An Úcráin
| |||||
Mana: - | |||||
Amhrán náisiúnta: Chtche ne vmerla Ukraïna | |||||
![]() | |||||
Príomhchathair | Cív 50°27′ Thuaidh 30°30′ Thoir | ||||
An chathair is mó | Cív | ||||
Teangacha oifigiúla | Úcráinis | ||||
Rialtas | Córas leath-uachtaráin Petro Poroshenko Volodymyr Hroysman | ||||
Neamhspleáchas 1991 |
ón APSS | ||||
Achar • San iomlán • Uisce (%) |
603,700 km² (44ú) 7% | ||||
Daonra • Meas. ó 2011 • Daonáireamh 2001 • Dlús |
42,541,102 (32ú) 48,457,102 73.8/km² (115ú) | ||||
OTI (PCC) • San iomlán • An duine |
Meas. ó 2006 $355.8 billiún (28ú) $8,000 (53ú) | ||||
Airgeadra | Hryvnia (UAH )
| ||||
Crios ama • Samhradh (CSL) |
EET (UTC+2) EEST (UTC+3) | ||||
Fearann Idirlín | .ua | ||||
Glaochód | +380
| ||||
Tír is ea an Úcráin (Úcráinis: Україна, Ukrayina) suite in Oirthear na hEorpa.
Clár ábhair
Tíreolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá an Úcráin ag críochantacht leis An Rúis, ar an taobh thoir agus thuaidh, leis An Bhealarúis san iarthuaisceart, leis An Pholainn, leis An tSlóvaic, leis An Ungáir ar an taobh thiar, leis An Rómáin, agus leis An Mholdóiv ar an taobh thiar theas, agus an Mhuir Dhubh agus an Mhuir Mheoid san deisceart agus san oir-dheisceart faoi seach.
Tá achar de 603,628 km2 (233,062 míle cearnach ) aici, rud a chiallaíonn gurb í an tír is mó í atá go hiomlán laistigh den Eoraip.
Daonra[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ciallaíonn an t-ainm 'Úcráin' "talamh críche".
Tá 42.5 milliún duine ina gcónaí sa tír, 77.8 % díobh ina Úcráinigh eitneacha, le mionlaigh shuntasacha eile; Rúisigh eitneacha (17 %), Bealarúisigh, Tataraigh agus Rómánaigh.
Teangacha[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is í an Úcráinis teanga oifigiúil na hÚcráine, agus bíonn aibítir Choireallachis aici.
Bíonn Rúisis freisin á labhairt go forleathan.
Cultúr[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is í an Chríostaíocht Cheartchreidmheach Oirthearach an reiligiún ceannasach, agus chuaigh sé go mór i gcion ar ailtireacht, litríocht agus ceol na hÚcráine.
Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tá daoine ina gcónaí i gcríoch na hÚcráine ar a laghad ar feadh 44,000 bliain. Tá seans maith ann gur thosaigh ceansú an chapaill anseo, agus freisin gur tír thionscnaimh na teangan Prota-Ind-Eorpaise í.
Sna meánaoiseanna, ba limistéar lárnach í de chultúr na nOir-Shlavach í, mar shampla, an stát cumhachtach 'Cív na Rúise'.
Tar éis í a bheith ilroinnte sa 13ú haois, bhí an Úcráin faoi réir coimhlinte, forlámhais agus deighilte ag cumhachtaí éagsúla. Tháinig Poblacht Chosacach chun cinn le linn na 17ú agus an 18ú aoiseanna, ach, thairis sin, d'fhan an Úcráin roinnte go dtí a comhdhlúthú isteach sa phoblacht Sóivéadach sa bhfichiú haois.
Bhain an Úcráin a neamhspleáchas amach sa bhliain 1991.

Tar éis gur tharla díscaoileadh an Aontais Shóivéadaigh, lean an Úcráin ag coimeád an dara fórsa míleata is mó san Eoraip, i ndiaidh na Rúise, nuair a chuirtear cúltacaí agus pearsanra paraimíleata san áireamh.
Chuir Parlaimint na hÚcráine a hUachtarán as oifig ar 22 Feabhra 2014 tar éis na míonna d'agóidí agus de chorraíl i measc an phobail. Thosaigh tréimhse fhada éiginnteachta de dhroim chaidreamh na hÚcráine leis an Aontas Eorpach, ar thaobh amháin, agus leis an Rúis, ar an taobh eile.
Ghabh an Rúis an Chrimé isteach inti féin sa bhliain 2014, ar cuid den Úcráin í ó cheart, go mídhleathach, gníomh a cháin an tAontas Eorpach[1].
Ar an 25 Samhain 2018, rinne an Rúis ionradh armtha ar thrí longa cogaidh de chuid na hÚcráine i gcaolas Ceirts.[2] Ghabh an Rúis smacht ar an Mhuir Mheoid mar sin, gníomh a cháin an tAontas Eorpach aon uair arís.
Polaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is poblacht í an Úcráin, faoi chóras leath - uachtaránachta le craobhacha reachtacha, feidhmiúcháin, agus breithiúnacha ar leith.
Is stát aonadach é an Úcráin atá comhdhéanta de 24 oblast (cúige), agus cathair a bhfuil stádas speisialta aici: Cív, an phríomhchathair agus an chathair is mó,
Roimh 2014, bhí poblacht uathrialach amháin (an Chrimé) agus cathair a raibh stádas speisialta aici Sevastopol, ina mbíonn leaba ancaire in áirithe, faoi chomhaontú léasaithe, ag Cabhlach Rúiseach na Mara Duibhe.
Geilleagar[cuir in eagar | athraigh foinse]
Le fada, bhí an Úcráin ina ciseán aráin domhanda, mar gheall ar an ithir shaibhir. Sa bhliain 2011, bhí an Úcráin san tríú háit ar domhan i dtaobh onnmhairithe gráinne. Ina theannta sin, tá earnáil déantúsaíochta dea-fhorbartha aici, go háirithe i réimse an aeraspáis agus trealaimh thionsclaíochta.
Gailearaí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Traein in Yenikale, an Chrímé
Parlaimint na hÚcráine, Cív
Abhann na Dniepr i gCív
An Ardeaglais Chaitliceach i Lviv
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ https://europa.eu/european-union/about-eu/history/2010-today_ga
- ↑ Alex Hijmans. "‘Tá mo chnaipe núicléach níos mó ná do cheannsa’ agus scéalta eile" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2019-01-13.