An tSeic

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Poblacht na Seice)
Jump to navigation Jump to search
Česká republika
Poblacht na Seice
Bratach An tSeic Armas An tSeic
Bratach Armas
Mana: "Pravda vítězí"
Amhrán náisiúnta: Kde domov můj
Suíomh An tSeic
Príomhchathair Prág
50°5′ Thuaidh 14°28′ Thoir
An chathair is mó Prág
Teangacha oifigiúla Seicis
Rialtas Poblacht
Miloš Zeman
Andrej Babiš
Neamhspleáchas
ón Ostair-Ungáir
ón tSeicslóvaic
 
28 D. Fómhair, 1918
1 Eanáir, 1993
Achar
 • San iomlán
 • Uisce (%)
 
78,866 km² (117ú)
2.0%
Daonra
 • Meas. ó 2012
 • Daonáireamh 2011
 • Dlús
 
10,513,209 (79ú)
10,436,560
130/km² (81ú)
OTI (PCC)
 • San iomlán
 • An duine
Meas. ó 2006
$236.536 billiún (41ú)
$23,100 (33ú)
Airgeadra Koruna (CZK)
Crios ama
 • Samhradh (CSL)
CET (UTC+2)
CEST (UTC+1)
Fearann Idirlín .cz
Glaochód +420

Tír suite i lár na hEorpa, atá ina ballstát den Aontas Eorpach, is ea An tSeic[1] (Seicis: Česko), nó Poblacht na Seice mar a thugtar uirthi go neamhoifigiúil. Tá teorainn aici leis an bPolainn san oirthuaisceart, leis an nGearmáin san iarthar, leis an Ostair sa deisceart agus leis an tSlóvaic san oirthear. Is í Prág (Seicis: Praha) príomhchathair na tíre. Tiomsaíonn an tír dhá réigiún stairiúla, mar atá an Bhoihéim (Seicis: Čechy) agus an Mhoráiv (Seicis: Morava). Tá cuid den tSiléis (Seicis: Slezsko) i bPoblacht na Seice chomh maith.

Ainm na tíre[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ó tharla nach bhfuil aon ainm stairiúil aonfhoclach ar fáil chun tagairt a dhéanamh don tír, is minic a úsáidtear an t-ainm fada i méid mór teangacha: Poblacht na Seice sa Ghaeilge, Česká republika sa tSeicis. Is leagain nuachumtha iad na hainmneacha gearra (Česko sa tSeicis, an tSeic sa Ghaeilge); tá na leagain seo anois á gcur chun cinn ag rialtas na tíre, ach níl a n-úsáid saor ó chonspóid. Úsáidtear an téarma tánaisteach tailte na Seice (Seicis: České země) mar théarma staire chun tagairt a dhéanamh don limistéar ar a dtugtar Poblacht na Seice anois.

Stair na tíre[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa 9ú haois a tháinig ann don stát Seiceach. Sa 13ú agus 14ú haois a tháinig an borradh ba mhó faoin stát agus é faoi riail ag na Přemysligh agus na Lucsamburgaigh. Tar éis Cath Mohács i 1526, na Hapsburgaigh a rialaigh tailte na Seice agus rinneadh cuid d'Impireacht na hOstaire agus na hUngáire díobh. Tar éis thitim na hImpireachta sin i ndiaidh an Chéad Chogadh Domhanda, i 1918, cruthaíodh an tSeicslóvaic mar phoblacht neamhspleách a thiomsaigh tailte na Seice agus an tSlóvaic araon. Bhí mionlach mór ag pobal na Gearmáinise sa stát sin. I dtús an Dara Cogadh Domhanda, de thoradh Chomhaontú München, baineadh cuid mhaith de thailte na Boihéime agus na Moráive den stát agus cuireadh leis an nGearmáin iad: Sudetenland (Gearmáinis) nó Sudety a chuirtear ar na tailte sin. I rith an chogaidh, tháinig an chuid eile de thailte na Seice faoi riail na Gearmáine mar Protektorat. Bhí na tSlóvaic ina stát neamhspleách a bhí go mór faoi anáil na Gearmáine. I ndiaidh an chogaidh, athaontaíodh an tSeicslóvaic, cuireadh Sudetenland ar ais léi agus cuireadh an ruaigh ar phobal na Gearmáinise sna críocha sin de thoradh Dlíthe Beneš -- eachtra atá ag tarraingt go leor conspóide i dtólamh.

Rinne an páirtí cumannach coup d’état i 1948 agus bhí an tSeicslóvaic ina tír chumannach ó shin. I 1968, mar gheall ar mhíshásamh an phobail, bhí iarrachtaí ar siúl chun réimeas níos daonlathaí a chur i bhfeidhm. Glaodh Earrach Phrág ar na hiarrachtaí sin. Cuireadh Earrach Phrág faoi chois ag fórsaí an Aontais Shóivéadaigh agus ag fórsaí na dtíortha eile a bhí páirteach i gComhaontú Vársá. D'éirigh le muintir na Seicslóvaice an réimeas cumannach a chur ó mhaith sa deireadh i 1989 mar thoradh ar réabhlóid a bhí chomh síochánta sin go gcuirtear Réabhlóid Veilbhite uirthi.

