Reiligiún

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Creideamh)

Is é is ciall le reiligiúncreideamh ná an córas tuisceana agus creidiúint a bhíonn ag duine nó ag pobal maidir le bunús an domhain, an saol i ndiaidh an bháis, agus tionchair diaga nó iar-dhaonna ar chúrsaí an tsaoil.

Is iad príomhchreidimh an domhain an Chríostaíocht (idir Chaitliceachas, Phrotastúnachas, Ceartchreideamh Gréagach, Rúiseach srl), Ioslam, an Giúdachas, an Hiondúchas, Wicca, an Búdachas, Siontó, an Sóróaistreachas, an Síceachas, agus creidimh thraidisiúnta, go minic le hiliomad déithe.

Deirtear gurbh iad na sean-Eabhraigh ar dtús a thug aitheantas don aon-diagacht, cé go raibh córas le Dia mhaith amháin ar bun i bhfad roimhe, m.sh., ag muintir na Peirse, .i. an Sóróaistreachas. Nuair a thug Dia na nEabhrach (Iáivé) an dlí do Mhaois, .i. na Deich nAithne, leag sé síos nach raibh ann ach an aon Dia amháin, agus nár chóir ómós a thabhairt do Dhia ar bith eile. As creidimh na nEabhrach, ar a dtugtar an Giúdachas, a spreag an Chríostaíocht in aimsir Chríost, agus an Muslamachas nó Ioslamachas in aimsir Mhahamad.

Sa seansaol, bhí a ndéithe féin ag gach cultúr nó tír, fiú ag na hEabhraigh. Ach le teacht na gcreideamh nua, ba mhinic a thugtaí págántacht nó ainmneacha drochmheasúla ar an gcóras creidimh agus diagachta traidisiúnta i gcultúr. Leanann an córas diagachta go minic i bhfoirm miotaseolaíocht, agus go minic nuair a thagann, mar shampla, an Chríostaíocht go cultúr nua, bíonn creideamh sa dá chóras ar feadh i bhfad, agus déanann an seanchreideamh múnlú ar an gcreideamh, mar shampla i scéalta na naomh, agus i gceiliúradh féilte. Sampla de seo an vúdú i Háítí sa Chairib agus Candomblé sa Bhrasaíl, áit a bhfuil formhór na ndaoine ina gCríostaithe, ach a bhfuil creideamh agus cleachtadh fós ar nósanna agus déithe na hAfraice.

Bhí a gcóras diagachta féin ag na sean-Ghréagaigh, córas roinnte gaolta leis ag na sean-Rómhánaigh, agus ar ndóigh a gcóras féin ag na sean-Ghaeil.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]