Poblacht na Seice
|
|||||
Mana: "Pravda vítězí" | |||||
Amhrán náisiúnta: Kde domov můj | |||||
![]() |
|||||
Príomhchathair | Prág 50°5′ Thuaidh 14°28′ Thoir |
||||
An chathair is mó | Prág | ||||
Teangacha oifigiúla | Seicis | ||||
Rialtas | Poblacht Miloš Zeman Andrej Babiš |
||||
Neamhspleáchas ón Ostair-Ungáir ón tSeicslóvaic |
28 D. Fómhair, 1918 1 Eanáir, 1993 |
||||
Achar • San iomlán • Uisce (%) |
78,866 km² (117ú) 2.0% |
||||
Daonra • Meas. ó 2012 • Daonáireamh 2011 • Dlús |
10,513,209 (79ú) 10,436,560 130/km² (81ú) |
||||
OTI (PCC) • San iomlán • An duine |
Meas. ó 2006 $236.536 billiún (41ú) $23,100 (33ú) |
||||
Airgeadra | Koruna (CZK ) |
||||
Crios ama • Samhradh (CSL) |
CET (UTC+2) CEST (UTC+1) |
||||
Fearann Idirlín | .cz | ||||
Glaochód | +420 |
||||
Tír thalamhiata is ea Poblacht na Seice (Seicis: Česká republika), ar a dtugtar an tSeic (Seicis: Česko) freisin. Tá an tír suite i lár na hEorpa agus ina ballstát den Aontas Eorpach. Tá teorainn aici leis an bPolainn san oirthuaisceart, leis an nGearmáin san iarthar, leis an Ostair sa deisceart agus leis an tSlóvaic san oirthear. Is í Prág (Seicis: Praha) príomhchathair na tíre. Tiomsaíonn an tír dhá réigiún stairiúla, mar atá an Bhoihéim (Seicis: Čechy) agus an Mhoráiv (Seicis: Morava). Tá cuid den tSiléis (Seicis: Slezsko) i bPoblacht na Seice chomh maith.
Clár ábhair
Ainm na tíre[athraigh | athraigh vicithéacs]
Ó tharla nach bhfuil aon ainm stairiúil aonfhoclach ar fáil chun tagairt a dhéanamh don tír, is é an t-ainm fada a úsáidtear de ghnách i bhformhór na dteangacha: Poblacht na Seice sa Ghaeilge, Česká republika sa tSeicis. Is leagain nuachumtha iad na hainmneacha gearra (Česko sa tSeicis, an tSeic sa Ghaeilge) agus níl a n-úsáid saor ó chonspóid. Úsáidtear an téarma tánaisteach tailte na Seice (Seicis: České země) mar théarma staire chun tagairt a dhéanamh don limistéar ar a dtugtar Poblacht na Seice anois.
Stair na tíre[athraigh | athraigh vicithéacs]
Sa 9ú haois a tháinig ann don stát Seiceach. Sa 13ú agus 14ú haois a tháinig an borradh ba mhó faoin stát agus é faoi riail ag na Přemysligh agus na Lucsamburgaigh. Tar éis Cath Mohács i 1526, na Hapsburgaigh a rialaigh tailte na Seice agus rinneadh cuid d'Impireacht na hOstaire agus na hUngáire díobh. Tar éis thitim na hImpireachta sin i ndiaidh an Chéad Chogadh Domhanda, i 1918, cruthaíodh an tSeicslóvaic mar phoblacht neamhspleách a thiomsaigh tailte na Seice agus an tSlóvaic araon. Bhí mionlach mór ag pobal na Gearmáinise sa stát sin. I dtús an Dara Cogadh Domhanda, de thoradh Chomhaontú München, baineadh cuid mhaith de thailte na Boihéime agus na Moráive den stát agus cuireadh leis an nGearmáin iad: Sudetenland (Gearmáinis) nó Sudety a chuirtear ar na tailte sin. I rith an chogaidh, tháinig an chuid eile de thailte na Seice faoi riail na Gearmáine mar Protektorat. Bhí na tSlóvaic ina stát neamhspleách a bhí go mór faoi anáil na Gearmáine. I ndiaidh an chogaidh, athaontaíodh an tSeicslóvaic, cuireadh Sudetenland ar ais léi agus cuireadh an ruaigh ar phobal na Gearmáinise sna críocha sin de thoradh Dlíthe Beneš -- eachtra atá ag tarraingt go leor conspóide i dtólamh.
