Litríocht na Rúise

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Institiúid Litríochta na Rúise ar Oileán Vasilievsky i gCathair Pheadair.

Is í litríocht na Rúise litríocht na Rúise féin agus a cuid deoraithe, agus litríocht Rúisise na dtíortha a bhain leis an Rúis nó leis an Aontas Sóivéadach. Thosaigh sí sa ré mheánaoiseach, agus bhláthaigh sí i gceart ó thríochaidí na 19ú haois amach. Ba í an aois sin ré órga na litríochta Rúisí, litríocht a aithnítear inniu mar bhuaic i stair liteartha na hÉorpa. Cumadh a lán saothar suntasach eile i rith an fichiú haois.

Tús na litríochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scríobhadh a lán saothar i Sean-Rúisis (teanga nárbh ionann í agus Slavóinis na hEaglaise). Orthu sin bhí Scéal Fheachtas Igor (Слово о полку Игореве, Slovo o polku Igoreve) agus Guíodóireacht Dhainiail Mhúrtha (Моление Даниила Заточника, Molenie Daniila Zatochnika), saothair le húdair gan ainm. Bhí éileamh riamh ar bheathaí na naomh (жития святых, zhitiya svyatykh), agus bhí rian na Críostaíochta agus an Phágánachais araon ar Fhíannaíocht na Rúise. Ba chuid suntais iad Zadonschina (Задонщина), cuntas ar Chath Kolikova sa 14ú haois, agus Turas Lastall de na Trí Mhuir (Хожение за три моря, Khozheniye za tri morya), cuntas le ceannaí ar a thuras go dtí an India sa 15ú haois.

Bhain údair mheánaoiseacha feidhm as leagan de Shlavóinís na hEaglaise agus roinnt Slavaise deisceartaí measctha tríd. Ba é an chéad saothar sa Rúisis choiteann dírbheathaisnéis an ardsagairt Avvakum sa 17ú haois.

Ré Pheadair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gavrila Derzhavin
Nikolai Karamzin

Thosaigh nuachóiriú na Rúise le linn Pheadair Mhóire agus Chaitríona II na Rúise. Rinneadh an aibítir a leasú agus bhain breis scríbhneoirí tairbhe as Rúisis na ndaoine. Sa chéad chuid den 18ú haois bhain Antiochus Kantemir, Vasily Trediakovsky, Mikhail Lomonosov agus eile úsáid as an ngnáth-theanga mar uirlis liteartha. Sa chéad ghlúin eile tháinig filí, drámadóirí agus prósóirí, agus deirtear gurb é Nikolay Karamzin a chum teanga liteartha nua-aimseartha na Rúisise.

Ré na gaisce[cuir in eagar | athraigh foinse]

Alexander Pushkin
Mikhail Lermontov

Cumadh litríocht iontach i Ruisis sa 19ú haois. Vasily Zhukovsky agus a dhalta coimirce Alexander Pushkin, beirt fhilí, a tháinig chun tosaigh ar dtús. Deirtear gurb é Pushkin a rinne rud fíorghreanta den Rúisis i gcúrsaí litríochta, agus lean a lán filí eile é - Mikhail Lermontov, Yevgeny Baratynsky, Konstantin Batyushkov, Nikolay Nekrasov, Aleksey Konstantinovich Tolstoy, Fyodor Tyutchev agus Afanasy Fet.

Ivan Turgenev
Nikolai Gogol

Bhláthaigh an prós freisin. Nikolaí Gogol, úrscéalaí greannmhar aorach, ba chuid suntais ar dtús, agus shaothraigh Nikolai Leskov, Ivan Turgenev agus Mikhail Saltykov-Shchedrin an t-úrscéal agus an gearrscéal ina dhiaidh. Tháinig clú ar leith ar thriúr eile - Ivan Goncharov. Leo Tolstoy agus Fyodor Dostoyevsky - agus sa dara cuid den 19ú haois rug Anton Chekhov an barr leis mar ghearrscéalaí agus mar dhrámadóir.

Leo Tolstoy
Fyodor Dostoyevsky

Bhí drámadóirí suimiúla eile ann ar nós Aleksandr Griboyedov and Aleksandr Ostrovsky, agus bhí éileamh ar shaothar Ivan Krylov, fabhalscéalaí. Scríobh Alexander Herzen, smaointeoir liobrálach, prós conspóideach, agus bhí Vissarion Belinsky ar dhuine de chriticeoirí móra na linne.