Bhí méid áirithe míshásaimh ar phobal na Slóvaice i gcónaí faoin tSeicslóvaic agus chonacthas do go leor go dteastaíonn a stát uathu. Faoi dheireadh, rinneadh socrú polaitiúil agus, 1 Eanáir 1993, briseadh an tSeiceslóvaic go síochánta ina dhá chuid agus cruthaíodh dhá stát nua – Poblacht na Seice agus an tSlóvaic.

Geilleagar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne Poblacht na Seice an córas geilleagrach aici a athrú go radacach ón gcóras cumannach stát-láraithe go córas an tsaormhargaidh i rith na 1990í. Dar leis an mBanc Domhanda, is í Poblacht na Seice an chéad tír ó COMECON a bhain an stádas "tír fhorbartha" amach.

Úsáidtear an koruna ('coróin') mar airgeadra sa tSeic. Dar le tuairisc na bliana 2017 ón gCiste Airgeadúil Idirnáisiúnta, is é geilleagar na Seice an 49ú ceann is mó ar domhan de réir olltáirgeacht intíre (OTI) chothroime cumhachta ceannaíochta (CCC), agus an 49ú ceann freisin de réir OTI ainmniúla. De réir OTI CCC de réir chónaithigh, is an 39ú geilleagar is mó ar domhan atá ag an tSeic, é ar $35,223 don chónaitheach.

Dar le hInnéacs Forbartha Daonna Socraithe don Éagothroime na Náisiún Aontaithe, a thomhaiseann caighdeán an tsaoil i dtíortha éagsúla de réir gnéithe eacnamaíochta agus neamh-eacnamaíochta, is í an tSeic an 15ú tír is forbartha ar domhan, as 151 ceann a tomhaiseadh, agus an ochtú tír is forbartha san Aontas Eorpach, as 28 ceann.[2] I dTuarascáil Sonais Domhanda 2018 na Náisiún Aontaithe, meastar gurb í an tSeic an 21ú tír is sona, as 156 thír.

I Mí na Márta 2019, ní raibh ráta dífhostaithe na tíre ach ag 1.9%, an leibhéal is ísle san Aontas Eorpach.[3]

Staid pholaitiúil reatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Daonlathas ionadaíoch is ea Poblacht na Seice. Tá Miloš Zeman ina cheann stáit faoi láthair. Tá an Príomh-Aire (Andrej Babiš faoi láthair) ina cheann rialtais. Tá dhá sheomra sa Pharlaimint – Seomra na nIonadaithe augs an Seanad. Ghlac Poblacht na Seice le ballraíocht i NATO i 1999 agus san Aontas Eorpach in 2004. Is ball de OECD, de Chomhaire na hEorpa agus de Ghrúpa Visegrád í Poblacht na Seice chomh maith.

Ceantair[cuir in eagar | athraigh foinse]


Daonra[cuir in eagar | athraigh foinse]


Prág
Prág
Brno
Brno
Ostrava
Ostrava

Uimhir Cathair Réigiún Daonra [4] Achar Cathrach

Plzeň
Plzeň
Liberec
Liberec
Olomouc
Olomouc

1 Prág Prág, An Phríomhchathair 1,313,508 2,300,000
2 Brno Deisceart Moráive 377,440 729,510
3 Ostrava Moráiv-Silesia 294,200 1,164,328
4 Plzeň Plzeň 169,033 380,000
5 Liberec Liberec 102,562 270,000
6 Olomouc Olomouc 100,378 480,000[5]
7 Ústí nad Labem Ústí nad Labem 93,409 243,878
8 České Budějovice Deisceart Bohemia 93,285 190,000[6]
9 Hradec Králové Réigún Hradec Králové 92,808 -
10 Pardubice Pardubice 89,693 -

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Anonymous (2016-07-05). "an tSeicia" (en). an tAontas Eorpach. Dáta rochtana: 2019-04-10.
  2. "| Human Development Reports". hdr.undp.org. Dáta rochtana: 2019-01-27.
  3. http://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php/Unemployment_statistics
  4. "2011 census" (Czech).
  5. Nařízení vlády č. 212/1997, kterým se vyhlašuje závazná část územního plánu velkého územního celku Olomoucké aglomerace
  6. Územní plán velkého územního celku ČESKOBUDĚJOVICKÉ SÍDELNÍ AGLOMERACE, [1]


Bratach an AE An tAontas Eorpach (AE) Bratach an AE
an Bheilgan Bhulgáiran Chipiran Chróitan Danmhairgan EastóinÉirean Fhionlainnan Fhraincan Ghearmáinan Ghréigan Iodáilan Ísiltíran Laitviaan LiotuáinLucsamburgMáltaan Ostairan Pholainnan Phortaingéilan Ríocht Aontaithean Rómáinan tSeican tSlóvaican tSlóivéinan Spáinnan tSualainnan Ungáir
Tíortha iarrthacha
an Íoslainnan Mhacadóin ThuaidhMontainéagróan tSeirbiaan Tuirc