1997, lch 110
  5. Davidson, James West. After the Fact: The Art of Historical Detection Volume 1. Mc Graw Hill, New York 2010, Chapter 1, p. 6



Comhphobail fhéinrialaitheacha na Spáinne

An Andalúis | Aragón | Asturias | Na hOileáin Bhailéaracha | Tír na mBascach Theas | Cantabria | Castilla-La Mancha | Castilla y León | Na hOileáin Chanáracha | An Chatalóin | Extremadura | An Ghailís | La Rioja | Comhphobal Mhaidrid | Murcia | Navarra | Comhphobal Valencia

Cathracha fhéinrialaitheacha na Spáinne

Ceuta · Melilla