Anton Chekhov
Ivan Bunin

Bhí na fir faoi lánréim i litríocht na Rúise sa 19ú haois, rud a rinne neamhchosúil le litríochtaí na Breataine agus na Fraince í agus gan leithéidí mhuintir Brontë, George ElliotGeorges Sand inti. Ba mhinic údair Rúiseacha ag scríobh go dáimhiúil faoi chás na mban, ach d'fhág an dearcadh fireann a rian ar an scéal. Áitítear, mar shampla, gur ciall uasal chlasaiceach a bhíonn le féinmharú na bhfear sa litríocht, murab ionann is féinmharú na mban agus gan de bhrí leis ach racht pearsanta.[1]

Ré airgeata[cuir in eagar | athraigh foinse]

Anna Akhmatova

Tháinig bláthú mór ar an bhfilíocht i dtús an 20ú haois, agus clú ar ghlúin ar bhain Alexander Blok, Sergei Yesenin, Valery Bryusov, Konstantin Balmont, Mikhail Kuzmin, Igor Severyanin, Sasha Chorny, Nikolay Gumilyov, Maximilian Voloshin, Innokenty Annensky agus Zinaida Gippius léi. Tá iomrá ar leith le Anna Akhmatova, Marina Tsvetaeva, Osip Mandelstam agus Boris Pasternak.

As an 19ú haois a fáisceadh na filí úd ó cheart, agus bhí filí radacha ann a dhiúltaigh don traidisiún sin: Velimir Khlebnikov, David Burliuk, Aleksei Kruchenykh and Vladimir Mayakovsky.

Bhí údair eile ann arb í an prós is mó a luaitear leo: Aleksandr Kuprin, Ivan Bunin, Leonid Andreyev, Fedor Sologub, Aleksey Remizov, Yevgeny Zamyatin, Dmitry Merezhkovsky agus Andrei Bely.

An fichiú haois: Litríocht Shóivéadach agus litríocht na ndeoraithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig borradh faoin méid grúpaí liteartha radacacha i dtús na ré Sóivéadaí. Bhí tábhacht ar leith le dream Oberiu agus baint ag Nikolay Zabolotsky, Alexander Vvedensky, Konstantin Vaginov agus Daniil Kharms, éigiallach cáiliúil, leo. Bhí Andrei Platonov agus Yuri Olesha, úscéalaithe, agus Isaak Babel agus Mikhail Zoshchenko, gearrscéalaithe, ar na scríbhneoirí a thug faoi shaothrú na teanga ar shlite nua.

Mhaolaigh ar an radachas liteartha sna tríochaidí nuair a tháinig an réalachas Sóivéadach i réim. Bhí fáilte roimh Maxim Gorky, Mikhail Sholokhov (a bhain Duais Nobel na Litríochta) agus Aleksey Nikolayevich Tolstoy. Ba dhocht iad na rialacha nua agus níor foilsíodh saothair nár chloígh leo, cé gur éirigh le Ilf and Petrov, aoraithe clúiteacha, úrscéalta a chur amach faoi chluanaí de bhithiúnach.


Lean scríbhneoirí éigin orthu ag scríobh sna tríochaidí agus ina dhiaidh sin agus gan súil acu go bhfoilseofaí ar chum siad. Orthu sin bhí Mikhail Bulgakov, údar An Máistir agus Máiréad (Мастер и Маргарита) agus Boris Pasternak, údar a bhain Duais Nobel na Litríochta le An Dochtúir Zhivago (Доктор Живаго). Bhí cuid eile ag scríobh agus iad ina ndeoraithe: Vyacheslav Ivanov, Georgy Ivanov agus Vladislav Khodasevich (filí), Gaito Gazdanov, Mark Aldanov agus Vladimir Nabokov (úrscéalaithe) agus Ivan Bunin, gearrscéalaí a bhain Duais Nobel na Litríochta.

Cead agus neamhchead[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh "Maolú Khrushchev" (i ndeireadh na gcaogaidí agus i dtús na seascaidí) ar sochar don litríocht sa mhéad gur cheadaigh sé saoirse éigin intinne agus cumadóireachta. Chruinníodh na sluaite chun filíocht a chloisteáil á léamh ag Yevgeny Yevtushenko, Andrei Voznesensky, Robert Rozhdestvensky agus Bella Akhmadulina.

