An Rúis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Российская Федерация
Rossiyskaya Federatsiya
Cónaidhm na Rúise
Bratach na Rúise Armas na Rúise
Bratach Armas
Mana: {{{mana_náisiúnta}}}
Amhrán náisiúnta: [["Государственный гимн Российской Федерации"

"Gosudarstvennyy gimn Rossiyskoy Federatsii"]]

Suíomh na Rúise
Príomhchathair Moscó
55°45′ Thuaidh 37°37′ Thiar
An chathair is mó Moscó
Teangacha oifigiúla Rúisis
Rialtas Cónaidhm leath-uachtaránach
Vladímír Pútín
Dmitry Medvedev
Neamhspleáchas
Fógraíodh
Críochnaithe
Ón Aontas Sóivéadach
12 Meitheamh, 1990
26 Nollaig, 1991
Achar
 • San iomlán
 • Uisce (%)
 
17,098,242 (Gan Críméa) km2 (1ú) km² ()
0.5%
Daonra
 • Meas. ó 2005
 • Daonáireamh 2000
 • Dlús
 
142,800,000 ()
N/A
8/km² (178ú)
OTI (PCC)
 • San iomlán
 • An duine
Meas. ó 2009
$3.474 trillion (6ú) ()
$23,744 (53ú) (41ú)
Airgeadra Ruble (RUB)
Crios ama
 • Samhradh (CSL)
CET3 (UTC+2 to +12)
CEST (UTC+3 to +13)
Fearann Idirlín .рф, .ru, .su
Glaochód +7

Is tír leathEorpach, leathÁiseach í an Rúis (ainm oifigiúil: Cónaidhm na Rúise). Is í an tír is mó ar domhan, le hachar 17,075,400 km², beagnach dhá oiread níos mó ná an chéad tír eile, is é sin, Ceanada. Is í an t-ochtú tír is mó maidir le daonra. Is é Moscó an phríomhchathair. Is í an Rúisís an teanga oifigiúil, siúd is go bhfuil an dúrud teangacha eile á labhairt ag na mionlaigh ar fud na tíre.

Bhí sí ar an tír cheannasach in Aontas na bPoblachtaí Sóivéideacha Sóisialacha (APSS) agus is iomaí duine sa Rúis a airíonn uaidh cumhacht na Rúise sna laethanta a bhí.

Stair[athraigh | athraigh vicithéacs]

Príomhalt: Stair na Rúise

Déimeagrafaic[athraigh | athraigh vicithéacs]

Teangacha[athraigh | athraigh vicithéacs]

Labhraítear 100 teanga difriúla. Is í Rúisis an t-aon teanga oifigiúl ach tá 27 teanga mhionlach atá aitheanta. De réir an daonáirimh sa bhliain 2002, bhí 142.6 milliún duine ábalta Rúisis a labhairt de na 143.8 milliún duine ar fad sa Rúis (99.1%). Is í Tatairis an dara teanga is mó le 5.5 milliún cainteoirí. Is í Úcráinis an tríú teanga is mó agus 1.8 milliún cainteoirí ann. Is í Rúisis ceann des na sé theanga oifigiúla de chuid na Náisiún Aontaithe.

Oideachas[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tá córas oideachais saor i gcóir gach duine mar chuid den bhunreacht. Ó 1990 tá córas 11 bhliain i réim. Sa bhliain 2004 chaith rialtas na Rúise 3.6% de GDP na tíre ar an oideachas.

Reilgiún[athraigh | athraigh vicithéacs]

Níl aon daonáireamh oifigiúl i gcóir reilgiún ach tá na figúirí seo bunaithe ar suirbhéanna. I Lúnasa ceap ARENA gur Críostaithe iad (Cathlicigh, Cheartchreideamhaigh, Protastúnaigh) iad 46.% den daonáireamh. Ceapann Levada go bhfuil 76% den daonra sa Rúis ina gCríostaithe. De réir POF tá 65% ina Chríostaithe agus de réir PRC 73.6%.

Bhí timpeall 95% do paróiste Cheart Chreideamh le Ceart Chreideamh na Rúise.

Is iad Cheart Chreideamh, Ioslam, Giúdachas agus Búdachas na reilgiúin tradisiúnta.

Is é Ioslam an dara reilgiún is mó sa Rúis. Go léir tá 9,400,000 Moslamach sa Rúis (6.5%) i 2012 (níl an figúir seo ró cruinn mar ní chlúdaoinn sé na Stáit Mhoslamacha tradisiúnta, .i. Chechnya agus Ingushetia. Seo na stáit (a bhí clúdaithe sa suirbhé) le níos mó ná 10% Moslamach Kabardino-Balkaria (49%),  Bashkortostan (38%), KarachayCherkessia (34%), Tatarstan (31%), Yamalia (13%), Orenburg Oblast (11%), Adygea (11%) agus Astrakhan Oblast (11%). Tá daonra Moslamach idir 1-2% sa chuid is mó do na stáit sa Sibéir.

Cultúr[athraigh | athraigh vicithéacs]

Litríocht[athraigh | athraigh vicithéacs]

Príomhalt: Litríocht na Rúise

Is í litríocht na Rúise litríocht na Rúise féin agus a cuid deoraithe, agus litríocht Rúisise na dtíortha a bhain leis an Rúis nó leis an Aontas Sóivéadach.

Caidreamh iasachta[athraigh | athraigh vicithéacs]

I 2009 bhí caidreamh ag an Rúis le 191 tíort agus bhí

ambasáidí i 144 tíor.