An Protastúnachas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Protastúnachas)
Bosca Sonraí EagraíochtaAn Protastúnachas
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósProtestation at Speyer (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
CineálChristian denominational family (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
ReiligiúnAn Chríostaíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Scartha óEaglais Chaitliceach Rómhánach Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodh10 Samhain 1517 (Féilire Ghréagóra)
Le cuid

Tugtar Protastúnachas ar an dtréith sin den Chríostaíocht a tháinig ar an saol i ndiaidh an tAthleasú Creidimh, agus go ginearálta ar na heaglaisí a thagann ón am sin agus ina dhiaidh. Tugtar tús áite, go hiondúil, do Mairtín Liútar, manach Aibhistíneach sa Ghearmáin a bhí ag iarraidh athraithe a chur ar bun laistigh den eaglais Chaitliceach maidir le díol loghanna agus lochtanna eile a bhí le feiscint go trom san am sin ar an eaglais chéanna. I 1517, deirtear gur cheangail Martin Luther liosta de 95 gearán a bhí aige i gcoinne na hEaglaise le tairní ar dhoras Ardeaglais Wittenberg na Gearmáine, agus uaidh sin bhí scoilt le sonrú idir a lucht leanúna agus iadsan a chuir ina choinne. Bheadh ríochtaí na hEorpa roinnte óna chéile ar feadh blianta ina dhiaidh sin maidir leis na creidimh a bhí á gcur ar aghaidh iontu faoi seach, agus bheadh cogaí fada ar nós Chogaidh na dTríocha Blian bunaithe cuid mhaith ar theorannacha agus ar ghearáin creidimh.

Máirtín Liútar

Lean díograsóirí eile mar Eoin Cailvín i Zürich, Ulrich Zwingli, John Knox in Albain, agus John Huss sa Ríocht Sheiceach Luther, go minic ag cur d'iallach ar lucht a leanta saol an-simplí a leanúint. Mar shampla, ní cheadaítí ólachán, obair ar an Domhnach, nó aon sórt droch-chainte sna cathracha a bhí faoina smacht.

Liosta Eaglaisí Protastúnach[cuir in eagar | athraigh foinse]