Aleksandr Solzhenitsyn

D'éirigh le heasaontóirí ar nós Varlam Shalamov, Aleksandr Solzhenitsyn (a ghnóthaigh Duais Nobel na Litríochta) agus Vasily Grossman cuid dá saothar a fhoilsiú sna seascaidí, ach níor mhair an Maolú chomh fada leis na seachtóidí. Bhí ar a lán scríbhneoirí a dtír a fhágáil: D'imigh Solzhenitsyn, Joseph Brodsky (Duais Nobel na Litríochta), Vasily Aksyonov, Eduard Limonov, Sasha Sokolov agus Sergei Dovlatov. Bhí éileamh ar ar scríobh siad, áfach, i bhfoirm "féinfhoilseachán" (samizdat) a chuireadh léitheoirí amach de lámh.

Bhí dúil ag daoine i bhficsean bleachtaireachta agus spiaireachta sna seachtóidí agus é á sholáthar ag údair ar nós Arkady agus Georgy Vayner, beirt dearthár, agus Yulian Semyonov.

Boris Strugatsky, an duine ab óige de dheartháireacha Strugatsky.
Kir Bulychev

Ficsean eolaíochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig an t-uafás ficsean eolaíochta as an Aontacht Shóivéadach agus baint ag an gcuid ba dhéanaí de le clár spáis na tíre. Ach bhí údair sa seánra roimh na seascaidí, ar nós Alexander Belyayev, Grigory Adamov, Vladimir Obruchev, Aleksey Nikolayevich Tolstoy agus Alexander Kazantsev.

Tharraing an seánra cuma nua air féin sna seascaidí, agus rian na fealsúnachta, na heitice, na hútóipeachais agus an diostóipeachais air. Ar fhicsean eolaíochta sóisialta is mó a bhí tóir mar fhosheánra.[2] Seánra eile is ea an fhantaisiocht spáis, cé nach mór an meas atá air.

An saol iar-Shóivéadach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Vladimir Sorokin
Boris Akunin
Sergey Lukyanenko

Níor tharla an bláthú céanna i ndeireadh an 21ú haois is a tharla i dtús na haoise, ach bhí scríbhneoirí maithe ann. Bhí an-suim ag daoine i Victor Pelevin, gearscéalaí agus úrscéalaí, i Vladimir Sorokin, údar drámaí agus úrscéalta, agus i Dmitry Prigov, file.

Tá guth na mban le cloisteáil níos soiléire, agus gearrscéalaithe mná ar nós Tatyana Tolstaya agus Lyudmila Petrushevskaya ann, gan trácht ar Lyudmila UlitskayaDina Rubina, úrscéalaithe.

Tá tóir mhór i gcónaí ar scéinéirí agus ar scéalta bleachtaireachta. Bhí ráchairt an domhain ar shraithúrscéalta bleachtaireachta le Alexandra Marinina, Polina Dashkova agus Darya Dontsova sna nóchaidí, agus i dtús an 21ú haois bhí blas níos liteartha ar úrscéalta Boris Akunin faoi Erast Fandorin, bleachtaire de chuid an 19ú haois.

Níor tháinig aon laghdú ar an dúil atá ag léitheoirí i bhficsean litríochta agus i bhfantaisíocht, dúil atá á sásamh ag Sergey Lukyanenko, Nick Perumov agus Maria Semenova. Údair ón Úcraín a scríobhann cuid mhaith den fhicsean eolaíochta atá anois ann - H. L. Oldie, Alexander Zorich, Marina agus Sergey Dyachenko, Yuri Nikitin agus Andrey Valentinov. San Úcraín freisin atá cónaí ar Andrey Dashkov, máistir na scéalta uafáis.

Tá an t-úrscéal clasaiceach á shaothrú fós, a bhuíochas sin ar leithéidí Mikhail Shishkin agus Vasily Aksyonov.

Dmitry Vodennikov agus Andrey Rodionov ar na filí is fearr den ghlúin nua.

Thar lear[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le linn an Aontais Shóivéadaigh rinne údair ar nós Vasil Bykaŭ ón mBealarúis, Chinghiz Aitmatov ón gCirgeastáin agus Fazil Iskander ón Abcáisleabhair a scríobh i Rúisis. Tá údair ag scríobh i Rúisis in Iarthar Eorpa, i Meiriceá Thuaidh agus in Iosrael - úrscéalaithe ar nós Mikhail Shishkin, Rubén Gallego, Svetlana Martynchik agus Dina Rubina, agus filí ar nós Alexei Tsvetkov agus Bakhyt Kenjeev.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Lilly, I. K. 'Imperial Petersburg, Suicide, Russian Literature,' The Slavonic and Eastern European Review 72, no. 3 (1994): 401–23
  2. Encyclopedia Britannica. http://www.britannica.com/EBchecked/topic/528857/science-fiction/235713/The-evolution-of-science-fiction

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]