An tSeicis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Seicis)
Infotaula de llenguaAn tSeicis
čeština agus český jazyk
Cineálteanga agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais10,700,000 (2019)
Dúchasach doPoblacht na Seice
StáitPoblacht na Seice
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Bailt-Slavacha
teangacha Slavacha
teangacha Slavacha iartharacha
Czech–Slovak languages (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir Laidineach
Institiúid caighdeánaitheInstitute of the Czech Language (en) Aistrigh
Staidéar agCzech studies (en) Aistrigh
Cóid
ISO 639-1cs
ISO 639-2ces
ISO 639-3ces
Glottologczec1258
Ethnologueces
ASCL3601
IETFcs

Is í an tSeicis an teanga Shlavach a labhraítear sa tSeic agus i measc lucht imirce ón tSeic sna tíortha eile, go háirithe san Oileán Úr agus san Ostair. Ar fud an domhain, tá sí ag dhá mhilliún déag de dhaoine ó dhúchas. Is í an tSlóvaicis an teanga is gaolmhaire léi, agus an dá theanga sách intuigthe ag cainteoirí na teanga eile. Mar sin féin, tá caighdeán scríofa agus litríocht dá gcuid féin ag na Slóvacaigh, agus difríochtaí suntasacha ag baint leis an gcóras díochlaonta.

Teanga ardchultúrtha is ea an tSeicis. Tá cáil ar scríbhneoirí móra nua-aimseartha na Seice cosúil le Karel Čapek, Jaroslav Seifert agus Jaroslav Hašek. Is é úrscéal Hašek, Osudy dobrého vojáka Švejka za světové války ("Eachtraí an dea-shaighdiúra Švejk sa chogadh domhanda") an leabhar is clúití a tháinig ar pár as Seicis riamh, agus is minic a chuirtear i gcomparáid le Don Cíochótae é.

Tá caighdeán scríofa na Seicise bunaithe ar theanga Chlasaiceach an Bhíobla, is é sin, Bible Kralická nó Bíobla Kralice, a bhaineann leis an séú haois déag. Bhí teanga an aistriúcháin seo sórt seanfhaiseanta lena lá féin, gan aon trácht ar an lá inniu, agus mar sin, tá Seicis labhartha ár linne an-difriúil leis an teanga a scríobhtar. Is féidir a rá, fiú, go bhfuil sórt débhéascna ag baint leis an tSeicis.

An duine nach bhfuil Seicis aige, nuair a chaithfidh sé súil ar théacs sa teanga, is é an rud is mó a chuirfidh iontas air ná an oiread focal nach bhfuil guta ar bith iontu: smrt ("bás"), blb ("amadán") agus a leithéid. Is é an míniú ná go mbaintear úsáid an ghuta as an l agus as an r sa tSeicis go minic, agus iad ag iompar an tsiolla mar a bheadh gutaí iontu. Tá a leithéid de litir sa tSeicis agus ř freisin. R an-chaol atá ann, agus é cosúil leis an dóigh a bhfuaimníonn Gaeilgeoirí áirithe an r caol - is é sin, tá sé idir eatarthu idir an z agus an r.

Úsáidtear an síneadh fada sa tSeicis leis na gutaí fada a aithint thar na gutaí gairide. Murab ionann agus sa tSlóvaicis, ní fheicfeá an síneadh fada os cionn an r ná an l, cé go nglactar leo mar ghutaí sa teanga. Úsáidtear dhá aicinn eile sa tSeicis chomh maith, mar atá an háček (mar shampla ř, š) agus an ciorcal (ů). Síneadh fada é an ciorcal go bunúsach. Ní úsáidtear ach sna focail dhúchasacha Sheiceacha é, nó is féidir an gnáthshíneadh fada a fheiceáil sa tSeicis an-chorruair i bhfocail iasachta (ú).

Stair na Seicise[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá iarsmaí na Sean-Slaivise Eaglasta le fáil sa tSeic ó thús na dara mílaoise, ach nuair a tháinig scoilt idir an Eaglais Chaitliceach agus Eaglais an Oirthir, ba í an Laidin a cuireadh in úsáid mar theanga eaglasta. Sa tríú haois déag a breacadh síos na chéad iomainn eaglasta sa teanga, agus lorg na Sean-Slaivise Eaglasta orthu i gcónaí. Sa cheathrú haois déag a thosaigh forbairt na litríochta Seicise i ndáiríre, áfach. Naomhsheanchas, eipicí agus croinicí a bhí ann. Chuaigh an tSeicis in úsáid san eaglais féin, cé go raibh an Laidin ní ba thábhachtaí i gcónaí. Bhí an tSeicis mhoch seo bunaithe ar chanúint chomhaimseartha Phrág.

Ba é Jan Hus, a chuir síol leis an Reifirméisean sa tSeic chomh luath le deireadh na ceathrú haoise déag, a rinne an chéad iarracht le litriú na teanga a chaighdeánú. Chuireadh Hus poncanna beaga os cionn na litreach leis na fuaimeanna cosúla a aithint thar a chéile, agus is as na poncanna seo a d'fhorbair an háček (č, ň, ř, š, ž) agus an síneadh fada (á, é, í, ú) chomh maith leis an bhfáinne beag os cionn an ů. A bhuí le Hus, chuaigh úsáid na Seicise chun fairsinge sa chúigiú haois déag, i gcúrsaí riaracháin an stáit, fiú.