Rinne an páirtí cumannach coup d’état i 1948 agus bhí an tSeicslóvaic ina tír chumannach ó shin. I 1968, mar gheall ar mhíshásamh an phobail, bhí iarrachtaí ar siúl chun réimeas níos daonlathaí a chur i bhfeidhm. Glaodh Earrach Phrág ar na hiarrachtaí sin. Cuireadh Earrach Phrág faoi chois ag fórsaí an Aontais Shóivéadaigh agus ag fórsaí na dtíortha eile a bhí páirteach i gComhaontú Vársá. D'éirigh le muintir na Seicslóvaice an réimeas cumannach a chur ó mhaith sa deireadh i 1989 mar thoradh ar réabhlóid a bhí chomh síochánta sin go gcuirtear Réabhlóid Veilbhite uirthi.
Bhí méid áirithe míshásaimh ar phobal na Slóvaice i gcónaí faoin tSeicslóvaic agus chonacthas do go leor go dteastaíonn a stát uathu. Faoi dheireadh, rinneadh socrú polaitiúil agus, 1 Eanáir 1993, briseadh an tSeiceslóvaic go síochánta ina dhá chuid agus cruthaíodh dhá stát nua – Poblacht na Seice agus an tSlóvaic.
Geilleagar[athraigh | athraigh vicithéacs]
Rinne Poblacht na Seice an córas geilleagrach aici a athrú go radacach ón gcóras cumannach stát-láraithe go córas an tsaormhargaidh i rith na 1990í. Dar leis an mBanc Domhanda, is í Poblacht na Seice an chéad tír ó COMECON a bhain an stádas "tír fhorbartha" amach. Sa bhliain 2017, tá aici an ráta difhostaíochta is ísle san Aontas Eorpach ar fad, ag ach 2.9%.[1]
Staid pholaitiúil reatha[athraigh | athraigh vicithéacs]
Daonlathas ionadaíoch is ea Poblacht na Seice. Tá Miloš Zeman ina cheann stáit faoi láthair. Tá an Príomh-Aire (Andrej Babiš faoi láthair) ina cheann rialtais. Tá dhá sheomra sa Pharlaimint – Seomra na nIonadaithe augs an Seanad. Ghlac Poblacht na Seice le ballraíocht i NATO i 1999 agus san Aontas Eorpach in 2004. Is ball de OECD, de Chomhaire na hEorpa agus de Ghrúpa Visegrád í Poblacht na Seice chomh maith.
Ceantair[athraigh | athraigh vicithéacs]
Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]
![]() |
An tAontas Eorpach (AE) | ![]() |
---|---|---|
an Bheilg • an Bhulgáir • an Chipir • an Chróit • an Danmhairg • an Eastóin • Éire • an Fhionlainn • an Fhrainc • an Ghearmáin • an Ghréig • an Iodáil • an Ísiltír • an Laitvia • an Liotuáin • Lucsamburg • Málta • an Ostair • an Pholainn • an Phortaingéil • an Ríocht Aontaithe • an Rómáin • an tSeic • an tSlóvaic • an tSlóivéin • an Spáinn • an tSualainn • an Ungáir | ||
Tíortha iarrthacha | ||
an Íoslainn • Poblacht na Macadóine • Montainéagró • an tSeirbia • an Tuirc |