Columbán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Naomh Columbán. Fuinneog na Mainistreach 'Abbazia di San Colombano', Bobbio.

Ba mhisinéir Éireannach é Naomh Columbán (54023 Samhain 615; Laidin: Columbanus Bobiensis) a bhain clú agus cáil amach, ní hamháin dó féin ach do na nósanna Gaelacha a rug sé leis.

Luaitear é ar an manaigh mhiseanta ba thábhachtaí de chuid na hÉireann[1]. Is ceann de na Dhá Aspal Déag na hÉireann é.

Bhunaigh sé roinnt mainistreacha ar mhór-roinn na hEorpa, i ríochtaí na bhFranc agus na Lombairde, ach go háirithe Luxeuil (sa Fhrainc an lae inniu) agus Bobbio (san Iodáil). Seasann Columbán mar eiseamláir de ghníomhaíocht na misinéirí Éireannacha san Eoraip le linn an Mheánaois-Luath.

Tá Columbán Naofa ina naomh-phatrún ar an Aontas Eorpach.

Luathshaol[athraigh | athraigh vicithéacs]

Is i gCúige Laighean a rugadh Columbán. Chuaigh sé isteach mar mhanach i mainistir Bheannchair. I gceann tamaill bhí sé ina phríomhoide ansin.

Misinéireacht[athraigh | athraigh vicithéacs]

Sa bhliain 591, ar an ábhar gur theastaigh uaidh dul ar “oilithreacht ar son Chríost”, d’fhág Columbán Beannchar in éineacht le beirt chompánach déag agus tháinig sé fhad leis an Bhurguin.

Bhunaigh Columbán mainistreacha in Annegray, Luxeuil agus Fontaine. Bhí an riail dhian Éireannach i bhfeidhm iontu go léir. Toisc gur cháin sé go mór caighdeán morálta chúirt an rí, díbríodh ón dúiche sin é.

D’éirigh le Columbán a bhealach a dhéanamh tríd an Eilbhéis agus bhunaigh sé mainistir i mBregenz.

Luxeuil

Thrasnaigh Columbán Sliabh Alpa. Bhunaigh Columbán a mhainistir dheireanach agus an ceann ba mhó clú i mBobbio, áit ar éag sé sa bhliain 615.

Scríbhneoireacht[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tá cáil ar a scríbhinní luachmhara diaga.

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]