Tháinig Bíobla Kralice chun saoil sna blianta 1579-1594, agus chuaigh teanga an Bhíobla seo an oiread i bhfeidhm ar na Seicigh is gur ghlac siad leis mar chaighdeán dá dteanga feasta. Aistriúchán Protastúnach a bhí ann. Nuair a chuir na Caitlicigh ruaigeadh ar na Protastúnaigh as an tSeic i ndiaidh Chogadh an Tríocha Bliain, go háirithe tar éis Chath Bílá Hora sa bhliain 1620, chuaigh úsáid na Seicise i laghad arís, agus an Ghearmáinis ag teacht ina háit sa chóras riaracháin. Mar sin féin, níor chuir na Caitlicigh deireadh le traidisiún na teanga scríofa. Bhí na hÍosánaigh, ach go háirithe, sásta úsáid a bhaint as Bíobla Kralice agus as an gcaighdeán Seicise a bhí leagtha amach ansin. Thairis sin, bhí na Protastúnaigh ag saothrú na teanga ar an gcoigríoch agus ag iarraidh a gcuid scríbhinní a scaipeadh sa tSeic féin.

San ochtú haois déag, chuir na Seicigh suim nua ina dteanga dhúchais, nuair a tháinig smaointeachas an tSoilsithe go dtí an tSeic. Sa bhliain 1791, d'fhoilsigh Josef Dobrovský a mhórshaothar féin faoi stair na teanga agus a litríochta, Geschichte der böhmischen Sprache und Literatur. Ceannródaí ab ea Dobrovský i stair an léinn Shlavaigh. Cé gur foilsíodh leabhair eile faoi ghramadach na Seicise san am céanna, ba é saothar Dobrovský an ceann ba thábhachtaí acu go léir.

Inniu féin, tá gramadach na Seicise liteartha bunaithe ar an gcaighdeánú a rinne Dobrovský. Chuir Dobrovský béim ar leith ar thábhacht an traidisiúin scríbhneoireachta agus ar intuigtheacht na teanga i measc na Slavach eile, agus mar sin, tá cuma iontach seanársa ar an gcaighdeán a chruthaigh sé.

I rith na naoú haoise déag, rinneadh an-fhorbairt agus an-fheabhsú ar an tSeicis mar theanga chultúrtha. Sna blianta 1835-1839, chuir Josef Jungmann i dtoll le chéile foclóir mór Gearmáinise-Seicise, agus é ag cumadh na gcéadta focal nua le bheith in ann téarmaí teicneolaíochta na Gearmáinise a aistriú. Faoi lár na naoú haoise déag, bhí téarmaíocht ar fáil sa tSeicis le haghaidh gach sórt eolaíochta, a bheag nó a mhór.

I ndeireadh na naoú haoise déag a tháinig na chéad saothair liteartha i gcló sa teanga. Síltear de ghnáth gurbh é an t-úrscéal úd Babička ("Mamó") le Božena Němcová a chuir tús le litríocht nua-aoiseach na teanga. Ina dhiaidh sin, áfach, tháinig borradh millteanach ar an litríocht Seicise. Chuir "bliain chraiceáilte na hEorpa" (1848) sracadh nua sna hintleachtóirí agus sna gníomhaithe polaitiúla, agus chonacthas a lorg sin ar an litríoch féin. Thosaigh filí agus prós-scríbhneoirí Seiceacha ag tabhairt isteach téamaí agus smaointí nua ó thíortha móra Eorpacha. Ainmneacha tábhachtacha ón tréimhse seo iad Jan Neruda, Vítězslav Hálek, agus Karolina Světlá. Sna 1870idí, tháinig na nua-rómánsaithe, cosúil le Václav Šolc, Josef Václav Sládek, agus Alois Jirásek. Ina ndiaidh siúd, bhí sé in am ag lucht an réalachais cromadh ar an obair, agus iad ag iarraidh cur síos a thabhairt ar chruachás na cosmhuintire sa chathair. Scríbhneoirí den chineál seo ab ea Karel Matěj Čapek-Chod agus Ignát Herrman.

Is follasach gur teanga fhorbartha nua-aoiseach í an tSeicis, agus lear mór litríochta scríofa inti. D'fhorghabh na Gearmánaigh an tSeicslóvaic i dtús an Dara Cogadh Domhanda agus rinne siad iarrachtaí an teanga a chloí chomh maith le muintir na tíre, ach níor éirigh leo í a bhaint de bhéal na ndaoine. I mblianta an Chumannachais, arís, b'éigean do chuid mhaith scríbhneoirí tábhachtacha dul ar imirce le teacht slán ó lámh thapaidh na bpóilíní rúnda.

Déanann sé fianaise le feabhas na Seicise mar theanga chultúrtha gur bhronn Acadamh na Sualainne Duais Nobel sa Litríocht ar an bhfile Seiceach Jaroslav Seifert sa bhliain 1984. Fuair Seifert bás dhá bhliain ina dhiaidh sin.

Nathanna Seicise[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dobrý den. - Lá maith agat / Dia dhuit.

Dobrý večer.- Tráthnóna maith agat.

Dobrou noc. - Oíche mhaith.

Ahoj. - Haigh.

Děkuji. - Go raibh maith agat.

Jak se máte? - Conas atá tú?

Mám se dobře. - Táim go maith.

Kolik to stojí?- Cé mhéad atá air?

Pivo - Beoir

Jeden - Aon / ceann amháin

Dva - Dó/dhá

Tři - Trí

Deset - Deich

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]